do mhuca. Bhíodh cúpla bó againn. Ar ghealadh an lae—caitheamh díom anuas, gan luid ach drárs, raca chun feamnaighe bhailiú agam, me amach go muineál sa bhfairrge; í chur ar bharra na h-aille annsan, í tharrac, í leathadh; gan té ná siuicre ach bainne, arán is iasc. Ba chomh-luath insa tráigh me nó insa chnoc, seal eile chun fairrge, seal ag marbhú róinte, seal i mbád mór saighne. A am féin ar gach gnó aca so. Do bhí na róinte cúntúrthach go maith. Bhíodh na daoine ag rith le n-a chéile go dtí iad am áirithe de’n bhliain; lá an tarraic mhóir i bPoll na Baise; gan sa pholl san ach slí duine ar faobhar d’iarraidh snáimh do dhéanamh ann; i scoilteán mara d’iarraidh róinte móra do mharbhú istigh agus iad a thabhairt amach thríd an scoilt sin. Ba dhóbair, lá, gurbh ann do bheadh deire mo shaoghail, fé mar innseas cheana, nuair a bhí m’úncail ’á bhádh’ agus an téad briste air.
Ó phósas do bhínn ar mo dhícheall mar sin d’iarraidh soláthar chun an tighe agus d’iarraidh mo chuid de gach ní bhíodh ag imeacht a bheith agam. Bhí m’athair i bhfad ’n-a chongnamh maith dom amuich is istigh.
Do saoluigheadh deichniúr clainne dhúinn ach níor lean an rath iad san, go bhfóiridh Dia orainn! An chéad duine riamh a baisteadh dom bhí sé a seacht nó a hocht de bhlianaibh nuair a thuit sé le faill agus marbhuigheadh é. As san amach níor thapúla duine orainn ná dinn. D’imigh beirt leis an mbruitínigh agus ní raibh galar d’á dtagadh ná beireadh duine éigin uaim. Bádh Domhnall d’iarraidh an bhean-uasal a thabhairt slán leis ar an dTráigh Bháin. Do bhí buachaill breagh eile agam, ag tarrac chugham. Ní ró fhada bhí an t-am gur tógadh uaim é.
Do ghoill buairt na neithe sin go léir ar an máthair bhoicht agus tógadh uaim í. Ní rabhas dall ar fad go dtí san. Nár dhallaidh Dia sinn. Bhí naoidhneán beag ’n-a diaidh—ach go raibh cailín beag fásta suas a thug aire dhi—ní raibh sí ach fásta suas san am gur glaodhadh uirthi chomh maith leo.