Page:Seadna.djvu/250

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
246
SÉADNA

chuaird i n-aisdear aige. Thuigeadh sé i n’ aigne go mbíodh sí ansúd i n-aice leis agus go n-airigheadh sí a chaint agus go dtuigeadh sí an bhuairt a bhíodh air. Bhíodh sé ag aighneas léi agus ag iomaigh léi nuair ná taisbeánadh sí í féin dó. Bhíodh sé ag rádh na bhfocal a dúbhairt sise leis an lá chonaic sé í, agus ’ghá gcur i gcuimhne dhi, agus ’ghá fhiafruíghe dhí ar chuimhin léi an gheallamhaint a thug sí dhó, agus ’ghá iaraidh uirthi, as ucht an tSlánuightheóra, gan cailleamhaint air nuair a thiocfadh an t-anaithe. Ní thagadh guth ná focal uaithi, ach má ’seadh ní bhíodh sé gan freagra ar a chaint. Do buailtí isteach i n-a aigne uaithi, chomh maith agus dá labhradh sí, “nár ghádh dhó aon eagla bheith air ach a mhainíghín a bheith as Dia aige.” Nuair a bhíodh tamall de’n oídhche caithte mar sin aige ’n-a teannta ar an gcnuc thagadh suaimhneas air. Do bhogadh an sníomh agus an fásgadh d’á chroídhe i dtreó go mbíodh iongnadh air cad a bhaineadh an buaireamh dé. Nuair a chíodh sé amhsgarnach an lae ag teacht thugadh sé aghaidh ar an mbaile agus théidheadh sé agus shíneadh sé ar an leabaidh, mar ’dh eadh go mbíodh an oídhche caithte aige inti.

Fé dheire ambasa bhí an lá deirineach buailte leis.

“Trí bliaghna déag a’s lá amáireach,” ar seisean i n’ aigne féin, “iseadh fhágas an baile chun raint leathair do cheannach. Bhí trí sgillinge am’ póca agam. Níor bh’fhada le dul iad ach ní raibh agam ach iad. Do h-iaradh orm iad, ar son an tSlánuightheóra. Thugas uaim iad. Ní raibh leigheas agam air sin. Conus fhéadfainn iad do choimeád! Ní raibh agam ach iad. Bíodh ná raibh níor liom féin iad. Is le Dia gach nídh. Ní bhéinn ach ag coimeád a choda féin uaidh, moladh go deó leis! Níor choimeádas iad ar aon chuma, pé rud a thiocfaidh as dom anois.——Do cuireadh brígh na mionn orm, go