Jump to content

Page:Seadna.djvu/261

From Wikisource
This page has been validated.
257
SÉADNA

“Suigh ansan go fóil, a Shéadna,” ar sise, “agus cuirfidh mé geall leat go ndéanfad-sa sódhluist duit go mb’ fhéidir nár déineadh a leithéid duit le fada.”

Do shuigh sé.

D’imthigh sise amach sa n-iothlainn, go dtí an stáca arbhair dob’ fhearr a bhí ann, agus do stath sí dhá phunan mhaithe amach as lár an stáca. Thug sí léi isteach an dá phunan. Do sguab sí leac an tínteáin, agus do nigh agus do thriomuigh. Ansan do las sí geaitire giúise agus do dhóigh sí an phunan ar an lic. Níor dóghadh ach an tuíghe agus an lóchán, ámhthach. Níor dóghadh an gráinne, ach do cruadhadh é go h-áluinn, níos fearr go mór ’ná mar a chruadhfadh leac an mhuilinn é. Ansan do bhailigh sí suas an coirce cruaidh agus d’árduigh sí léi amach é agus do leig sí an ghaoth tríd, i dtreó gur glanadh as go baileach a raibh de luaithreach an tuighe agus an lócháin ann. Nuair a bhí sé go breágh glan aici thug sí léi isteach é agus chuir sí sa bhróin é agus mheil sí é. Ansan chuir sí tré chriathar gharbh é agus ansan trí chriathar mhín, i dtreó nár fhan aon bhlúire cátha ann. Ansan do chuir sí i n-árthach adhmaid an mhin agus do mheasg sí braon maith nua-uachtair ar an min, agus chuir sí spionn sa n-árthach agus thug do Shéadna é. D’ith sé é, agus isé rud a cheap sé i n’ aigne ’ná nár chaith sé riamh, agus nár bhlais sé, biadh dob’ fhearr ná an biadh sin, bhí sé chómh foláin agus chómh deagh-bhlasta san, chómh buacach agus chómh bríoghmhar san.

Nuair a bhí an biadh ithte aige do shín sé chuici an t-árthach. “Am briathar mhóide, a Neans ní Chathasa,” ar seisean, “go bhfuil an ceart agat! Isé biadh is deise d’ár bhlaiseas riamh é. Tá an chraobh agat. Thugais sódhluist dom, ní misde dhuit a rádh, sódhluist nár tugadh a leithéid riamh dom go dtí indiu. Agus feuch;

R