Séadna/28

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 28
[ 237 ]
CAIBIDIOL A H-OCHT A’S FICHE.

Sul a raibh an lá glan i gceart bhí an chuideachta sgaipithe agus na daoine imthighthe abhaile ach amháin an tíncéir mór agus fear an cheóil sídhe agus Micil agus a mháthair. Bhí an ceathrar san ar a ndícheal ag glanadh an tíghe agus ag cur gach nídh i n-a áit féin. Bhí an ceól sídhe ag déanamh buartha do Mhicil. Bhí ana dhúil aige a dhéanamh amach conus a fuair an píobaire sin an ceól sídhe. D’fhair sé go bhfuair sé lom air agus chuir sé an cheist chuige.

“Cogar, a Sheághain,” ar seisean. “Is iongantach an ceól é sin a sheinnis aréir dúinn. Níor airigheas a leithéid riamh. Ní dóich liom go bhfuil fear eile i n-Éirinn d’ fhéadfadh an ceol san do sheinnt.”

Níor leig Seághan air gur airigh sé é.

“Is dócha,” arsa Micil, “nach é gach aoinne fhéadfadh ceól mar é dh’fhághail i n-aon chor. Conus a fuairis-se an ceól san, a Sheághain?

“Dein t’iaraidh thort, a Mhicil!” arsa Seághan.

Níor chuir sin Micil ó’n sgéal. D’fhan sé go dtí go raibh Seághan imthighthe agus ansan dúbhairt sé leis an dtíncéir mór: “Stad, a Phádraig,” ar seisean, “go n-ithir rud éigin, tar éis na h-oídhche.”

Níor mheas Pádraig go ndéanfadh san aon cheataighe dhó, agus d’fhan sé.

Ar ball, nuair a bhí rud ithte ag Pádraig agus braon eile fíona ólta aige, dúbhairt Micil, a-bhaíle-bháige dhó féin, mar ’dh eadh: “A Phádraig,” ar seisean, “nár bh’ uathbhásach an ceól é siúd a bhí aréir againn! Níor airigheas a leithéid riamh agus is minic d’airigheas ceól [ 238 ]breagh. Mura mbéadh mo dhá shúil a bheith ag feuchaint air agus mo dhá chluais a bheith ag éisteacht leis ní chreidfinn go bhféadfadh aon duine saoghalta a leithéid de cheól a bhaint a’ píb.”

“Agus ní fhéadfadh leis, mura bhfaghadh sé congnamh chuige,” arsa Pádraig. “Nár thugais fé ndeara an tsídhe gaoithe! Agus nár airighis na glórtha daona, agus an gol agus an gáirí, agus an liacharnach? Ní túisge a thosnuigh an ceól ’ná bhíodar ag bailiughadh isteach chúgainn. Geallaim dhuit gur dóich liom gur mó go mór a bhí ann díobh, ag rinnce leis an gceól, ’ná mar a bhí ann againn féin. Thosnuigheadar ar imtheacht nuair a bhí glaodhach an choiligh ag druidim leó. Agus feuch mar a stad an píobaire díreach sul ar ghlaoidh an coileach. Is mór an iongnadh liom ná beirid siad leó an píobaire. Dá mbeinn ’na chás ní sheinnfinn an ceól san pé tathant a déanfaí orm chuige. B’fhearra dhó go mór ciall a bheith aige. ‘Ní thagan an crúisgín slán ó’n dtobar i gcómhnuídhe.’”

“Ní fheadar an tsaoghal conus a fuair sé an ceól san, nó conus a tháinig sé suas leis,” arsa Micil.

“Is minic an cheist sin d’á cur chuige,” arsa Pádraig, “agus ní faghtar d’fhreagra uaidh choídhche uirthi ach ‘dein t’iaraidh thort’.”

“Am briathar mhóide,” arsa Micil, “gur chuireas-sa chuige ó chianaibh í agus gur b’ shiné díreach an freagra thug sé orm. ‘Déin t’iaraidh thort, a Mhicil,’ ar seisean liom.”

“D’airigheas-sa,” arsa Pádraig, “gur b’ amhlaidh a bhí sé ag teacht abhaile ó Chorcaigh oídhche agus píb nua ceannuighthe aige, agus gur cuireadh amú’ é, bíodh go raibh toghadh na h-aithne aige ar an áit. Ag déanamh a leith ar Dhrochad na dTruip Sídhe iseadh chuaidh sé amú’. [ 239 ]Tháinig an measgán mearaídhe air agus d’fheuch sé ’na thímpal, agus is amhlaidh a fuair sé é féin ’ná ar bhruach abhan, i n-áit nár luígh a shúil riamh air! D’iniúch sé an talamh fé n-a chosaibh, agus sgairt a bhí i n-a aice ann, agus pluais charaige a bhí ann, feuchaint an aithneóch’ sé iad, agus níor aithin. Le n-a linn sin d’airigh sé, ar an dtaobh eile de’n abhainn, an ceól ba bhreaghtha d’ár airigh sé riamh. Cad deirir leis nár ghleus suas an phíb nua agus nár chrom ar an gceól gcéadna do sheinnt, i n-aonfheacht leis an gceólaidhe thall! Bhí an sgairt láidir riamh aige. Ní chuirfeadh a bhfuil de shíafraíbh i n-Éirinn eagla air. Ar leagadh na súl bhí an ínse ar bruach na h-abhan lán de dhaoine agus iad ag gluaiseacht anonn ’s anall imeasg a chéile, fé mar a bhéadh saghas éigin rinnce ar siúbhal acu. Ba ghearr gur h-athruigheadh an ceól thall. Má déineadh, do chuaidh an fear abhus ar an athrughadh gan stad gan barathuisle, gan buille chailleamhaint. Do casadh an ceól thall an tarna h-uair. Ba mhaith an mhaise ag an bhfear abhus é, bhí sé istigh ar an gcasadh an túisge ’na raibh an casadh déanta.

“I n-aghaidh gach casadh agus athrughadh d’á dtéidheadh ar an gceól théidheadh a chothrom d’athrughadh ar ghluaiseacht na ndaoine, nó ar an rinnce, má ba rinnce é. Do lean an sgéal mar sin eatartha, ar dhá thaobh na h-abhan, go dtí tráth éigin amach san oídhche. Ní cuimhin leis conus do sgar sé leó, ach nuair a tháinig an lá is amhlaidh a dhúisigh sé as a chodla agus é istigh i súil tein’aoile a bhí ar thaobh an bhóthair ann, agus an phíb nua i n ’aice. Ní túisge a bhí sé ’na lán-dúiseacht ’ná ghaibh sé air an phíb agus a chrom sé ar an gceól do sheinnt airís, díreach fé mar a sheinn sé sa n-oídhche é. Do sheinn sé ó thusach go deire é, airís agus airís, agus chuir sé isteach go cruinn ann gach casadh agus iompáil [ 240 ]agus athrughadh, fé mar a cuireadh ann iad sa n-oídhche dhó nuair a bhítheas ’ghá sheinnt ar an dtaobh thall de’n abhainn, go dtí go raibh sé ar eólus aige de ghlan mheabhair agus nár bhaoghal dó aon chuid de do dhearmhad go deó. Nuair a bhí a aigne sásta aige air d’eirigh sé ’na shuídhe agus tháinig sé amach a’ súil na tein’aoile agus d’fheuch sé ’na thímpal. Bhí an bóthar agus na cladhacha lán de dhaoinibh mór-thímpal na tein’aoile. Bhíodar ag bailiughadh ann an fhaid a bhí an ceól aige d’á sheinnt chun taithíghe dhéanamh de. Fé mar thagadh duine nó beirt do stadaidís ag éisteacht leis an gceól go dtí go raibh an áit lán díobh. Bhí iongnadh agus alltacht ortha, mar bhí a fhios acu go n-airightí an ceól céadna go minic sa n-áit chéadna sa n-oídhche, ach b’shiné an chéad uair riamh a h-airigheadh sa lá é. Nuair a chonacadar Seághan Aerach ag teacht amach a’ súil na tein’aoileach agus nuair a thuigeadar ’na n-aigne gur bh’ é a bhí ag déanamh an cheóil aeraigh, chrothadar a gcinn agus dúbhradar eatartha féin ná ruitheadh leis abhfad gan é bhreith chun siúbhail. Do bheannuigh sé dhóibh agus bheannuigheadar dó, ach níor fhiafruigh aoinne acu dhé cad fé ndeara dhó an ceól san do sheinnt. Bhí sord sgáth acu roimis.

“Tháinig sé abhaile agus níor bh’fhada gur buaileadh breóite é. Níor cheap aoinne go n-eireóch’ sé choídhche ó’n mbreóiteacht san. Dúbhradh gur bh’iad an mhuíntir n-ar sheinn sé an ceól dóibh a bhí ’ghá bhreith leó i dtreó go mbéadh píobaire acu féin chómh maith leis an bpíobaire a bhí ag an muíntir a bhí ar an dtaobh eile de’n abhainn, nó b’ fhéidir níos fhearr. Ach pé sgéal é do theip ortha é bhreith leó an uair sin. Tháinig sé chuige féin d’á n-aimhdheóin agus tá an ceól aige. Agus siné anois agat, fé mar airigheas-sa féin é, conus mar a [ 241 ]fuair Seághan Aerach an ceól sídhe. Ní sheinneann sé ach go h-anamh é, agus is ró bheag an iongnadh san. Má thagaid siad ’na thímpal i gcómhnuídhe mar a thánadar aréir ní foláir nó is mór an dúil atá acu sa cheól a sheinneann sé, agus má tá an dúil sin acu sa cheól béarfaid siad leó an ceolaidhe luath nó mall. Ní ceart dó bheith ag seinnt an cheóil sin i n-aon chor. Is minic a tugadh cómhairle dhó gan bheith ’ghá sheinnt. Thugas-sa féin an chómhairle sin dó ach ní raibh aon mhaith dhom ann. Ni déarfadh sé, ‘déanfad’, ná ‘ní dhéanfad’. Ní fhéadfá a dhéanamh amach cad a bhéadh i n-a aigne aige. Ní misde ‘Seághan Aerach’ a thabhairt air. Ní dóich liom go bhfuil blúire eagla aige rómpa.”

“B’fhéidir, a Phádraig,” arsa Micil, “go bhfuil a fhios aige féin nach gádh dhó aon eagla bheith aige rómpa. B’fhéidir go bhfuil cáirde maithe aige eatartha agus nach baoghal dó.”

“B’fhéidir é,” arsa Pádraig. “Ach b’ fhearr liom mé féin do thabhairt suas do Dhia agus gan aon bhaint i n-aon chor a bheith agam leó ná acu liom. Bhíos tamall aréir, nuair a bhí an tóirthneach agus an chaismirt mhór ar siúbhal, agus geallaim dhuit nár bh’ fhearr liom áit ’na mbéinn ’ná sa bhaile. Thugas feuchaint sa n-aghaidh ar an gceólaidhe, agus is beag ná gur mheasas nár bh’ é féin a bhí i n-aon chor ann. Bhí solus éigin ’na shúilibh agus ’na ghnúis agus tímpal a bhéil, i dtreó gur dhóich leat go raibh sé ag feuchaint ortha agus gur aithin sé iad!”

“B’fhéidir go raibh leis,” arsa Micil.

“B’fhéidir é,” arsa Pádraig. “Ach tá aon nídh amháin deimhnightheach; tá Seághan Aerach ró aerach dómh-sa.”

Caibidiol 28