Page:Seadna.djvu/257

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
253
SÉADNA

ag druidim uaidh, ag druidim uaidh, ag druidim uaidh; agus bhí an solus ar a h-aghaidh ag dul i luíghead, ag dul i luíghead, ag dul i luíghead. Bhí fabhraí a shúl san ag dúnadh ar a chéile, ag dúnadh ar a chéile, ag dúnadh ar a chéile. Níor tháinig leis an chaint do chríochnughadh sul a raibh sí imthighthe agus é ’na shámh chodladh.