Jump to content

Niamh/15

From Wikisource
181470Niamh — Fir ÉireanPeadar Ua Laoghaire
[ 77 ]

CAIBIDIOL XV.

FIR ÉIREAN.

Ba ṁór an raḋarc an ṁór-ṡluaġ san. Ḃí seaċt caṫana ann agus ḃí as cionn trí ṁíle fear ins gaċ caṫ acu san. Ḃí gaċ caṫ fé n-a ríogra féin.

Ḃí Cian mac Maolmuaiḋ ann, ó Uíḃ Eaċaċ Múṁan, agus Dóṁnall mac Duiḃ, agus ḃí trí ṁíle fear acu. Ḃí ríġ na nDéiseaċ ann, Moṫla mac Faoláin, agus trí ṁíle fear aige. Ḃí Loíngseaċ mac Dúlaing ann, ríġ Uíḃ Ċonaill Ġaḃra, agus trí ṁíle fear aige. Ḃí Mac Beaṫaċ, ríġ Ciarraiġe Luaċra ann agus trí ṁíle fear aige. Ḃí Taḋg Mór ua Cealla ann ó Uíḃ Máine agus trí ṁíle fear aige. Ḃí na ríġṫe agus na h-uaisle ann ó gaċ aon ṗáirt de Leaṫ Ṁoġa, na ríġṫe agus na h-uaisle a ḃíoḋ ag cur cogaiḋ ar a ċéile agus ag marḃuġaḋ a ċéile agus ag dísgiuġaḋ a ċéile ar gaċ aon tsaġas cuma go dtí gur ċuir Brian smaċt orṫa, agus gur ċuir sé ḟiaċaiḃ orṫa, d'á lom deirig aiṁḋeóna, a leas a ḋéanaṁ agus leas a ndaoine do ḋéanaṁ agus cur le ċéile i n-aġaiḋ naṁad iasaċta.

Dob' áluinn an raḋarc iad, ag gluaiseaċt soir óṫuaiḋ fé ḋéin na Teaṁraċ. Dob' uasal an raḋarc iad. Ba ċóṁaċtaċ an raḋarc iad.

Ṫánadar i gcóṁngar na Teaṁraċ. Ċuir Brian teaċtairi [ 78 ]ag triall ar Ṁ'lṡeaċlainn, 'ġá ráḋ gur ḃ' é toil fear Éirean go ndéanfaḋ M'lṡeaċlainn sgaraṁaint leis an Árdríġeaċt i dtreó go dtaḃarfaí do Ḃrian í. Gur ḃ' é ċúis a ḃí ag fearaiḃ Éirean leis sin 'ná a luiġead a ḃí déanta ag M'lṡeaċlainn, i gcaiṫeaṁ na h-aimsire a ḃí sé i n' Árdríġ, ċun na Loċlanaċ a ḋíbirt a' h-Éirinn agus ċun cóṁaċt na h-Éirean do ċur le ċéile 'n-a gcoinniḃ. Go raiḃ Brian tar éis cóṁaċt na Loċlanaċ do ċur ar neaṁníḋ i Leaṫ Ṁoġa. Dá mbéaḋ sé i n' Árdríġ ar Éirinn an ḟaid a ḃí sé 'n-a ríġ ar Leaṫ Ṁoġa go mbéaḋ cóṁaċt na Loċlanaċ curṫa ar neaṁníḋ aige ar fuaid na h-Éirean go léir. D'á luaṫaċt a taḃarfaí Árdríġeaċt na h-Éirean dó anois gur ḃ'eaḋ ba luaṫa a ḃéaḋ cóṁaċt na Loċlanaċ ar neaṁníḋ. D'á ḃríġ sin nár ḃ’ ḟoláir do Ṁ'lṡeaċlainn sgaraṁaint leis an Árdríġeaċt i dtreó go dtaḃarfaí do Ḃrian í. Dá mba rud é ná toileóċ' M'lṡeaċlainn ċuige sin nár ḃḟoláir d' ḟearaiḃ Éirean a iaraiḋ ar Ḃrian an Árdríġeaċt a ṫógaint do ṫoraḋ caṫa.

Ṫug M'lṡeaċlainn freagra ar na teaċtairíḃ:

“Is liom-sa an Árdríġeaċt,” ar seisean, “agus coimeádfad í. Ní'lim ollaṁ anois láiṫreaċ ċun caṫa agus cruaḋ-ċóṁraic a ḋéanaṁ ċun í ċoimeád. Ṫáinig Brian anso agus mór-ṡluaġ aige. Ṫóg sé a aimsir féin ċun é féin d' ollaṁuġaḋ agus do ċur i dtreó. Tugtar dóṁ-sa mí ó'n lá indiu ċun mo nirt do ċruinniuġaḋ. Má ḟéadaim mo neart do ċruinniuġaḋ taḃarfad caṫ do Ḃrian agus d'á ṁór-ṡluaġ. Má ṫeipean orm an neart a ḋ'oirfeaḋ dom do ċruinniuġaḋ taḃarfad an Árdríġeaċt do Ḃrian. Má ṫoiliġean Brian ċuige sin iartar air fanaṁaint i dTeaṁair agus a ṡlóiġte do ċosg ar ċreaċaḋ ná ar argain a ḋéanaṁ ar an dtír mór-ṫímpal.”

Ṫoiliġ Brian agus d'órduiġ sé na slóiġte do ċosg ar aon díoḃáil a ḋéanaṁ do'n ċóṁarsanaċt. [ 79 ]Ċuir M'lṡeaċlainn a ṫeaċtairí ag triall ar ríġṫiḃ agus ar uaisliḃ Leaṫ Ċuinn 'ġá iaraiḋ orṫa teaċt agus Árdríġ Éirean do ċosaint i gcoinniḃ Ḃriain. Ṫugadar go léir caint ḃreaġ ḃog réiḋ dos na teaċtairíḃ, aċ níor ġealladar aon ċongnaṁ a ṫaḃairt. Dúḃairt cuid acu nár ṁór dóiḃ aimsir a ṫógaint ċun an sgéil a ḃreiṫniuġaḋ. Dúḃairt cuid acu go gcaiṫfí a leaṫsgéal a ġaḃáil mar ná raiḃ ar a gcumas teaċt an uair sin le h-aon ċongnaṁ. Dá nglaoiḋtí bliain roimis sin orṫa, nó i gceann bliana 'n-a ḋiaiḋ san, go mb’ ḟéidir go ḃféadfaidís rud éigin fóġanta ḋéanaṁ. Aċ an uair sin; dá mbéaḋ ḟios ag M'lṡeaċlainn féin conus a ḃí an sgéal acu ná cuiṁneóċ' sé ar a iaraiḋ orṫa teaċt ag triall air.

Nuair a h-iaraḋ ar Aoḋ ua Néill teaċt dúḃairt sé, go tur, nuair a ḃíoḋ Teaṁair agus Árdríġeaċt Éirean agá ṫaoḃ féin de ṡlioċt Néill go ndéinidís Teaṁair agus Árdríġeaċt Éirean do ċosaint ar naṁdaiḃ iasaċta agus ar Leaṫ Ṁoġa Nuaḋat. Dá mbéaḋ an Árdríġeaċt acu anois go ndéanfaidís an ċosaint ċéadna. B'é sin le ráḋ, mura raiḃ M'lṡeaċlainn ábalta ar an Árdríġeaċt do ċosaint má ḃ'ḟearra ḋó rud a ḋéanfaḋ sé 'ná í ṫaḃairt do'n ḟear a ċosnoċ' í; nó í ṫaḃairt do Ḃrian.

Nuair a fuair M'lṡeaċlainn nár ḃ' aon ṁaiṫ ḋó ḃeiṫ ag braṫ ar ċongnaṁ ó-s na ríġṫiḃ ṫuaiḋ isé rud a ḋein sé 'ná dírim beag marcaċ a ṫaḃairt leis agus teaċt ċun cainte le Brian. Do ġlac Brian é le h-uraim agus le mórċroíḋe. D'inis sé do Ḃrian conus a ḃí caillte air ag ríġṫiḃ Leaṫ Ċuinn agus an easonóir a ḃí taḃarṫa ag Ua Néill dó.

“Ní foláir dom géilleaḋ ḋuit, a Ḃriain,” ar seisean, “nuair na fuil ar mo ċumas cur ad' ċoinniḃ.”

Do stad Brian agus ḋein sé a ṁaċtnaṁ.

“A Árdríġ,” ar seisean, “ní h-alaiḋ dóṁ-sa aon éagcóir a ḋéanaṁ ort. Má's toil le fearaiḃ Éirean an [ 80 ]Árdríġeaċt so ṫaḃairt dóṁ-sa isé a gceart í ṫaḃairt dom. Má 'sé a dtoil í ċoimeád agat-sa isé a gceart í ċoimeád agat. B'ḟéidir ná fuil fios aigne fear Éirean fós agat-sa ná agam-sa sa sgéal. I dtreó náċ féidir ċoíḋċe a ráḋ gur ḋéineas éagcóir ort socaruiġmís mar seo é. Bíoḋ bliain agat ċun do nirt a ċruinniuġaḋ agus ċun tu féin a ċur i dtreó. Ansan, má ḃíon tú ábalta air, cosain tú féin orm.”

Ḃí iongnaḋ a ċroíḋe ar Ṁ'lṡeaċlainn nuair airiġ sé an ċaint sin.

“Tá go maiṫ, a ríġ,” ar seisean. “Is fial an socaruġaḋ é!” ar seisean. “Mura mbéad-sa ábalta an uair sin ar mé féin a ċosaint ort-sa taḃarfad an Árdríġeaċt duit gan ċosnaṁ, agus taḃarfad geill anois duit go seasóċad an socaruġaḋ san.”

“Ní iarfad-sa aon ġeall ort,” arsa Brian, “aċ do ḃriaṫar ríġ.”

Ansan do ḃronn Brian ḋá ċéad agus daċad capal, des na capailiḃ ab ḟearr a ḃí aige, ar Ṁ'lṡeaċlainn, agus ṫug sé seóid éigin uasal do gaċ fear des na fearaiḃ a ḃí i n' ḟoċair, agus do sgaradar, agus ṫáinig Brian agus a ṁór-ṡluaġ aḃaile go Ceann Cora.

Tá aḋḃar maċtnaiṁ sa méid sin gnóṫa agus is fiú an gnó maċtnaṁ a ḋéanaṁ air. Ḃí mór-ṡluaġ ag Brian. Ní raiḃ aon neart slóġ ag M'lṡeaċlainn. Cad 'n-a ṫaoḃ nár ḋéin Brian prísúnaċ de Ṁ'lṡeaċlainn láiṫreaċ bonn, agus an Árdríġeaċt do ṫógaint ċuige féin? Cad a déanfaí ṫall i Sasana aon lá le h-oċt gcéad blian dá mba ṫall i Sasana ḃéaḋ an t-imreas ar siúḃal? Cad a ḋein an ceaṫraṁaḋ Haṁrí, an fear ar a dtugtí Bolingbroke, nuair a ḃain sé ríġeaċt Ṡasana de'n tarna Risteárd? Ḋein sé prísúnaċ láiṫreaċ de'n tarna Risteárd agus ansan níor ḃ' ḟada gur ṁairḃ sé é. Ní ḟéadfaḋ sé a ṫuisgint i n' aigne go raiḃ sé [ 81 ]féin ó ḃaoġal ná go raiḃ greim ceart ar an ríġeaċt aige go dtí go raiḃ Risteárd curṫa ċun baís aige. Feuċ ar an dtríṁaḋ Risteárd, ṫall i Sasana. Ċun teaċt ar ríġeaċt Ṡasana agus ċun na ríġeaċta ċoimeád dó féin do ṁairḃ sé a ġaolta go léir díreaċ mar a ṁarḃóċ' búistéir muca! Feuċ siar orṫa go léir, ó'n lá a ṫáinig Uilliam agus a ṡluaġ Nórmánaċ isteaċ, go dtí gur ḃain na daoine an ċóṁaċt as a láṁaiḃ ar fad náċ mór, agus nár fágaḋ acu aċ ainim na cóṁaċta. Cad a ḃí acu 'á ḋéanaṁ i gcaiṫeaṁ na h-aimsire go léir aċ ag sáḋ a ċéile agus ag taċtaḋ a ċéile ag baint na ríġeaċta d'á ċéile!

Cad 'déarfaḋ duine acu súd dá n-airiġeaḋ sé an ċaint úd a ṫárla an lá úd, idir Ḃrian agus M'lṡeaċlainn? “Ní'lim ollaṁ anois ċun caṫa ṫaḃairt duit, a Ḃriain,” arsa M'lṡeaċlainn. “Taḃair mí ḋom ċun mo nirt do ċruinniuġaḋ agus ansan taḃarfaiḋ mé caṫ ḋuit ċun na h-Árdríġeaċta do ċosaint ort.”

Cad 'déarfaḋ Bolingbroke dá n-abraḋ an tarna Risteárd an ċaint sin leis? “Ní'lim ollaṁ anois, a Ḃolingbroke, ċun caṫa ṫaḃairt duit. Tá mo neart sgaipiṫe uaim. Ní'lim aċ tagaiṫe a leiṫ ó Éirinn mar a raḃas a d'iaraiḋ smaċt a ċur ar ṁuintir na h-Éirean. Taḃair mí ḋom ċun mo nirt do ċruinniuġaḋ. Ansan taḃarfaiḋ mé caṫ ḋuit ċun mo ríġeaċta do ċosaint ort.” — Cad é an sgeartaḋ gáire a ḋéanfaḋ Bolingbroke d'á n-airiġeaḋ sé caint de'n tsórd san ó Risteárd! Ba ḋóiċ liom áṁṫaċ, go ndéanfaḋ Risteárd féin sgeartaḋ gáire ba ṁó 'ná é dá n-airiġeaḋ sé an ċaint eile úd ó Ḃolingbroke: “Ní h-eaḋ, a Risteáird, aċ taḃarfaiḋ mé bliain duit ċun do nirt a ċruinniuġaḋ!”

Aċ siní díreaċ an saġas cainte do ṫárla idir Ḃrian agus M'lṡeaċlainn i dtaoḃ Árdríġeaċta na h-Éirean, agus níor ċuir an ċaint iongnaḋ ar aoinne de'n ḃeirt, nár ar aoinne [ 82 ]de ríġṫiḃ ná d'uaisliḃ na h-Éirean a ḃí ag éisteaċt léis an gcaint.

Níor ṫárla an ċaint sin ná aon ċaint d'á sórd, idir Ḃolingbroke agus Risteárd. Murar ṫárla do ṫárla gur ṫóg Bolingbroke ċuige ríġeaċt Ṡasana, agus gur ċuir sé Risteárd ċun báis le h-eagla go mb’ ḟéidir go dtiocfaḋ le Risteárd a neart do ċruinniuġaḋ agus an ríġeaċt a ḃaint dé airís.

Do ṫárla an ċaint idir Ḃrian agus M'lṡeaċlainn. Má ṫárla do ṫárla gur tugaḋ an mí do M'lṡeaċlainn. Níor ḟéad sé aon neart do ċruinniuġaḋ i gcaiṫeaṁ an ṁí. Ansan do tugaḋ an ḃliain dó. Níor ḟéad sé aon neart do ċruinniuġaḋ i gcaiṫeaṁ na bliana aċ ċóṁ beag agus d'ḟéad sé é ċruinniuġaḋ i gcaiṫeaṁ an ṁí.

Ansan do tugaḋ an Árdríġeaċt do Ḃrian — agus níor ċuir Brian M'lṡeaċlainn ċun báis. Níor ċuir, aċ má seaḋ do deineaḋ ríġ cúige de Ṁ'lṡeaċlainn agus ḃí sé ċóṁ maiṫ ċóṁ dílis de ríġ cúige le h-aon ríġ eile cúige d'á raiḃ i n-Éirinn. Ḃí an Árdríġeaċt ag Brian agus níor ṁairḃ sé aoinne ċun í ḟáġail ná ċun í ċoimeád.

Míle blian sar ar ṫárla an méid sin cainte agus an méid sin gnóṫa idir Ḃrian agus M'lṡeaċlainn do ṫárla caint de'n tsaġas ċéadna agus gnó de'n tsaġas ċéadna idir ḋá ríġ eile a ḃí i n-Éirinn an uair sin. B'iad ḋá ríġ iad san 'ná Conċuḃar mac Neasa agus Feargus mac Róig. Ḃí Feargus mac Róig 'n-a ríġ ar Ċúig' Ulaḋ. Do ċuir Conċuḃar mac Neasa Feargus as an ríġeaċt, agus ḋein sé ríġ ar Ċúig' Ulaḋ ḋé féin. Ansan feuċ cad a ṫuig amaċ. Ar ċuir Conċuḃar Feargus ċun báis le h-eagla go n-eireóċ' sé 'n-a ċoinniḃ agus go gcuirfeaḋ sé as an ríġeaċt airís é? Níor ċuir. A ṁalairt sin ar fad iseaḋ do ṫuit amaċ. D'ḟan Conċuḃar suiḋte go daingean sa ríġeaċt agus ḃí caradas dlúṫ idir é agus Feargus, agus ní raiḃ aon [ 83 ]ċóṁairleaċ aige ba ġiora ḋ'á ċroíḋe 'ná Feargus, ná ba ḋílse ḋó 'ná Feargus, go dtí gur ḋein sé féin an feall mór ar ċlainn Uisniġ.

Cad 'n-a ṫaoḃ gur ḟéad an dá níḋ sin tuitim amaċ ar an aon ċuma aṁáin sin i n-Éirinn fad ó agus an míle blian san eatarṫa? Ní'l aċ aon ḟreagra aṁáin le taḃairt ar an gceist sin. Sidé an freagra. Ḃí i n-Éirinn, i gcaiṫeaṁ an ṁíle blian san, cóṁaċt éigin a ḃí níba ṫreise 'ná na ríġṫe. Ċuir an ċóṁaċt san ḟiaċaiḃ ar Ḟeargus luiġe isteaċ i ngnó na ríġeaċta fé smaċt Ċonċuḃair, agus ċuir sí ḟiaċaiḃ ar Ċonċuḃar gan aon éagcóir a ḋéanaṁ ar Ḟeargus. Ċuir an ċóṁaċt san ḟiaċaiḃ ar an mbeirt ceart a ċéile ḋ' adṁáil agus beart a ḋéanaṁ do réir ċirt a ċéile. Ṫug san deiṁne do Ċonċuḃar nár ḃaoġal dó Feargus, agus ṫug san deiṁne d' Ḟeargus nár ḃaoġal dó Conċuḃar. Ó n-ár n-aiṫne ar Ċonċuḃar is deiṁin dúinn, mura mbéaḋ a ḟios a ḃeiṫ aige nár ḃaoġal dó Feargus, agus mura mbéaḋ nár ḃ'ḟéidir dó gaḃáil i gcoinniḃ na cóṁaċta a ṫug an deiṁne sin dó, go gcuirfeaḋ sé Feargus ċun báis tapaiḋ go leór.

Cad í an ċóṁaċt í sin a ċuir an smaċt uaṫḃásaċ san ar an dá ríġ sin an uair sin, i n-Éirinn, agus do ċuir an smaċt céadna ar an dá ríġ eile, ar Ḃrian agus ar Ṁ'lṡeaċlainn, míle blian 'n-a ḋiaiġ san? Ainimniġṫear an ċóṁaċt san go minic i seanaċus na h-Éirean. “Firu Éirean” a tugtar ar an gcóṁaċt san i seanaċus na h-Éirean. “Aigne na ndaoine,” nó “an aigne ṗoibiliḋe” a tugtar i Béarla anois ar an gcóṁaċt san.

Nuair a ḃíon ag an bpoibilíḋeaċt eólus agus tuisgint agus éirim aigne, agus nósa láidire daingeana, cúmṫa as an eólus san agus as an dtuisgint sin agus as an éirim aigne sin le taiṫíġe agus le h-imeaċt aimsire, ní ḃíon sé ar ċumas aon duine, dá mbéaḋ sé 'n-a ríġ seaċt n-uaire, gaḃáil i gcoinniḃ aigne agus toile na poibiliḋeaċta san, go [ 84 ]mór mór, ins na neiṫiḃ ar a mbíon aigne na poibliḋeaċta socair. D'á ṁéid iad an t-eólus agus an tuisgint agus an éirim aigne, sa ṗoibiliḋeaċt, iseaḋ is treise agus iseaḋ is uaisle an ċóṁaċt, agus iseaḋ is iomláine a ṫeiḋean an ċóṁaċt i ḃfeiḋm.

Ḃí an ċóṁaċt san i ḃfeiḋm i n-Éirinn i n-aimsir Ċonċuḃair ṁic Neasa. Ḃí sí i ḃfeiḋm i n-Éirinn i n-aimsir Ḃriain agus Ṁ'lṡeaċlainn. Do ċoṫuiġ na ríġṫe féin an ċóṁaċt san i n-Éirinn mar ḃí ḟios acu gur ḃ' é a mbuac í ċoṫuġaḋ agus í ċoimeád neartṁar. Ḃí ḟios acu, ḃíoḋ nár ḃ'ḟoláir dóiḃ ḃeiṫ úṁal di i neiṫiḃ áiriġṫe, ná raiḃ níḋ ar biṫ ab ḟearr 'ná í ċun a n-uġdaráis féin do ċur i ḃfeiḋm, ar gaċ aon tsaġas cuma 'n-ar ḃ' é a leas a n-uġdarás do ḋul i ḃfeiḋm.

Taisbeánan an méid sin go léir go raiḃ i n-Éirinn fadó, ó aimsir Ċonċuḃair ṁic Neasa go dtí aimsir Ḃriain, uaisleaċt ṗoibiliḋe, agus úṁluiġeaċt ṗoibiliḋe do ḋliġṫiḃ agus do nósaiḃ maiṫe uaisle, náċ ró ḟuiriste a leiṫéid a ḋ'ḟeisgint anois i n-aon treaḃċas daoine d'á ḃfuil suas.

Ná ropairí Gallda so a ṁeasfaḋ a ċur 'n-a luiġe ar ḋaoiniḃ anois ná raiḃ i n-Éirinn fadó aċ daoine fiaine, deinidís maċtnaṁ ar an méid sin. Agus an ċuid d'ár ndaoine féin nár ċuid ba lúġa ná a ḟonn a ḃéaḋ orṫa géilleaḋ d'éiṫeaċ na ropairí sin, deinidís maċtnaṁ ar an méid sin.