Séadna/29

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 29
[ 242 ]
CAIBIDIOL A NAOI A’S FICHE.

Tar éis chleamhnais Shadhbh agus Chormaic níor bh’ fhada gur déineadh dhá chleamhnas eile. Déineadh cleamhnas do Bháb an Leasa le driotháir do Nóra an Tóchair, agus déineadh cleamhnas do Nóra féin le fear de mhuíntir an rígh. Bhuail sé uimpi ar pháirc an aonaigh an lá do roinneadh na capaill. Bhí tigh sa chathair aige, i n-aice an tíghe n-a raibh Cormac agus Sadhbh le dul chun cómhnuighthe ann. Chómh luath agus chuaidh sé abhaile d’iar sé cead a chos ar feadh mí agus do fuair. Tháinig sé agus phós sé Nóra agus rug sé leis í. An driotháir léi a bhí gan pósadh d’imthigh sé i n-aonfheacht leó, ag brath air go bhfaghadh sé inead i n-arm an rígh. D’fhág san an Tóchar agus a raibh ann ag an mBáb agus agá fear.

Nuair a bhí an méid sin déanta chuaidh gach aon rud chun suaimhnis. Aon lá, as san amach, dá mbéitheá ag gabháil thar an dtigh úd Shéadna, d’aireóchthá, mar ba ghnáth, mion-bhuillí na gcasúr mbeag, bog-fheaduíol na bhfear, tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh. Dá dtéidhtheá isteach do chífeá an chathaoir shúgáin agus an mhealbhóg, agus d’aireóchthá an anál fhada throm ó Shéadna féin, agus é ag obair go dian. Ach níorbh bhfios cathain airigh aoinne “greadadh” ná “duais” ar an “gCailligh Ruainnigh” aige.

Ní fheicfeá Micil ann. Bhí sé thíos i dtigh Dhiarmuda Léith ag coimeád an tsiopa agus ag díol an leathair agus ag glacadh an airgid, agus isé a bhí, dar leis féin, i n’ fhear bhunúsach, chreideamhnach. Ba dhóich leat [ 243 ]air ná curfadh sé aon bhlúire iongnadh air dá n-iartí air urúdhas a dhéanamh ar leath na paróiste.

Fé mar a bhí an aimsir ag imtheacht bhíodh daoine ’ghá thabhairt fé ndeara go raibh athrughadh ag dul ar mheón agus ar aigne agus ar bheusaibh Shéadna. Thuig an uile dhuine gur duine fé leith riamh é, agus meón fé leith aige agus aigne fé leith. Bhí sé ’n-a luíghe ortha go léir, pé muíntearthas a bhéadh agat leis, ná béadh aon bhreith agat choídhche ar aon eólus dh’fhághail ar an dtaobh istigh d’á aigne. Ach mhothuigh daoine, nó mheasadar gur mhothuigheadar, nár bh’ é an Séadna céadna é, le déanaighe. Níor ghnáth leis puínn cainte dhéanamh riamh, ach le déanaighe is ar éigin a labhradh sé i n-aon chor le h-aoinne. Nuair a labharthaí leis is beag an chaint a baintí as, ach an méid a baintí, ba chaint chiúin réidh í.

Uaireanta chomáineadh sé leis ag obair chómh dian san go mbíodh na sruthana alluis leis. Uaireanta eile d’ fhanadh sé faid gach n-fhaid agus a uille chlé ar a leath-ghlúin aige, a lámh chlé fé n-a ghiall aige, agus é ag feuchaint an dorus amach agus anonn ar an gcnuc, agus gan cor aige d’á chur dé ach mar a bhéadh sé gan anam gan anál. Is minic, nuair a bhíodh sé sa mhachtnamh san go bhfeictí an lámh dheas istigh ’na bhrollach aige, fé mar a bhéadh greim daingean aige ar rud éigin a bhíodh ann i bhfolach aige. Nuair a thagadh sé a’ machtnamh de’n tsórd san do ghluaisigheadh anál as a chliabh agus osna ó n-a chroídhe nár bh’fhearr-de thú bheith ag éisteacht leis. Bhíodh iongnadh a gcroídhe ar na fearaibh, ach ní leigidís aon ní ortha. Is amhlaidh a bhíodh eagla acu roimis. Ní fheadaradar ó thalamh an domhain cad a bhíodh air. Ní bhíodh acu le rádh ach an rud úd a dúbhairt Micil le n-a mháthair an chéad lá a thug sé fé ndeara é, nár bh’fholáir nó bhí buairt mhí-chuíbhsach éigin air. Ach cad í an bhuairt [ 244 ]í, nó cad fé ndear í, ní raibh aon phioc d’á chúntas acu.

Thug Seághan Ceatach fé ndeara an t-athrughadh. Thug sé fé ndeara an sníomh a bhí ar chroídhe agus ar aigne an duine, ach bhí sé níos daille ’ná riamh ar cad fé ndear é. B’ shin í Sadhbh pósta agus gan focal ó aoinne i dtaobh aon gheallamhna phósta idir í féin agus Séadna. Ó’n lá a bhí Séadna féin thiar ag an dtigh ag caint le Máire Ghearra níor labhair sise amach as a beul oiread agus aon fhocal amháin i dtaobh an chleamhnais ná i dtaobh na cainte a bhí eatartha. Tháinig sgéalta eile ar chleamhnaisíbh chúca ach ní leigeadh sí d’á h-athair aon tsuím a chur ionta. Ní thugadh sí de chúis dó ach ná taithnidís léi.

Bhí sé leathta ar fuid na dúithe an mearbhall aigne bheith ar Shéadna, ach nuair a chonaic daoine na mná úd go léir a bheith pósta agus gan blúire suime curtha aige-sean sa sgéal, is amhlaidh mar a bhí an sgéal ag lucht cainte bhíodar i gcruadh-chás. Ba mhaith leó a rádh gur b’amhlaidh a bhí sé ag cailleamhaint a mheabhrach i ndiaigh dhuine éigin de na mnáibh úd, ach ní fhéadfaidís é sin do rádh. Bhí sé ar an dá chóisre eile, chómh maith le cóisre Shadhbh, agus ba ró fhuirisde a aithint ná raibh aon bheann aige ar aoinne de’n bheirt bhan eile ach chómh beag agus a bhí aige ar Shadhbh. Ní fhéadfaí a rádh go raibh sé ag cailleamhaint a mheabhrach mar gheall ar Mháire Ghearra mar ní raibh aoinne ’ghá breith uaidh. Ba mhaith le lucht na cainte a rádh gur b’ amhlaidh a bhí ag dul d’á chiall, gur b’ amhlaidh a bhí straighin éigin air a bhain le n-a chuid fola nó le n-a dhúchas. Ach ní fhéadfaidís sin do rádh mar ní raibh fear sa pharóiste ba chruinne breitheamhantas ’ná é, na ba ghasda cómhairle ’ná é, ná ba ghéar-chúisíghe ar mholadh beirte ’ná é. B’é crích an [ 245 ]sgéil é go mb’ éigean do lucht na cainte eiríghe as mar sgéal. Theip ortha teacht thíos ná thuas air.

Bhí a fhios ag Séadna féin, ámhthach, go dian mhaith, cad a bhí air. Bhí an bhliaghain déanach des na trí bliaghna déag ag imtheacht ar cos-anáirde. Fé mar a bhí sé ag druidim le deire na h‑aimsire bhíodh an fear bocht ag cuimhneamh níos géire agus níos coitchianta ar cad a bhí roimis, go dtí gur bh’ ar éigin a sgaradh an smaoineamh choídhche leis. Bhíodh a leithéid sin de shníomh agus d’ fhásgadh ar a chroídhe agus ar a aigne ó’n síor-mhachtnamh ar an aon smaoineamh amháin sin go samhluigheadh sé uair a’ chloig níos sia ’ná lá, an fhaid a bhíodh an uair a’ chloig ag imtheacht; agus ansan, nuair a bhíodh an uair an chloig imthighthe gur dhóich leis ná raibh dhá neómat inti. Shamhluigheadh sé an lá, an fhaid a bhíodh an lá d’á chaitheamh, níos sia ’ná seachtmhain, agus nuair a bhíodh an lá caithte do mheasadh sé ná bíodh fiú aon uair a’ chloig amháin ann. Shamhluigheadh sé gur shia an oídhche ’ná bliaghain, agus nuair thagadh an mhaidion shamhluigheadh sé ná bíodh aon oídhche i n‑aon chor ann. Ach, idir uair a’ chloig agus neómat agus oídhche agus lá, shamhluigheadh sé gur bh’ amhlaidh a bhídís ag baint an bhóthair d’á chéile, bhí a leithéid sin de choisigheacht fútha ag imtheacht – agus gan idir é agus deire na h‑aimsire ach an méid a bhí gan imtheacht díobh!

Is minic, tar éis dul a chodla dhó, nuair a bhíodh sé sínte ar a leabaidh agus gan aon néal codlata ag teacht air, ach a chroídhe ag cur dé agus a dhá shúil ar dian-leathadh, go n‑éirigheadh sé agus go n‑imthigheadh sé amach agus suas an cnuc, go dtí go mbíodh sé ar an bplásóig chúnlaigh mar ar thug an bhean chos-nochtaithe an tseóid uasal dó. Bhíodh sé ag brath air go mb’ fhéidir go bhfeicfeadh sé ann airís í. Ní fheiceadh, ach ní bhíodh a [ 246 ]chuaird i n-aisdear aige. Thuigeadh sé i n’ aigne go mbíodh sí ansúd i n-aice leis agus go n-airigheadh sí a chaint agus go dtuigeadh sí an bhuairt a bhíodh air. Bhíodh sé ag aighneas léi agus ag iomaigh léi nuair ná taisbeánadh sí í féin dó. Bhíodh sé ag rádh na bhfocal a dúbhairt sise leis an lá chonaic sé í, agus ’ghá gcur i gcuimhne dhi, agus ’ghá fhiafruíghe dhí ar chuimhin léi an gheallamhaint a thug sí dhó, agus ’ghá iaraidh uirthi, as ucht an tSlánuightheóra, gan cailleamhaint air nuair a thiocfadh an t-anaithe. Ní thagadh guth ná focal uaithi, ach má ’seadh ní bhíodh sé gan freagra ar a chaint. Do buailtí isteach i n-a aigne uaithi, chomh maith agus dá labhradh sí, “nár ghádh dhó aon eagla bheith air ach a mhainíghín a bheith as Dia aige.” Nuair a bhíodh tamall de’n oídhche caithte mar sin aige ’n-a teannta ar an gcnuc thagadh suaimhneas air. Do bhogadh an sníomh agus an fásgadh d’á chroídhe i dtreó go mbíodh iongnadh air cad a bhaineadh an buaireamh dé. Nuair a chíodh sé amhsgarnach an lae ag teacht thugadh sé aghaidh ar an mbaile agus théidheadh sé agus shíneadh sé ar an leabaidh, mar ’dh eadh go mbíodh an oídhche caithte aige inti.

Fé dheire ambasa bhí an lá deirineach buailte leis.

“Trí bliaghna déag a’s lá amáireach,” ar seisean i n’ aigne féin, “iseadh fhágas an baile chun raint leathair do cheannach. Bhí trí sgillinge am’ póca agam. Níor bh’fhada le dul iad ach ní raibh agam ach iad. Do h-iaradh orm iad, ar son an tSlánuightheóra. Thugas uaim iad. Ní raibh leigheas agam air sin. Conus fhéadfainn iad do choimeád! Ní raibh agam ach iad. Bíodh ná raibh níor liom féin iad. Is le Dia gach nídh. Ní bhéinn ach ag coimeád a choda féin uaidh, moladh go deó leis! Níor choimeádas iad ar aon chuma, pé rud a thiocfaidh as dom anois.——Do cuireadh brígh na mionn orm, go [ 247 ]daingean.— Ghlacas orm é, go daingean— le m’ thoil mhacánta.”

Bheireadh sé ar bhróig agus chromadh sé ar obair. Ba ghearr go gcaitheadh sé uaidh airís í. Bhuaileadh sé amach agus d’fheuchadh sé ’na thímpal, fé mar a bhéadh súil aige le duine éigin a theacht. Cheap na fir gur ag súil le duine éigin a bhí sé agus gur dhócha gur ghearr go dtiocfadh an duine n-a raibh an tsúil leis. Dá mbéadh a fhios acu cé leis go raibh an tsúil is dócha gur ghearr an mhoill a dhéanfaidís sa n-áit! Ní raibh aon bhlúire d’á fhios acu, agus chomáineadar leó ag obair ar a ndícheal. Nuair a bhí sé i n-a am staid d’éirigheadar chun imthighthe abhaile.

“Stadaigh, a fheara,” arsa Séadna. “B’fhéidir go ráineóch’ go mbéinn as baile amáireach agus ná béinn anso i n-am chun páigh na seachtmhaine thabhairt daoibh. Ta sé chomh maith agaibh an t-airgead do ghlacadh anois. Ní mheasaim go bhfuil aon bhaoghal ’ná go ndéanfaidh sibh an obair go macánta.” Agus shín sé chúca an t-airgead.

Chomh luath agus bhíodar imthighthe chun siúbhail chuir sé an cnuc amach dé. Bhí faill árd ar an dtaobh thuaidh de’n chnuc. Faill na bhFiach a tugtí mar ainim uirthi. Chuaidh sé agus shuigh sé ar mhullach na faille sin. Bhí sé ag feuchaint uaidh síos ar na caraigreacha briste a bhí thíos ag bun na faille agus bhí sé ’ghá chuimhneamh i n-a aigne cad é an briseadh a gheabhadh cnámha duine dá gcaithtí le fánaigh é. D’fhág sé an áit sin agus d’imthigh sé an cnuc siar go dtí go raibh sé ar bhara cnuic eile a bhí ar an dtaobh thiar de’n ghleann. Caraig na Madraí dob’ ainim do’n chnuc eile sin. Chuaidh sé isteach i bpluais sa chnuc san. Leaba Dhiarmuda ainim na pluaise. Bhí pluais eile ar aghaidh na pluaise sin [ 248 ]anonn gur bh’ainim dí Leaba Ghráinne. D’fhan sé sa phluais ar feadh tamaill mhaith, ag cuimhneamh ar ar airigh sé riamh de sgéalta breaghtha Fiannuigheachta, ar Dhiarmuid agus ar Ghráinne agus ar Fhionn agus ar an bhFéinn agus ar a ngnóthaíbh go léir. Nuair a bhí tuitim na h-oídhche ann d’fhill sé chun na plásóige agus do luígh sé inti. Bhí an aimsir tirim agus an spéir glan. Bhí an cúnlach go breagh tirim teith mar bhí an ghrian ag taithneamh ar an bplásóig i gcaitheamh an lae. Bhí aghaidh na plásóige ó-dheas, i dtreó go raibh foithin inti ó pé leóithne beag gaoithe a bhí ann, mar is a-dtuaidh a bhí an ghaoth. Bhí sé sínte sa phlásóig ag éisteacht le cogarnach agus le h-anál na gaoithe laige tríd an bhfraoch ’na thímpal agus gan aon phioc de’n ghaoith ag teacht air féin. Ó ’n suathadh a thug sé dhó féin ag siúbhal an chnuic, agus ó bhrothal an chúnlaigh, agus ó’n seothó úd na gaoithe tríd an bhfraoch, ba ghearr go raibh an fear bocht ’na chodla go sámh.

Tráth éigin sa n-oídhche do mhothuigh sé mar a bhéadh lámh duine ar a cheann, agus d’imthigh a chodla dhé. D’imthigh a chodla dhé chómh glan san gur mheas sé ná raibh meaghchaint ruibe i n-aon bhall d’á bhallaibh beatha. D’fheuch sé thairis. Bhí sí ansúd ar a glúinibh agá ghualainn chlé agus lámh léi ar a cheann aici agus í ag feuchaint isteach ins na súilibh air. An bhean chos-nochtaithe isí a bhí ann. D’ fhan sé ag feuchaint uirthi agus í ag feuchaint isteach ’n-a shúilibh. Bhí an oídhche ’n-a sméaramhán le doircheacht. Bhí radharc aige ar an spéir os a cionn suas. Ní raibh gealach ná réiltín ar an spéir, ach í ’na bróin chíordhubh, go h-árd agus go leathan agus go folamh. Bhí sé ag feuchaint ar ghnúis na mná, ar a súilibh agus ar a h-éadan agus ar a h-aghaidh. Ní raibh de sholus aige chuige ach an solus a bhí ag teacht as an aghaidh féin. Do [ 249 ]lean sé ag feuchaint uirthi. Ní raibh leigheas aige air. Ní fheacaidh sé riamh ’na shúilibh cinn, dar leis, aon aghaidh duine chómh h-áluinn le h-aghaidh na mná san. Dá bhfaghadh sé Éire air ní fhéadfadh sé a shúile a bhogadh dhi. Fé mar a lean sé ag feuchaint uirthi do mhéadaigh ar an áilneacht, agus ar an aoibhneas agus ar an suairceas a bhí ’na h-éadan agus ’na súilibh agus ’na beul, agus í díreach mar a bhéadh sí ag bogadh a béil chun labhartha, agus eisean ag feitheamh go dtiocfadh an focal. Do ghluais an t-aoibhneas san agus an suairceas san isteach tré n-a shúilibh agus siar sa n-inchinn aige agus síos ’na chroídhe agus ’na chliabh, i dtreó gur tháinig a leithéid sin d’áthas air, agus de shásamh aigne, agus de shólás croídhe, gur mhaith leis ná fágfadh sé féin ná ise an áit sin go deó. D’á fhaid agus d’á ghéire fheuch sé is amhlaidh a bhí a h-éadan ag dul i solusmhaire, agus a súile ag dul i n-uaisleacht agus i ngrádhmhaire, agus a beul ag dul i mísleacht agus i séimhe agus i miochaire, agus a h-aghaidh ag taithneamh le breis soluis agus le breis aoibhnis agus le breis suaircis, agus í díreach mar bhéadh sí ag bogadh a béil chun labhartha leis, go dtí gur cheap sé go raibh a chroídhe ag imtheacht as a chliabh amach chuici, le neart áthais agus aoibhnis, agus grádh di.

Fé dheire do labhair sí.

“Táthar chúgat, a Shéadna!” ar sise. “Tá an namhaid nach mór buailte leat,” ar sise. Agus má ba mhór an t-áthas agus an t-aoibhneas bheith ag feuchaint ar a h-aghaidh áluinn uasal, ba mhó ’ná san féin an t-áthas agus an t-aoibhneas bheith ag éisteacht le guth a cainte. Ba chuma le Séadna an domhan cé bhí chuige, ná cá raibh an namhaid, an fhaid a bhí sé ag feuchaint suas uirthi agus ag éisteacht léi, agus a lámh ar a cheann [ 250 ]aici, agus mar bhara ar gach áthas gur thuig sé i n-a aigne gur le báigh agus le h-ionmhuine agus le grádh dó féin a tháinig sí ag triall air, agus a thaisbeáin sí í féin dó.

“A Shéadna,” ar sise, “táthar chúgat go fíochmhar agus go malluighthe. Tá do namhaid ag teacht chun díoghaltais a dhéanamh ort anois mar gheall ar ar dhéinis d’ olc air le trí bliaghna déag. Asdoídhche amáireach a thiocfaidh sé. Tá raint de dhearmhad air. Is dóich leis gur ar uair an mheadhon-oídhche asdoídhche amáireach a bhéidh an aimsir caithte. Ní bhéidh an aimsir caithte go ceann cheithre h-uaire ’chloig ’na dhiaigh san. B’ é an margadh, fé bhrígh na mionn, an sparán a bheith agat-sa, agus é fhanmhaint agat, trí bliaghna déag slán. An lá úd a chuadhais ar an aonach ag ceannach capaill agus bó bainne do tógadh uait an sparán agus bhí sé as do sheilbh-se ar feadh cheithre h-uaire ’chloig. Mise a thóg uait é. Thógas uait é a gan fhios dó-san. Dá gceannuightheá an bhó nó an capall an uair sin, agus airgead do dhíol as an gceannach, bhí an margadh briste agat agus neart dó a thoil d’imirt ort. Nuair a chonac-sa an fuadar a bhí fút do thógas uait an sparán i dtreó dá gceannuightheá nár bhaoghal go ndíolfá. Is chun leathair a cheannach a fuarais an t-airgead. Tá sé ag faire ort riamh ó shin feuchaint an gceannóchthá aon rud ach leathar air. Níor cheannuighis. Ba mhaith an bhail ort féin nár cheannuighis. Do roinnis a lán de’n airgead ar shlíghtibh eile ach níor ghoill san ar an margadh. Ní fhéadfadh aon mhargadh déirc a chosg. Pé airgead a thugais uait ar son an tSlánuightheóra déirc dob’ eadh é. An t-airgead a chaithis ar aon chuma eile, lasmuich de cheannach an leathair, is as an obair a tháinig sé. Leat féin dob’ eadh é.” [ 251 ]“Bheirim a bhuidhchas leis an Athair Síoruídhe a chruthuigh thú!” arsa Séadna, agus é ag feuchaint suas uirthi. Ní mar fhreagra ar a caint a dúbhairt sé an méid sin ach le neart an áthais a bhí istigh ’na chroídhe toisg í bheith ansúd i n-a aice agus é ag feuchaint suas uirthi agus ag éisteacht le ceól-ghuth aoibhinn a cainte.

“Ní’l a fhios aige,” ar sise, “gur chaith an sparán na cheithre h-uaire a’ chloig sin as do sheilbh-se. Bhí fhiachaibh air gan leigint d’aoinne an sparán a bhreith uait. Is dóich leis féin nár leig. Tá sé ag feitheamh le h-uair an mheadhon-oídhche asdoídhche amáireach chun a thoile d’imirt ort agus díoghaltas a dhéanamh ort mar gheall ar a bhfuil d’ olc déanta agat air le trí bliaghna déag, ag tabhairt déarca ar son an tSlánuightheóra amach as an sparán a thug sé féin duit, agus nach chun na déarca dhéanamh a thug sé dhuit é ach le h-ionchas go ndéanfadh sé díobháil agus tubaist agus aimhleas duit féin agus do gach Críosdaidhe a gheabhadh aon leathphinge isteach ’na láimh de.”

“Bheirim a bhuidhchas leis an Athair Síoruídhe a chruthuigh thú,—agus le Críosd a cheannuigh thú,— agus leis an Spioraid Naomh a bheannuigh thú!” arsa Séadna. Nuair a bhí an chaint sin ráidhte aige bhí iongnadh air mar do shamhluigh sé nár bh’ é a ghlór féin a bhí ag teacht as a chliabh ná as a bheul.

“Taisbeán,” ar sise, “an rud úd a thugas duit an lá úd a sgarais leis an óigmhnaoi fhóghanta ar son an tSlánuightheóra.”

Tharaing sé an tseoid amach as a bhrollach agus shín sé chuici í.

“Ní’l sí chómh solusmhar agus a bhí sí an lá úd,” ar sise, “ach ní gearánta dhi,” ar sise, ag glacadh na liarthóide bige isteach ’na láimh. Le n-a linn sin do [ 252 ]las an liarthóid suas airís, ar chroídhe a dearnan, díreach mar a las sí an chéad lá, i dtreó gur bh’ ar éigin fhéadadh Séadna feuchaint uirthi, agus nuair fheuchadh go mbíodh smóla beaga gorma os cómhair a shúl, fé mar a bhéadh ag duine d’ fheuchfadh ró dhíreach ar an ngréin.

“Seo,” arsa ’n bhean, “cuir chúgat airís í. Béidh gnó agat di asdoídhche amáireach.” Agus shín sí chuige an tseóid. Chuir seisean chuige airís ’na bhrollach í, mar a raibh sí cheana aige.

D’ osgail sise a lámh chlé. Bhí an sgilling ansúd ar chroídhe a dearnan, an sgilling chéadna a thug sé dhi an chéad lá úd nuair a bhí sé ag dul ag ceannach an leathair.

“Seo,” ar sise. “Cuir chúgat í seo leis.” Thóg sé an sgilling agus chuir sé chuige í.

“Éist go cruinn anois, a Shéadna,” arsa ’n bhean, “leis an méid atá agam le rádh leat. Asdoídhche amáireach, nuair a bhéidh sé ag déanamh ar uair an mheadhon-oídhche, tóg an chathaoir shúgáin agus cuir í díreach sa n-inead ’na raibh sí an lá úd a ceangaladh í, agus cuir an sgilling sin ar an dtalamh, istigh fé lár na cathaoireach, agus clúdaigh í i dtreó ná béidh sí le feisgint. Imthigh féin ansan agus suigh ad’ shuídhchán oibre agus bí ag obair ar do dhícheal. Nuair a thiocfaidh an namhaid ná leig aon nídh ort, ach lean de’n obair. Nuair a déarfaidh sé leat gluaiseacht abair leis fanamhaint go mbeidh an t-am ann. Má thagan leat é chur ’na shuidhe sa chathaoir béidh an lámh-uachtair agat air. Ach an airighean tú leat mé?” ar sise. “Aon rud a déarfaidh sé leat a dhéanamh, ar do bhás ná déin é. Ná déin aon nídh a déarfaidh sé leat a dhéanamh.”

“Bheirim —– a bhuidhchas —– leis an Athair —– Síoruídhe —–” An fhaid a bhí Séadna ag rádh na bhfocal san, agus é ag teip air iad do thabhairt leis, bhí sise [ 253 ]ag druidim uaidh, ag druidim uaidh, ag druidim uaidh; agus bhí an solus ar a h-aghaidh ag dul i luíghead, ag dul i luíghead, ag dul i luíghead. Bhí fabhraí a shúl san ag dúnadh ar a chéile, ag dúnadh ar a chéile, ag dúnadh ar a chéile. Níor tháinig leis an chaint do chríochnughadh sul a raibh sí imthighthe agus é ’na shámh chodladh.

Caibidiol 29