agus greann agus caitheamh aimsire insa dá thigh age muinntir an bhaile go léir. N’fheadar an ndubharthas oiread amhrán Gaedhealach ar aon dá phósadh riamh leis an dá phósadh so. Níor stad guth go h-eadartha lár-na-mháireach insa dá thigh ach go ndubhairt cailín Thráighlí ceann nó dhó as Béarla. Do bhí athair a céile ag rinnce ar bhórd agus dob’ éigean gallúnach a chur fé’n mbórd do mar do bhí cuid mhaith ag rinnce roimis air. Rinnceóir iongantach dob’ eadh é; ach do bhí braon caithte aige agus níor mhór an gheáitseáil a bhí déanta aige an t-am gur baineadh dá bhonnaibh é ach má ’seadh do ghaibh sé a bhuinn ar an úrlár agus do chríochnuigh an step comh deas agus do chonnac riamh é.
Is nós insa Bhlascaod riamh agus fós é pé rud a chuireann cuid aca ar bun go mbíonn an chuid eile go léir d’iarraidh an rud céadna do dhéanamh. Bliain do phósfadh a mbeadh ann agus seacht mbliana ’n-a dhiaidh sin ná pósfadh aenne ann.
Ag tagairt do’n bhliain seo ar siubhal agam atáim—mar nár fhan cailín ná buachaill gan pósadh ann sara raibh an Inid amuich.
Tar éis mo thuruis dom féin ceann de sna h-oidhcheannta, agus smut maith de’n oidhche caithte, cé bhraithfinn istigh romham ná Diarmaid na gaoithe agus do bhí fuaim aige ’n-a ghuth má bhí riamh agus é ag déanamh leibhéil do’n mbeirt aosta cad é an ciotaighe dhéanfadh sé dhóibh a bheith bliain eile gan cabhair ná congnamh, “agus b’fhéidir dhá bhliain,” ar seisean. “Agus tá tuairisc agam-sa chughaibh ó’n gcailín is fearr do bhris an t-arán riamh, agus is fearr agus is breaghtha ar gach cuma.”
Níor leigeadar an scéal ar lár tar éis mise do dhul isteach agus do coimeádadh ar siubhal i bhfad é nó go raibh gach duine do bhí istigh sásta glan, adéarfá; cé go raibh scrúdú eile le bheith fós ar an scéal, mar ná raibh an chomhairle go léir láithreach. Pé aca san é do bhuail Diar-