Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/90

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
86
NIAṀ

Déanfaiḋ sé iaraċt ar ċeisteanaiḃ áiriġṫe do ṫógaint agus ar iad do ḟreagairt. Ansan tiocfaiḋ sé ċúġainn amaċ agus é n-a ḋoċtúir! Ansan beiḋ ár n-anam i láiṁ an doċtúra san! Ḃí níos mó eóluis ag cuid de ṁnáiḃ na sean aimsire 'ná mar atá ag forṁór na ndoċtúirí seo anois againn. Eolus as leaḃraiḃ atá acu so. Eolus as an obair a ḃí acu súd. Do fuaraḋ an t-eólus as an obair. Ċoimeád na mná é agus ṫugadar d'á n-inġeanaiḃ é, agus ḃí an obair agus an taiṫiġe 'ġá ċur i méid agus i gcruinneas ó ṡlioċt go slioċt. I n-éaġmuis an eóluis a ḃeiṫ ag na mnáiḃ ḃí deiṁne eile ag fearaiḃ gunta ins na seana ċogaíḃ úd ar aireaċas maiṫ a ḋ'ḟáġail. Na mná a ḃíoḋ ag taḃairt an aireaċais dóiḃ b' iad a ngaolta féin iad, a mná pósta nó a ndeirḃṡéraċa.

Ḃíoḋ na giollaí turais go líonṁar i gcóṁnuíġe i n-armáil Ḃriain. Ḃídís ag gluaiseaċt ar an uile ṡaġas teaċtaireaċta ó Ḃrian ċun an mbuiḋean eile de'n tsluaġ nó ċun na n-uasal a ḃíoḋ sa ċóṁarsanaċt. Ḃídís roimis an sluaġ amaċ ag réiḋteaċ na mbóiṫre nó ag déanaṁ an eóluis, 'ġá ḋéanaṁ amaċ ciacu bóṫar ab ḟearr nó ba réiḋe nó ba ċóṁngaraíġe. Mar sin ní ḃídís ċoíḋċe daingean i n-aon áit aṁáin de'n tsluaġ. Ḃeireaḋ a ngnó sa tímpal iad i dtreó go mbídís tamal ins gaċ aon ḃuiḋin.

Níor ḃ' ḟada gur tugaḋ fé ndeara go mbíoḋ Caoilte i mbuiḋin Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla níba ṁinicíġe go mór 'ná mar a ḃíoḋ sé i n-aon ḃuiḋin eile, pé cúis a ḃí aige leis. Ḃíoḋ daoine 'ġá ḟiafraíġe d'á ċéile cad iad na teaċtaireaċtaí móra a ḃíoḋ ag Brian le cur, ċóṁ minic sin, ag triall ar Ṫaḋg Ṁór ua Ċealla seaċas aon ríġ eile d'á raiḃ ar an sluaġ. Ansan do tugtí mar ḟreagra ar ḟiafraiġe de'n tsórd san: “Náċ 'mó gnó a ḃéaḋ ag giolla turais i mbuiḋin Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla i n-éaġmais aon teaċtaireaċt a ṫaḃairt ó'n ríġ?”