Page:Seadna.djvu/243

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
239
SÉADNA

Tháinig an measgán mearaídhe air agus d’fheuch sé ’na thímpal, agus is amhlaidh a fuair sé é féin ’ná ar bhruach abhan, i n-áit nár luígh a shúil riamh air! D’iniúch sé an talamh fé n-a chosaibh, agus sgairt a bhí i n-a aice ann, agus pluais charaige a bhí ann, feuchaint an aithneóch’ sé iad, agus níor aithin. Le n-a linn sin d’airigh sé, ar an dtaobh eile de’n abhainn, an ceól ba bhreaghtha d’ár airigh sé riamh. Cad deirir leis nár ghleus suas an phíb nua agus nár chrom ar an gceól gcéadna do sheinnt, i n-aonfheacht leis an gceólaidhe thall! Bhí an sgairt láidir riamh aige. Ní chuirfeadh a bhfuil de shíafraíbh i n-Éirinn eagla air. Ar leagadh na súl bhí an ínse ar bruach na h-abhan lán de dhaoine agus iad ag gluaiseacht anonn ’s anall imeasg a chéile, fé mar a bhéadh saghas éigin rinnce ar siúbhal acu. Ba ghearr gur h-athruigheadh an ceól thall. Má déineadh, do chuaidh an fear abhus ar an athrughadh gan stad gan barathuisle, gan buille chailleamhaint. Do casadh an ceól thall an tarna h-uair. Ba mhaith an mhaise ag an bhfear abhus é, bhí sé istigh ar an gcasadh an túisge ’na raibh an casadh déanta.

“I n-aghaidh gach casadh agus athrughadh d’á dtéidheadh ar an gceól théidheadh a chothrom d’athrughadh ar ghluaiseacht na ndaoine, nó ar an rinnce, má ba rinnce é. Do lean an sgéal mar sin eatartha, ar dhá thaobh na h-abhan, go dtí tráth éigin amach san oídhche. Ní cuimhin leis conus do sgar sé leó, ach nuair a tháinig an lá is amhlaidh a dhúisigh sé as a chodla agus é istigh i súil tein’aoile a bhí ar thaobh an bhóthair ann, agus an phíb nua i n ’aice. Ní túisge a bhí sé ’na lán-dúiseacht ’ná ghaibh sé air an phíb agus a chrom sé ar an gceól do sheinnt airís, díreach fé mar a sheinn sé sa n-oídhche é. Do sheinn sé ó thusach go deire é, airís agus airís, agus chuir sé isteach go cruinn ann gach casadh agus iompáil