Page:Seadna.djvu/242

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
238
SÉADNA

breagh. Mura mbéadh mo dhá shúil a bheith ag feuchaint air agus mo dhá chluais a bheith ag éisteacht leis ní chreidfinn go bhféadfadh aon duine saoghalta a leithéid de cheól a bhaint a’ píb.”

“Agus ní fhéadfadh leis, mura bhfaghadh sé congnamh chuige,” arsa Pádraig. “Nár thugais fé ndeara an tsídhe gaoithe! Agus nár airighis na glórtha daona, agus an gol agus an gáirí, agus an liacharnach? Ní túisge a thosnuigh an ceól ’ná bhíodar ag bailiughadh isteach chúgainn. Geallaim dhuit gur dóich liom gur mó go mór a bhí ann díobh, ag rinnce leis an gceól, ’ná mar a bhí ann againn féin. Thosnuigheadar ar imtheacht nuair a bhí glaodhach an choiligh ag druidim leó. Agus feuch mar a stad an píobaire díreach sul ar ghlaoidh an coileach. Is mór an iongnadh liom ná beirid siad leó an píobaire. Dá mbeinn ’na chás ní sheinnfinn an ceól san pé tathant a déanfaí orm chuige. B’fhearra dhó go mór ciall a bheith aige. ‘Ní thagan an crúisgín slán ó’n dtobar i gcómhnuídhe.’”

“Ní fheadar an tsaoghal conus a fuair sé an ceól san, nó conus a tháinig sé suas leis,” arsa Micil.

“Is minic an cheist sin d’á cur chuige,” arsa Pádraig, “agus ní faghtar d’fhreagra uaidh choídhche uirthi ach ‘dein t’iaraidh thort’.”

“Am briathar mhóide,” arsa Micil, “gur chuireas-sa chuige ó chianaibh í agus gur b’ shiné díreach an freagra thug sé orm. ‘Déin t’iaraidh thort, a Mhicil,’ ar seisean liom.”

“D’airigheas-sa,” arsa Pádraig, “gur b’ amhlaidh a bhí sé ag teacht abhaile ó Chorcaigh oídhche agus píb nua ceannuighthe aige, agus gur cuireadh amú’ é, bíodh go raibh toghadh na h-aithne aige ar an áit. Ag déanamh a leith ar Dhrochad na dTruip Sídhe iseadh chuaidh sé amú’.