fuair Seághan Aerach an ceól sídhe. Ní sheinneann sé ach go h-anamh é, agus is ró bheag an iongnadh san. Má thagaid siad ’na thímpal i gcómhnuídhe mar a thánadar aréir ní foláir nó is mór an dúil atá acu sa cheól a sheinneann sé, agus má tá an dúil sin acu sa cheól béarfaid siad leó an ceolaidhe luath nó mall. Ní ceart dó bheith ag seinnt an cheóil sin i n-aon chor. Is minic a tugadh cómhairle dhó gan bheith ’ghá sheinnt. Thugas-sa féin an chómhairle sin dó ach ní raibh aon mhaith dhom ann. Ni déarfadh sé, ‘déanfad’, ná ‘ní dhéanfad’. Ní fhéadfá a dhéanamh amach cad a bhéadh i n-a aigne aige. Ní misde ‘Seághan Aerach’ a thabhairt air. Ní dóich liom go bhfuil blúire eagla aige rómpa.”
“B’fhéidir, a Phádraig,” arsa Micil, “go bhfuil a fhios aige féin nach gádh dhó aon eagla bheith aige rómpa. B’fhéidir go bhfuil cáirde maithe aige eatartha agus nach baoghal dó.”
“B’fhéidir é,” arsa Pádraig. “Ach b’ fhearr liom mé féin do thabhairt suas do Dhia agus gan aon bhaint i n-aon chor a bheith agam leó ná acu liom. Bhíos tamall aréir, nuair a bhí an tóirthneach agus an chaismirt mhór ar siúbhal, agus geallaim dhuit nár bh’ fhearr liom áit ’na mbéinn ’ná sa bhaile. Thugas feuchaint sa n-aghaidh ar an gceólaidhe, agus is beag ná gur mheasas nár bh’ é féin a bhí i n-aon chor ann. Bhí solus éigin ’na shúilibh agus ’na ghnúis agus tímpal a bhéil, i dtreó gur dhóich leat go raibh sé ag feuchaint ortha agus gur aithin sé iad!”
“B’fhéidir go raibh leis,” arsa Micil.
“B’fhéidir é,” arsa Pádraig. “Ach tá aon nídh amháin deimhnightheach; tá Seághan Aerach ró aerach dómh-sa.”
Q