Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/89

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
85
NIAṀ

CAIBIDIOL XVI.

FEAR NA gCOS.

An ḟaid a ḃí an ṁór-ṡluaġ ag dul ó Ċeann Cora soir óṫuaiḋ go Teaṁair, ḃí Meargaċ agus na gaiḃní ab ḟearr a ḃí aige i ḃfoċair an tslóiġ. Ḃí seaċt cinn de ċeártanaiḃ aige agus iad ar roṫanaiḃ agus na gaiḃní ag obair ionta. Ceárta acu ag gaḃáil le gaċ caṫ des na seaċt caṫanaiḃ. Ṫáinig gaiḃní ó'n mbaile le cuid des na caṫanaiḃ, aċ nuair a ṫáinig na caṫana go léir i ḃfoċair a ċéile do cuireaḋ na gaiḃní go léir fé smaċt Ṁeargaiġ. Ḃí siúinéirí, leis, ann ċun pé obair aḋmaid a ḃéaḋ riaċtanaċ do ḋéanaṁ. Agus ḃí mná uaisle ann, mná agus deirḃṡéraċa agus inġeana na ríġṫe agus na dtaoiseaċ a ḃí ar na caṫanaiḃ. Ḃí ana ṫuisgint ag na mnáiḃ uaisle sin ins gaċ níḋ a ḃain le h-aireaċas a ṫaḃairt do ḋaoine gunta, agus ṫugadar leó ó'n mbaile na córaċa a ḃí riaċtanaċ dóiḃ ċun na h-oibre sin. Ṫug gaċ bean uasal díoḃ léi, leis, raint ban eile mar ṡeirḃíseaċa agus ḃí na mná go léir, idir ṡeirḃíseaċa agus mná uaisle, ana ṫuisgionaċ sa ġnó a ḃí le déanaṁ acu. Measaim, nuair a ḃíoḋ caṫ ar siúḃal, gur ḃ'ḟearr an t-aireaċas a ṫugaḋ na mná san an uair sin dos na fearaiḃ gunta 'ná mar a tugtar anois dóiḃ nuair a ḃíon caṫ ar siúḃal. Is dóiċ le liaġaiḃ agus le doċtúiriḃ na h-aimsire seo gur mó agus gur fearr go mór an t-eólus atá acu féin 'ná mar a ḃí ag aoinne sa tsean aimsir. Tá dearṁad mór orṫa. Imṫeóċaiḋ garsún anois agus foġlumóċaiḋ sé raint ḃeag Laidne. Ansan imṫeóċaiḋ sé isteaċ i gcoláiste éigin. Taḃarfaiḋ sé forṁór na h-aimsire sa ċoláiste sin ag imirt ċártaí agus ag cuideaċtanas agus ag ól.