Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/84

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
80
NIAṀ

Árdríġeaċt so ṫaḃairt dóṁ-sa isé a gceart í ṫaḃairt dom. Má 'sé a dtoil í ċoimeád agat-sa isé a gceart í ċoimeád agat. B'ḟéidir ná fuil fios aigne fear Éirean fós agat-sa ná agam-sa sa sgéal. I dtreó náċ féidir ċoíḋċe a ráḋ gur ḋéineas éagcóir ort socaruiġmís mar seo é. Bíoḋ bliain agat ċun do nirt a ċruinniuġaḋ agus ċun tu féin a ċur i dtreó. Ansan, má ḃíon tú ábalta air, cosain tú féin orm.”

Ḃí iongnaḋ a ċroíḋe ar Ṁ'lṡeaċlainn nuair airiġ sé an ċaint sin.

“Tá go maiṫ, a ríġ,” ar seisean. “Is fial an socaruġaḋ é!” ar seisean. “Mura mbéad-sa ábalta an uair sin ar mé féin a ċosaint ort-sa taḃarfad an Árdríġeaċt duit gan ċosnaṁ, agus taḃarfad geill anois duit go seasóċad an socaruġaḋ san.”

“Ní iarfad-sa aon ġeall ort,” arsa Brian, “aċ do ḃriaṫar ríġ.”

Ansan do ḃronn Brian ḋá ċéad agus daċad capal, des na capailiḃ ab ḟearr a ḃí aige, ar Ṁ'lṡeaċlainn, agus ṫug sé seóid éigin uasal do gaċ fear des na fearaiḃ a ḃí i n' ḟoċair, agus do sgaradar, agus ṫáinig Brian agus a ṁór-ṡluaġ aḃaile go Ceann Cora.

Tá aḋḃar maċtnaiṁ sa méid sin gnóṫa agus is fiú an gnó maċtnaṁ a ḋéanaṁ air. Ḃí mór-ṡluaġ ag Brian. Ní raiḃ aon neart slóġ ag M'lṡeaċlainn. Cad 'n-a ṫaoḃ nár ḋéin Brian prísúnaċ de Ṁ'lṡeaċlainn láiṫreaċ bonn, agus an Árdríġeaċt do ṫógaint ċuige féin? Cad a déanfaí ṫall i Sasana aon lá le h-oċt gcéad blian dá mba ṫall i Sasana ḃéaḋ an t-imreas ar siúḃal? Cad a ḋein an ceaṫraṁaḋ Haṁrí, an fear ar a dtugtí Bolingbroke, nuair a ḃain sé ríġeaċt Ṡasana de'n tarna Risteárd? Ḋein sé prísúnaċ láiṫreaċ de'n tarna Risteárd agus ansan níor ḃ' ḟada gur ṁairḃ sé é. Ní ḟéadfaḋ sé a ṫuisgint i n' aigne go raiḃ sé