Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/82

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
78
NIAṀ

ag triall ar Ṁ'lṡeaċlainn, 'ġá ráḋ gur ḃ' é toil fear Éirean go ndéanfaḋ M'lṡeaċlainn sgaraṁaint leis an Árdríġeaċt i dtreó go dtaḃarfaí do Ḃrian í. Gur ḃ' é ċúis a ḃí ag fearaiḃ Éirean leis sin 'ná a luiġead a ḃí déanta ag M'lṡeaċlainn, i gcaiṫeaṁ na h-aimsire a ḃí sé i n' Árdríġ, ċun na Loċlanaċ a ḋíbirt a' h-Éirinn agus ċun cóṁaċt na h-Éirean do ċur le ċéile 'n-a gcoinniḃ. Go raiḃ Brian tar éis cóṁaċt na Loċlanaċ do ċur ar neaṁníḋ i Leaṫ Ṁoġa. Dá mbéaḋ sé i n' Árdríġ ar Éirinn an ḟaid a ḃí sé 'n-a ríġ ar Leaṫ Ṁoġa go mbéaḋ cóṁaċt na Loċlanaċ curṫa ar neaṁníḋ aige ar fuaid na h-Éirean go léir. D'á luaṫaċt a taḃarfaí Árdríġeaċt na h-Éirean dó anois gur ḃ'eaḋ ba luaṫa a ḃéaḋ cóṁaċt na Loċlanaċ ar neaṁníḋ. D'á ḃríġ sin nár ḃ’ ḟoláir do Ṁ'lṡeaċlainn sgaraṁaint leis an Árdríġeaċt i dtreó go dtaḃarfaí do Ḃrian í. Dá mba rud é ná toileóċ' M'lṡeaċlainn ċuige sin nár ḃḟoláir d' ḟearaiḃ Éirean a iaraiḋ ar Ḃrian an Árdríġeaċt a ṫógaint do ṫoraḋ caṫa.

Ṫug M'lṡeaċlainn freagra ar na teaċtairíḃ:

“Is liom-sa an Árdríġeaċt,” ar seisean, “agus coimeádfad í. Ní'lim ollaṁ anois láiṫreaċ ċun caṫa agus cruaḋ-ċóṁraic a ḋéanaṁ ċun í ċoimeád. Ṫáinig Brian anso agus mór-ṡluaġ aige. Ṫóg sé a aimsir féin ċun é féin d' ollaṁuġaḋ agus do ċur i dtreó. Tugtar dóṁ-sa mí ó'n lá indiu ċun mo nirt do ċruinniuġaḋ. Má ḟéadaim mo neart do ċruinniuġaḋ taḃarfad caṫ do Ḃrian agus d'á ṁór-ṡluaġ. Má ṫeipean orm an neart a ḋ'oirfeaḋ dom do ċruinniuġaḋ taḃarfad an Árdríġeaċt do Ḃrian. Má ṫoiliġean Brian ċuige sin iartar air fanaṁaint i dTeaṁair agus a ṡlóiġte do ċosg ar ċreaċaḋ ná ar argain a ḋéanaṁ ar an dtír mór-ṫímpal.”

Ṫoiliġ Brian agus d'órduiġ sé na slóiġte do ċosg ar aon díoḃáil a ḋéanaṁ do'n ċóṁarsanaċt.