Sul a raibh an lá glan i gceart bhí an chuideachta sgaipithe agus na daoine imthighthe abhaile ach amháin an tíncéir mór agus fear an cheóil sídhe agus Micil agus a mháthair. Bhí an ceathrar san ar a ndícheal ag glanadh an tíghe agus ag cur gach nídh i n-a áit féin. Bhí an ceól sídhe ag déanamh buartha do Mhicil. Bhí ana dhúil aige a dhéanamh amach conus a fuair an píobaire sin an ceól sídhe. D’fhair sé go bhfuair sé lom air agus chuir sé an cheist chuige.
“Cogar, a Sheághain,” ar seisean. “Is iongantach an ceól é sin a sheinnis aréir dúinn. Níor airigheas a leithéid riamh. Ní dóich liom go bhfuil fear eile i n-Éirinn d’ fhéadfadh an ceol san do sheinnt.”
Níor leig Seághan air gur airigh sé é.
“Is dócha,” arsa Micil, “nach é gach aoinne fhéadfadh ceól mar é dh’fhághail i n-aon chor. Conus a fuairis-se an ceól san, a Sheághain?
“Dein t’iaraidh thort, a Mhicil!” arsa Seághan.
Níor chuir sin Micil ó’n sgéal. D’fhan sé go dtí go raibh Seághan imthighthe agus ansan dúbhairt sé leis an dtíncéir mór: “Stad, a Phádraig,” ar seisean, “go n-ithir rud éigin, tar éis na h-oídhche.”
Níor mheas Pádraig go ndéanfadh san aon cheataighe dhó, agus d’fhan sé.
Ar ball, nuair a bhí rud ithte ag Pádraig agus braon eile fíona ólta aige, dúbhairt Micil, a-bhaíle-bháige dhó féin, mar ’dh eadh: “A Phádraig,” ar seisean, “nár bh’ uathbhásach an ceól é siúd a bhí aréir againn! Níor airigheas a leithéid riamh agus is minic d’airigheas ceól