Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/83

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
79
NIAṀ

Ċuir M'lṡeaċlainn a ṫeaċtairí ag triall ar ríġṫiḃ agus ar uaisliḃ Leaṫ Ċuinn 'ġá iaraiḋ orṫa teaċt agus Árdríġ Éirean do ċosaint i gcoinniḃ Ḃriain. Ṫugadar go léir caint ḃreaġ ḃog réiḋ dos na teaċtairíḃ, aċ níor ġealladar aon ċongnaṁ a ṫaḃairt. Dúḃairt cuid acu nár ṁór dóiḃ aimsir a ṫógaint ċun an sgéil a ḃreiṫniuġaḋ. Dúḃairt cuid acu go gcaiṫfí a leaṫsgéal a ġaḃáil mar ná raiḃ ar a gcumas teaċt an uair sin le h-aon ċongnaṁ. Dá nglaoiḋtí bliain roimis sin orṫa, nó i gceann bliana 'n-a ḋiaiḋ san, go mb’ ḟéidir go ḃféadfaidís rud éigin fóġanta ḋéanaṁ. Aċ an uair sin; dá mbéaḋ ḟios ag M'lṡeaċlainn féin conus a ḃí an sgéal acu ná cuiṁneóċ' sé ar a iaraiḋ orṫa teaċt ag triall air.

Nuair a h-iaraḋ ar Aoḋ ua Néill teaċt dúḃairt sé, go tur, nuair a ḃíoḋ Teaṁair agus Árdríġeaċt Éirean agá ṫaoḃ féin de ṡlioċt Néill go ndéinidís Teaṁair agus Árdríġeaċt Éirean do ċosaint ar naṁdaiḃ iasaċta agus ar Leaṫ Ṁoġa Nuaḋat. Dá mbéaḋ an Árdríġeaċt acu anois go ndéanfaidís an ċosaint ċéadna. B'é sin le ráḋ, mura raiḃ M'lṡeaċlainn ábalta ar an Árdríġeaċt do ċosaint má ḃ'ḟearra ḋó rud a ḋéanfaḋ sé 'ná í ṫaḃairt do'n ḟear a ċosnoċ' í; nó í ṫaḃairt do Ḃrian.

Nuair a fuair M'lṡeaċlainn nár ḃ' aon ṁaiṫ ḋó ḃeiṫ ag braṫ ar ċongnaṁ ó-s na ríġṫiḃ ṫuaiḋ isé rud a ḋein sé 'ná dírim beag marcaċ a ṫaḃairt leis agus teaċt ċun cainte le Brian. Do ġlac Brian é le h-uraim agus le mórċroíḋe. D'inis sé do Ḃrian conus a ḃí caillte air ag ríġṫiḃ Leaṫ Ċuinn agus an easonóir a ḃí taḃarṫa ag Ua Néill dó.

“Ní foláir dom géilleaḋ ḋuit, a Ḃriain,” ar seisean, “nuair na fuil ar mo ċumas cur ad' ċoinniḃ.”

Do stad Brian agus ḋein sé a ṁaċtnaṁ.

“A Árdríġ,” ar seisean, “ní h-alaiḋ dóṁ-sa aon éagcóir a ḋéanaṁ ort. Má's toil le fearaiḃ Éirean an