Séadna/30

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 30
[ 254 ]
CAIBIDIOL A TRÍOCHAD.

Nuair a tháinig sé as an gcodla san bhí an ghrian ag taithneamh anoir air agus í éirighthe suas go maith árd agus í go breagh sobháilceach, gan iomad brothail inti. Bhí an spéir gan sgamal agus an talamh gan cheó, agus ba dhóich leat gur chruiceóg bheach a bhí i mball éigin i n-aice na h-áite agus satha ag eiríghe aisti, bhí foghar na mbeach chómh borb, chómh h-aibigh sin, sa bhfraoch mór-thímpal. Bhí radharc ag Séadna ar an ndúthaigh ar feadh fiche míle, soir agus ó-dheas agus siar. B’ shiúd iad shoir Cnoc Ráithín, agus Muisire Beag, agus Muisire Mór, agus Meall na h-Órnan, agus an Muine Fliuch, agus an Doire Liath, agus an Chabarach. B’ shiúd í shoir theas Caraig an Ghiolla, agus shoir theas airís an Sléibhín, i n-aice Mágh Chromtha, agus fiche míle soir uaidh sin, an ceó ós cionn catharach Chorcaighe. B’ shiúd iad, ar a aghaidh ó-dheas díreach, Dún dá Radhairc agus Cill Mhuire agus Mágh Seanaglais, agus críocha Rosa Cairbre, agus éacht de thalamh áluinn ar bruach na faraige. B’ shiúd iad thiar theas Seithe agus Neóin agus an chuid eile acu, mar adúbhairt an file:–

“Uíbh Ráthach gránda na ndragún liath;
Gleann Chártha ná fásan ann arbhar ná biadh;
Na h-árdchnuic ghránda san Dheas-Mhúmhain thiar;
Áiteana d’fhág Pádraig gan beannughadh riamh!”

Nó mar adúbhairt an file eile ’ghá fhreagradh súd:–

“Uíbh Ráthach áluinn na bhfear úr bhfial;
Gleann Chártha ’na bhfásan arbhar a’s biadh;
Na h-árdchnuic bhreaghtha san Dheas-Mhúmhain thiar;
Áiteana d’fhág Pádraig le beannughadh ag Dia!” [ 255 ]Bhí sé ag feuchaint ’na thímpal ortha ar feadh tamaill, ’ghá n-aithint agus ’ghá n-áireamh, agus ’ghá chuimhneamh gur bheag má bhí radharc eile fé luíghe na gréine chómh breagh leis an radharc san a bhí leathta amach os cómhair a shúl féin an mhaidion shamhraidh sin. Ansan iseadh do phreab suas i n’aigne cúrsaí na h-oídhche agus caint na mná cos-nochtaithe. Cheap sé ar dtúis nár bh’fholáir nó gur thaibhreamh a déineadh dó. Sháidh sé a lámh ’na phóca. Ambasa bhí an sgilling aige ’na phóca, sa phóca i n-ar chuir sé í nuair a thug an bhean dó í sa n-oídhche. Bhí rud éigin nár thaibhreamh sa sgéal. Do rith an gnó go léir chun a aigne do phreib; caint na mná, agus an sgilling, agus an namhaid, agus an chómhairle a bhí fághalta aige i dtaobh na cathaoireach. Phreab sé ’n-a shuídhe. B’shiúd é thall a thigh. Thug sé a dhrom leis agus d’imthigh sé an cnuc siar. Chuaidh sé suas go bara Chnuic na n-Ulán agus siar mullach Charaige na Madraí agus Beul an Mháma anonn agus siar barra Chúm an Ghadhair.

Bhí an lá ag dul i mbrothalaighe agus bhí tart ag teacht air. Chuaidh sé isteach i dtigh agus d’iar sé deoch. D’aithin bean an tíghe é. Ba mhaith an ceart di sin. Ba mhinic roimhe sin a thug sé síntiús maith airgid di agus gádh aici leis. Mura mbéadh é ba bheag d’á tuairisg a bhéadh sa n-áit. Thug sí chuige árthach lán de bhainne gabhar agus cannta aráin agus briola ime. Chaith sé an biadh agus bhíodar ag caint. Thuig sise, mar a thuig an dúthaigh, go raibh buairt éigin air a bhain leis féin. Thug sí fé ndeara an uair sin é níos soiléire ’ná riamh. Níor leig sí uirthi, ámhthach, gur thug sí aon rud fé ndeara. D’eirigh sé agus bhuail sé amach agus cá dtabharfadh sé aghaidh ach ar Mhullach an Ois suas. D’fheuch sise ’na dhiaigh agus geallaim dhuit go raibh [ 256 ]iongnadh uirthi nuair a chonaic sí ag tabhairt fé ’n gcnuc é. Ni fhéidir sí cad ba mhaith di a dhéanamh. Isé rud a dhéin sí ’ná iompáil isteach abhaile agus tamall de’n lá a thabhairt ag gol. Do buaileadh isteach ’na h-aigne go raibh droch nídh éigin ag teacht air. Chaith sí í féin ar a glúinibh agus chrom sí ar ghuidhe chun Dé ar a shon, ’ghá iaraidh ar Dhia é thabhairt saor ó gach olc.

Chuir seisean an cnuc suas de go dtí go raibh sé ar an láithreán breagh leathan atá thuas ar an bhfíor-mhullach. Má ba mhór an radharc a bhí aige ar maidin ó’n bplásóig ba mhó ’ná san an radharc a bhí anois aige, ach níor bhreaghtha an radharc anois mar ba ghlaine an spéir ar maidin. Bhí radharc siar aige ar Chlaedigh, agus ar an Dá Chí, agus ar an Mangartain, agus ar Loch Léin, agus siar ar Chorán Tuathail agus ar an gcuid eile de na Cruachaibh Dubha. Nuair a bhí sé cortha de bheith ag feuchaint ortha do ghluais sé anonn ’s anall ar an mullach ag piocadh na mónadán agus ’ghá n-ithe. Nuair a bhí tamall caithte aige ortha san do ghluais sé fabhra an chnuic soir go dtí go raibh sé ar bhara Chnuic Lice Sgáth, mar a raibh radharc aige ó-thuaidh ar Chlárach agus soir ó-thuaidh ar fad ar na Gaillte Móra. Nuair a bhí an ghrian ag tuitim siar d’iompuigh seisean siar airís go bara Mhullach an Ois. Phioc sé raint eile de na mónadáin agus ansan thug sé aghaidh síos ar an dtigh ’na bhfuair sé béile na maidine ann. Is ar an mnaoí a bhí an iongnadh agus an t-áthas nuair a chonaic sí chúici isteach é. Ní fheidir sí cár chaith sé an lá, ach ba chuma léi ó chonaic sí ag teacht slán airís é. Níor dhéin sí, ámh, ach beannughadh dhó agus fáilte a chur roimis go grianach agus go neamh-iongantach agus gan aon nídh do leigint uirthi. Agus geallaim dhuit gur ghaibh sí a bhuidhchas go dúrthachtach le Dia ’n-a haigne féin. [ 257 ]“Suigh ansan go fóil, a Shéadna,” ar sise, “agus cuirfidh mé geall leat go ndéanfad-sa sódhluist duit go mb’ fhéidir nár déineadh a leithéid duit le fada.”

Do shuigh sé.

D’imthigh sise amach sa n-iothlainn, go dtí an stáca arbhair dob’ fhearr a bhí ann, agus do stath sí dhá phunan mhaithe amach as lár an stáca. Thug sí léi isteach an dá phunan. Do sguab sí leac an tínteáin, agus do nigh agus do thriomuigh. Ansan do las sí geaitire giúise agus do dhóigh sí an phunan ar an lic. Níor dóghadh ach an tuíghe agus an lóchán, ámhthach. Níor dóghadh an gráinne, ach do cruadhadh é go h-áluinn, níos fearr go mór ’ná mar a chruadhfadh leac an mhuilinn é. Ansan do bhailigh sí suas an coirce cruaidh agus d’árduigh sí léi amach é agus do leig sí an ghaoth tríd, i dtreó gur glanadh as go baileach a raibh de luaithreach an tuighe agus an lócháin ann. Nuair a bhí sé go breágh glan aici thug sí léi isteach é agus chuir sí sa bhróin é agus mheil sí é. Ansan chuir sí tré chriathar gharbh é agus ansan trí chriathar mhín, i dtreó nár fhan aon bhlúire cátha ann. Ansan do chuir sí i n-árthach adhmaid an mhin agus do mheasg sí braon maith nua-uachtair ar an min, agus chuir sí spionn sa n-árthach agus thug do Shéadna é. D’ith sé é, agus isé rud a cheap sé i n’ aigne ’ná nár chaith sé riamh, agus nár bhlais sé, biadh dob’ fhearr ná an biadh sin, bhí sé chómh foláin agus chómh deagh-bhlasta san, chómh buacach agus chómh bríoghmhar san.

Nuair a bhí an biadh ithte aige do shín sé chuici an t-árthach. “Am briathar mhóide, a Neans ní Chathasa,” ar seisean, “go bhfuil an ceart agat! Isé biadh is deise d’ár bhlaiseas riamh é. Tá an chraobh agat. Thugais sódhluist dom, ní misde dhuit a rádh, sódhluist nár tugadh a leithéid riamh dom go dtí indiu. Agus feuch; [ 258 ]ní’l ach fíor bheagán aimsire ó bhí sé amuich sa stáca agus siné ithte agam é!”

“Cruadhan a chuid tuighe agus lócháin féin é,” ar sise, “níos fearr go mór ’ná mar a chruadhan leac an mhuilinn é.”

Bhí an ghrian ag dul fé agus Séadna ag fágáilt an tíghe sin. Um an dtaca ’na raibh sé ag an bplásóig bhí tuitim na h-oídhche ann. Um an dtaca ’na raibh sé sa bhaile bhí smut de thusach na h-oídhche caithte.

Do las sé ceann des na coinnlibh árneáin. Do rug sé ar an gcathaoir shúgáin agus chuir sé ’na seasamh í, díreach sa n-áit ’na raibh sí an lá do ceangladh ann í. Chuir sé an sgilling fúithi istigh i lár bhaill, fé mar a dúbhradh leis. Chaith sé luaithreán beag anuas ar an sgilling i dtreó ná feicfí í. Ansan do shuigh sé ’n-a shuidhchán oibre agus chrom sé ar obair. Nuair a bhí sé ag obair ar feadh tamaill cheap sé ná féadfadh uair an mheadhon-oídhche bheith abhfad uaidh. Mheas sé nár rug aon sgéal dian riamh air ach bheith ansúd ag feitheamh agus ag faire, feuchaint cathain a thiocfadh an droch bhuachaill. Mura mbéadh an obair a bheith idir lámhaibh aige ní fhéadfadh sé go deó an feitheamh do sheasamh. B’ é a dhícheal é sheasamh agus é ag obair chómh dian agus bhí sé ’na chuisleanaibh an snáth do tharang. Nuair a mheasadh sé gur cheart uair a’ chloig a bheith caithte d’fheuchadh sé ar a mbíodh déanta aige agus ní bhíodh ann ach obair leath-uaire a’ chloig. Chomáineadh sé leis ag cur na ngreamana chómh tiugh agus d’fhéadadh sé an meanuith do shádh. Cheapadh sé ar ball gur cheart dhá uair a’ chloig go maith a bheith imthighthe. D’fheuchadh sé ar an obair a bhíodh déanta aige agus ní bhíodh ann ach oiread agus a dhéanfadh fear laistigh de cheathramhadh uaire, agus an obair a dhéanamh ar a shocaracht. Fé [ 259 ]dheire do chuir an mearbhall agus an fásgadh agus an sníomh a bhí ar a aigne faire na h-aimsire as a cheann ar chuma éigin, i dtreó gur ghluais an aimsir a gan fhios dó. Ní raibh blúire coinne aige go raibh an aimsir caithte nuair a mhothuigh sé go h-oban mar bhéadh duine éigin láithreach. Thóg sé a cheann. Bhí an Fear Dubh ’na sheasamh ar a aghaidh amach!

Caibidiol 30