Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/85

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
81
NIAṀ

féin ó ḃaoġal ná go raiḃ greim ceart ar an ríġeaċt aige go dtí go raiḃ Risteárd curṫa ċun baís aige. Feuċ ar an dtríṁaḋ Risteárd, ṫall i Sasana. Ċun teaċt ar ríġeaċt Ṡasana agus ċun na ríġeaċta ċoimeád dó féin do ṁairḃ sé a ġaolta go léir díreaċ mar a ṁarḃóċ' búistéir muca! Feuċ siar orṫa go léir, ó'n lá a ṫáinig Uilliam agus a ṡluaġ Nórmánaċ isteaċ, go dtí gur ḃain na daoine an ċóṁaċt as a láṁaiḃ ar fad náċ mór, agus nár fágaḋ acu aċ ainim na cóṁaċta. Cad a ḃí acu 'á ḋéanaṁ i gcaiṫeaṁ na h-aimsire go léir aċ ag sáḋ a ċéile agus ag taċtaḋ a ċéile ag baint na ríġeaċta d'á ċéile!

Cad 'déarfaḋ duine acu súd dá n-airiġeaḋ sé an ċaint úd a ṫárla an lá úd, idir Ḃrian agus M'lṡeaċlainn? “Ní'lim ollaṁ anois ċun caṫa ṫaḃairt duit, a Ḃriain,” arsa M'lṡeaċlainn. “Taḃair mí ḋom ċun mo nirt do ċruinniuġaḋ agus ansan taḃarfaiḋ mé caṫ ḋuit ċun na h-Árdríġeaċta do ċosaint ort.”

Cad 'déarfaḋ Bolingbroke dá n-abraḋ an tarna Risteárd an ċaint sin leis? “Ní'lim ollaṁ anois, a Ḃolingbroke, ċun caṫa ṫaḃairt duit. Tá mo neart sgaipiṫe uaim. Ní'lim aċ tagaiṫe a leiṫ ó Éirinn mar a raḃas a d'iaraiḋ smaċt a ċur ar ṁuintir na h-Éirean. Taḃair mí ḋom ċun mo nirt do ċruinniuġaḋ. Ansan taḃarfaiḋ mé caṫ ḋuit ċun mo ríġeaċta do ċosaint ort.” — Cad é an sgeartaḋ gáire a ḋéanfaḋ Bolingbroke d'á n-airiġeaḋ sé caint de'n tsórd san ó Risteárd! Ba ḋóiċ liom áṁṫaċ, go ndéanfaḋ Risteárd féin sgeartaḋ gáire ba ṁó 'ná é dá n-airiġeaḋ sé an ċaint eile úd ó Ḃolingbroke: “Ní h-eaḋ, a Risteáird, aċ taḃarfaiḋ mé bliain duit ċun do nirt a ċruinniuġaḋ!”

Aċ siní díreaċ an saġas cainte do ṫárla idir Ḃrian agus M'lṡeaċlainn i dtaoḃ Árdríġeaċta na h-Éirean, agus níor ċuir an ċaint iongnaḋ ar aoinne de'n ḃeirt, nár ar aoinne