Page:Seadna.djvu/252

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
248
SÉADNA

anonn gur bh’ainim dí Leaba Ghráinne. D’fhan sé sa phluais ar feadh tamaill mhaith, ag cuimhneamh ar ar airigh sé riamh de sgéalta breaghtha Fiannuigheachta, ar Dhiarmuid agus ar Ghráinne agus ar Fhionn agus ar an bhFéinn agus ar a ngnóthaíbh go léir. Nuair a bhí tuitim na h-oídhche ann d’fhill sé chun na plásóige agus do luígh sé inti. Bhí an aimsir tirim agus an spéir glan. Bhí an cúnlach go breagh tirim teith mar bhí an ghrian ag taithneamh ar an bplásóig i gcaitheamh an lae. Bhí aghaidh na plásóige ó-dheas, i dtreó go raibh foithin inti ó pé leóithne beag gaoithe a bhí ann, mar is a-dtuaidh a bhí an ghaoth. Bhí sé sínte sa phlásóig ag éisteacht le cogarnach agus le h-anál na gaoithe laige tríd an bhfraoch ’na thímpal agus gan aon phioc de’n ghaoith ag teacht air féin. Ó ’n suathadh a thug sé dhó féin ag siúbhal an chnuic, agus ó bhrothal an chúnlaigh, agus ó’n seothó úd na gaoithe tríd an bhfraoch, ba ghearr go raibh an fear bocht ’na chodla go sámh.

Tráth éigin sa n-oídhche do mhothuigh sé mar a bhéadh lámh duine ar a cheann, agus d’imthigh a chodla dhé. D’imthigh a chodla dhé chómh glan san gur mheas sé ná raibh meaghchaint ruibe i n-aon bhall d’á bhallaibh beatha. D’fheuch sé thairis. Bhí sí ansúd ar a glúinibh agá ghualainn chlé agus lámh léi ar a cheann aici agus í ag feuchaint isteach ins na súilibh air. An bhean chos-nochtaithe isí a bhí ann. D’ fhan sé ag feuchaint uirthi agus í ag feuchaint isteach ’n-a shúilibh. Bhí an oídhche ’n-a sméaramhán le doircheacht. Bhí radharc aige ar an spéir os a cionn suas. Ní raibh gealach ná réiltín ar an spéir, ach í ’na bróin chíordhubh, go h-árd agus go leathan agus go folamh. Bhí sé ag feuchaint ar ghnúis na mná, ar a súilibh agus ar a h-éadan agus ar a h-aghaidh. Ní raibh de sholus aige chuige ach an solus a bhí ag teacht as an aghaidh féin. Do