Page:Seadna.djvu/251

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
247
SÉADNA

daingean.— Ghlacas orm é, go daingean— le m’ thoil mhacánta.”

Bheireadh sé ar bhróig agus chromadh sé ar obair. Ba ghearr go gcaitheadh sé uaidh airís í. Bhuaileadh sé amach agus d’fheuchadh sé ’na thímpal, fé mar a bhéadh súil aige le duine éigin a theacht. Cheap na fir gur ag súil le duine éigin a bhí sé agus gur dhócha gur ghearr go dtiocfadh an duine n-a raibh an tsúil leis. Dá mbéadh a fhios acu cé leis go raibh an tsúil is dócha gur ghearr an mhoill a dhéanfaidís sa n-áit! Ní raibh aon bhlúire d’á fhios acu, agus chomáineadar leó ag obair ar a ndícheal. Nuair a bhí sé i n-a am staid d’éirigheadar chun imthighthe abhaile.

“Stadaigh, a fheara,” arsa Séadna. “B’fhéidir go ráineóch’ go mbéinn as baile amáireach agus ná béinn anso i n-am chun páigh na seachtmhaine thabhairt daoibh. Ta sé chomh maith agaibh an t-airgead do ghlacadh anois. Ní mheasaim go bhfuil aon bhaoghal ’ná go ndéanfaidh sibh an obair go macánta.” Agus shín sé chúca an t-airgead.

Chomh luath agus bhíodar imthighthe chun siúbhail chuir sé an cnuc amach dé. Bhí faill árd ar an dtaobh thuaidh de’n chnuc. Faill na bhFiach a tugtí mar ainim uirthi. Chuaidh sé agus shuigh sé ar mhullach na faille sin. Bhí sé ag feuchaint uaidh síos ar na caraigreacha briste a bhí thíos ag bun na faille agus bhí sé ’ghá chuimhneamh i n-a aigne cad é an briseadh a gheabhadh cnámha duine dá gcaithtí le fánaigh é. D’fhág sé an áit sin agus d’imthigh sé an cnuc siar go dtí go raibh sé ar bhara cnuic eile a bhí ar an dtaobh thiar de’n ghleann. Caraig na Madraí dob’ ainim do’n chnuc eile sin. Chuaidh sé isteach i bpluais sa chnuc san. Leaba Dhiarmuda ainim na pluaise. Bhí pluais eile ar aghaidh na pluaise sin