ċóṁairleaċ aige ba ġiora ḋ'á ċroíḋe 'ná Feargus, ná ba ḋílse ḋó 'ná Feargus, go dtí gur ḋein sé féin an feall mór ar ċlainn Uisniġ.
Cad 'n-a ṫaoḃ gur ḟéad an dá níḋ sin tuitim amaċ ar an aon ċuma aṁáin sin i n-Éirinn fad ó agus an míle blian san eatarṫa? Ní'l aċ aon ḟreagra aṁáin le taḃairt ar an gceist sin. Sidé an freagra. Ḃí i n-Éirinn, i gcaiṫeaṁ an ṁíle blian san, cóṁaċt éigin a ḃí níba ṫreise 'ná na ríġṫe. Ċuir an ċóṁaċt san ḟiaċaiḃ ar Ḟeargus luiġe isteaċ i ngnó na ríġeaċta fé smaċt Ċonċuḃair, agus ċuir sí ḟiaċaiḃ ar Ċonċuḃar gan aon éagcóir a ḋéanaṁ ar Ḟeargus. Ċuir an ċóṁaċt san ḟiaċaiḃ ar an mbeirt ceart a ċéile ḋ' adṁáil agus beart a ḋéanaṁ do réir ċirt a ċéile. Ṫug san deiṁne do Ċonċuḃar nár ḃaoġal dó Feargus, agus ṫug san deiṁne d' Ḟeargus nár ḃaoġal dó Conċuḃar. Ó n-ár n-aiṫne ar Ċonċuḃar is deiṁin dúinn, mura mbéaḋ a ḟios a ḃeiṫ aige nár ḃaoġal dó Feargus, agus mura mbéaḋ nár ḃ'ḟéidir dó gaḃáil i gcoinniḃ na cóṁaċta a ṫug an deiṁne sin dó, go gcuirfeaḋ sé Feargus ċun báis tapaiḋ go leór.
Cad í an ċóṁaċt í sin a ċuir an smaċt uaṫḃásaċ san ar an dá ríġ sin an uair sin, i n-Éirinn, agus do ċuir an smaċt céadna ar an dá ríġ eile, ar Ḃrian agus ar Ṁ'lṡeaċlainn, míle blian 'n-a ḋiaiġ san? Ainimniġṫear an ċóṁaċt san go minic i seanaċus na h-Éirean. “Firu Éirean” a tugtar ar an gcóṁaċt san i seanaċus na h-Éirean. “Aigne na ndaoine,” nó “an aigne ṗoibiliḋe” a tugtar i Béarla anois ar an gcóṁaċt san.
Nuair a ḃíon ag an bpoibilíḋeaċt eólus agus tuisgint agus éirim aigne, agus nósa láidire daingeana, cúmṫa as an eólus san agus as an dtuisgint sin agus as an éirim aigne sin le taiṫíġe agus le h-imeaċt aimsire, ní ḃíon sé ar ċumas aon duine, dá mbéaḋ sé 'n-a ríġ seaċt n-uaire, gaḃáil i gcoinniḃ aigne agus toile na poibiliḋeaċta san, go