Jump to content

Page:An t-oileanach.djvu/171

From Wikisource
This page has been proofread.

maid amach agus ní bhrisfeadh sé ubh fiaidh fé n-a chosa. Dar leis go raibh an séala ar an ngnó.

Mo dhriofúr Máire do bhí i Meirice agus tagaithe abhaile agus pósta thar n-ais, do chualaidh sí go raibh Diarmaid, réic, ’ár dtigh-ne agus cleamhnas ar bun aige ann agus do ghluais sí féachaint arbh’ fhíor é. Do h-innseadh di mar bhí, ach ba bheag uirthi an scéal agus do bhreac sí amach do’n mbeirt aosta cad é an oibliogáid a leanfadh an té ná pósfadh duine béal-dorais ach a cheanglochadh le dream eile bhí i bhfad ó bhaile agus ná beadh cabhair ná congnamh le fagháil uatha lá an ghádhtair.

Do bhí cailín maith deigh-eolais beartaithe aici féin go raibh a muinntir ar an mbaile chun cabhair a thabhairt dúinn an uair ba ghádh é agus do chrom sí ar bheith ag léiriú mar seo dhúinn, fé mar bheadh bean ag léigheamh na Liodán, nó gur dhein sí comh mín le cat sinn, tré n-a chéile.

An chéad fhear do bhí pósta aici féin do bhí leanúnachas mór ar an dtreibh sin aici do shíor agus inghean dritheár do dob’ eadh an cailín seo bhí beartaithe aici dhúinn-ne go raibh an moladh go léir aici uirthi agus níor mholadh fallsa aici é. Drifiúr do’n Rí, atá ar an mBlascaod anois, í ach ná raibh an teideal rí aige an uair sin ná i bhfad ’n-a dhiaidh. Tá mo dhrifiúr Máire, a dhein an cleamhnas, curtha ó mhí na Nodlag 1923 agus í i n-aois a ceithre fichid an uair sin. Gur i bhFlaithis Dé d’á h-anam.


Seachtain ó’n lá san do bhí beirt againn pósta—Tomás Ó Criomhthain agus Máire Ní Chatháin—sa tseachtain deirinneach d’Inid, 1878. Níor lá go dtí é ar an mBuailtín. Bhí cheithre tigh ann agus bhí tamall ins gach tigh aca go raibh an lá mall go maith. Do bhí an tsráid-bhaile lán de dhaoine mar do bhí a lán de phóstaí eile ann. Do bhí cúig bheidhleadóirí ann, fear ins gach tigh ag mealladh dreama chuige féin agus bhí fear eile aca ná raibh i n-aon tigh ach i gcorp