“Dhera!” arsa mo mháthair, “cad a choimeád chomh fada sibh i ndiaidh na mba a leithéid d’oidhche fhuar láidir?”
D’innseas an fhírinne dhi.
“Mhuise, ní mór don bhfile féin a bhfuil de chéill aige agus bheith i mullach cnuic go dtí anois,” ar sise. “Tá do chuid bidh fuar anois ort.”
Do chlabas siar dosaon práta do bhí lag-fhuar go maith ach go raibh braon de bhainne the agus iasc te agam leo agus annsan do bhuaileas amach dom féin arís. Do bhí tigh áirithe ar an mbaile go mbíodh na h-óga go léir bailithe ann, idir bhuachaillí is chailíní, go meán oidhche. Chun sórt tuairisce thabhairt ar a’ dtigh sin dom agus ar na h-ógaibh a bhíodh i dtreo a chéile ann, is laochas liom le rádh nár thuit aon rud riamh mí-cheart amach eatartha le seacht mbliana agus trí fichid dom.
Do chaitheamair an oidhche ag rangcás le chéile go raibh sé siar san oidhche go maith. Thánga abhaile agus do chuas a chodladh.