Page:Seadna.djvu/246

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
242
SÉADNA
CAIBIDIOL A NAOI A’S FICHE.

Tar éis chleamhnais Shadhbh agus Chormaic níor bh’ fhada gur déineadh dhá chleamhnas eile. Déineadh cleamhnas do Bháb an Leasa le driotháir do Nóra an Tóchair, agus déineadh cleamhnas do Nóra féin le fear de mhuíntir an rígh. Bhuail sé uimpi ar pháirc an aonaigh an lá do roinneadh na capaill. Bhí tigh sa chathair aige, i n-aice an tíghe n-a raibh Cormac agus Sadhbh le dul chun cómhnuighthe ann. Chómh luath agus chuaidh sé abhaile d’iar sé cead a chos ar feadh mí agus do fuair. Tháinig sé agus phós sé Nóra agus rug sé leis í. An driotháir léi a bhí gan pósadh d’imthigh sé i n-aonfheacht leó, ag brath air go bhfaghadh sé inead i n-arm an rígh. D’fhág san an Tóchar agus a raibh ann ag an mBáb agus agá fear.

Nuair a bhí an méid sin déanta chuaidh gach aon rud chun suaimhnis. Aon lá, as san amach, dá mbéitheá ag gabháil thar an dtigh úd Shéadna, d’aireóchthá, mar ba ghnáth, mion-bhuillí na gcasúr mbeag, bog-fheaduíol na bhfear, tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh. Dá dtéidhtheá isteach do chífeá an chathaoir shúgáin agus an mhealbhóg, agus d’aireóchthá an anál fhada throm ó Shéadna féin, agus é ag obair go dian. Ach níorbh bhfios cathain airigh aoinne “greadadh” ná “duais” ar an “gCailligh Ruainnigh” aige.

Ní fheicfeá Micil ann. Bhí sé thíos i dtigh Dhiarmuda Léith ag coimeád an tsiopa agus ag díol an leathair agus ag glacadh an airgid, agus isé a bhí, dar leis féin, i n’ fhear bhunúsach, chreideamhnach. Ba dhóich leat