Page:Seadna.djvu/240

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
236
SÉADNA

liach aisti agus thuit sí ’na cnaipe. Níor chuir aoinne cor dé. Ba dhóich leat gur fé dhraoidheacht a bhíodar. Fé dheire phreab an tíncéir mór ’na shuídhe.

“Airiú, moladh le Dia,” ar seisean, “cad tá oraibh! Beireadh beirt agaibh ar an gcailín sin, a mhná,” ar seisean, “agus tógaidh amach fé’n ngaoith í.”

Thógadar amach fé’n ngaoith í agus tháinig sí chuici féin.

“Cá bhfuil an sagart?” arsa duine éigin.

“Tá sé imthighthe abhaile fadó riamh anocht,” arsa Micil.

Ba ghearr gur tháinig Báb an Leasa isteach airís agus í go lán láidir, agus í ’ghá áiteamh go tur ar na mnáibh a rug amach í nár ghádh dhóibh an saothar, agus gur bh’ oireasa gnótha bhí ortha; ná raibh blúire uirthi ach oiread le h-aoinne acu féin; gur chirte dhóibh go mór leigint di féin; gur neamhchúramach a bhíodar!

Do spreag an píobaire suas port ná raibh aon cheól sídhe ann agus do ghluais an rinnce airís chómh h-aibigh agus dá mb’é tusach na h-oídhche bhéadh ann. Do ghlaoidh an coileach airís agus airís ach má ghlaoidh níor chuir Báb an Leasa ná aoinne eile aon tsuím ann. Do ghluais an ceól agus an rinnce; na píobairí ag déanamh uanuigheachta ar a chéile; an leac d’á greadadh leis na brógaibh; an biadh agus an deoch d’á gcaitheamh fé mar a thagadh dúil ag aoinne ionta; go dtí gur bhuail solus an lae chúca an dorus isteach.

Do fuaradh fear na cláirsighe ’na shámh chodladh, agus duine des na píobairíbh ar meisge. Ach ní raibh codla ná meisge ar fhear an cheóil sídhe, bíodh gur ól sé a dhóithin de’n fhíon.