Page:An t-oileanach.djvu/169

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

An baile céadna i nDúnchaoin go mbíodh staidéar ar an mbuachaill sin is ann a bhíodh sé orm-sa mar do bhí duine muinnteartha liom ann agus beirt. Is amhlaidh a rug an aimsir amuich orainn an babhta san tar éis pósadh an tseoidh seo thuas; mar bhíos-sa air, agus me gairid i ngaol leis an gcailín, leis, agus is agam ná raibh an milleán uirthi i dtaobh an ruda a dhein sí; mar beatha duine a thoil, agus is smut de é.

Sara ráinig linn-ne dul abhaile do bhí maighre Thráighlí i nDúnchaoin. Ar maidin amáireach do bhuail an t-óigfhear gur imigh an bhean uaidh an doras go rabhas.

“Is dócha,” ar seisean, “go mbeadh leisce ort dul ar an mBuailtín i n-éineacht liom.” Annsúd a bhí an sagart.

“Cad é an fáth go bhfuil dabhat agat ann?” arsa mise.

“Ó thu bheith cheana ann go geairid; agus rud eile, ó’n uair nár shroicheas féin agus do bhean mhuinnteartha a chéile,” ar seisean.

“Nach cuma dhuit má shroicheann an tarna bean chughat,” arsa mise.

“Am baiste, mhuise, b’fhéidir go bhfuil an ceart agat! agus níl sí agam fós,” ar seisean.

Ar shroichstint an Bhuailtín dúinn do bhí a lán daoine bailithe ann, fear an tarta, fear na gcleas, fear an ghrinn. An t-am go raibh beirt an Bhlascaeid le pósadh do lean a ndream féin iad. Sin é an uair a fuaireas aithne ar an óg-mhnaoi agus, geallaim-se dhuit, dábur ó phríomh-chathair Éireann í nár náireach do’n gcathair í. Tar éis an tséipéil tigh an tábhairne an tigh eile a baineadh amach, áit go raibh cnagarnach óil agus rinnce, amhráin agus gach cleas eile do bhain le caitheamh aimsire. An uair a bhí sé ag déanamh ar a deich do bhí na daoine ag scaipeadh. Chífeá fear idir bheirt fhear ag imeacht agus an bhean a bhain leis ’n-a dhiaidh aniar agus gan í sin ’n-a tost.

Aon lá amháin iseadh tháinig an dá chóisire isteach. Do bhí dóthain an Oileáin de gach ní aca; agus do bhí rangcás