í, nó cad fé ndear í, ní raibh aon phioc d’á chúntas acu.
Thug Seághan Ceatach fé ndeara an t-athrughadh. Thug sé fé ndeara an sníomh a bhí ar chroídhe agus ar aigne an duine, ach bhí sé níos daille ’ná riamh ar cad fé ndear é. B’ shin í Sadhbh pósta agus gan focal ó aoinne i dtaobh aon gheallamhna phósta idir í féin agus Séadna. Ó’n lá a bhí Séadna féin thiar ag an dtigh ag caint le Máire Ghearra níor labhair sise amach as a beul oiread agus aon fhocal amháin i dtaobh an chleamhnais ná i dtaobh na cainte a bhí eatartha. Tháinig sgéalta eile ar chleamhnaisíbh chúca ach ní leigeadh sí d’á h-athair aon tsuím a chur ionta. Ní thugadh sí de chúis dó ach ná taithnidís léi.
Bhí sé leathta ar fuid na dúithe an mearbhall aigne bheith ar Shéadna, ach nuair a chonaic daoine na mná úd go léir a bheith pósta agus gan blúire suime curtha aige-sean sa sgéal, is amhlaidh mar a bhí an sgéal ag lucht cainte bhíodar i gcruadh-chás. Ba mhaith leó a rádh gur b’amhlaidh a bhí sé ag cailleamhaint a mheabhrach i ndiaigh dhuine éigin de na mnáibh úd, ach ní fhéadfaidís é sin do rádh. Bhí sé ar an dá chóisre eile, chómh maith le cóisre Shadhbh, agus ba ró fhuirisde a aithint ná raibh aon bheann aige ar aoinne de’n bheirt bhan eile ach chómh beag agus a bhí aige ar Shadhbh. Ní fhéadfaí a rádh go raibh sé ag cailleamhaint a mheabhrach mar gheall ar Mháire Ghearra mar ní raibh aoinne ’ghá breith uaidh. Ba mhaith le lucht na cainte a rádh gur b’ amhlaidh a bhí ag dul d’á chiall, gur b’ amhlaidh a bhí straighin éigin air a bhain le n-a chuid fola nó le n-a dhúchas. Ach ní fhéadfaidís sin do rádh mar ní raibh fear sa pharóiste ba chruinne breitheamhantas ’ná é, na ba ghasda cómhairle ’ná é, ná ba ghéar-chúisíghe ar mholadh beirte ’ná é. B’é crích an