Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/88

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
84
NIAṀ

mór mór, ins na neiṫiḃ ar a mbíon aigne na poibliḋeaċta socair. D'á ṁéid iad an t-eólus agus an tuisgint agus an éirim aigne, sa ṗoibiliḋeaċt, iseaḋ is treise agus iseaḋ is uaisle an ċóṁaċt, agus iseaḋ is iomláine a ṫeiḋean an ċóṁaċt i ḃfeiḋm.

Ḃí an ċóṁaċt san i ḃfeiḋm i n-Éirinn i n-aimsir Ċonċuḃair ṁic Neasa. Ḃí sí i ḃfeiḋm i n-Éirinn i n-aimsir Ḃriain agus Ṁ'lṡeaċlainn. Do ċoṫuiġ na ríġṫe féin an ċóṁaċt san i n-Éirinn mar ḃí ḟios acu gur ḃ' é a mbuac í ċoṫuġaḋ agus í ċoimeád neartṁar. Ḃí ḟios acu, ḃíoḋ nár ḃ'ḟoláir dóiḃ ḃeiṫ úṁal di i neiṫiḃ áiriġṫe, ná raiḃ níḋ ar biṫ ab ḟearr 'ná í ċun a n-uġdaráis féin do ċur i ḃfeiḋm, ar gaċ aon tsaġas cuma 'n-ar ḃ' é a leas a n-uġdarás do ḋul i ḃfeiḋm.

Taisbeánan an méid sin go léir go raiḃ i n-Éirinn fadó, ó aimsir Ċonċuḃair ṁic Neasa go dtí aimsir Ḃriain, uaisleaċt ṗoibiliḋe, agus úṁluiġeaċt ṗoibiliḋe do ḋliġṫiḃ agus do nósaiḃ maiṫe uaisle, náċ ró ḟuiriste a leiṫéid a ḋ'ḟeisgint anois i n-aon treaḃċas daoine d'á ḃfuil suas.

Ná ropairí Gallda so a ṁeasfaḋ a ċur 'n-a luiġe ar ḋaoiniḃ anois ná raiḃ i n-Éirinn fadó aċ daoine fiaine, deinidís maċtnaṁ ar an méid sin. Agus an ċuid d'ár ndaoine féin nár ċuid ba lúġa ná a ḟonn a ḃéaḋ orṫa géilleaḋ d'éiṫeaċ na ropairí sin, deinidís maċtnaṁ ar an méid sin.