Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/81

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
77
NIAṀ

stiúruiġ Meargaċ an obair go léir. B'ṡin mar ba ṫúisge a ḃí an obair go léir críoċnuiġṫe. Do críoċnuiġeaḋ an obair go léir fé ḋeire agus do sguireaḋ na longṗuirt agus do ġluais an ṁór-ṡluaġ ċun bóṫair.


CAIBIDIOL XV.

FIR ÉIREAN.

Ba ṁór an raḋarc an ṁór-ṡluaġ san. Ḃí seaċt caṫana ann agus ḃí as cionn trí ṁíle fear ins gaċ caṫ acu san. Ḃí gaċ caṫ fé n-a ríogra féin.

Ḃí Cian mac Maolmuaiḋ ann, ó Uíḃ Eaċaċ Múṁan, agus Dóṁnall mac Duiḃ, agus ḃí trí ṁíle fear acu. Ḃí ríġ na nDéiseaċ ann, Moṫla mac Faoláin, agus trí ṁíle fear aige. Ḃí Loíngseaċ mac Dúlaing ann, ríġ Uíḃ Ċonaill Ġaḃra, agus trí ṁíle fear aige. Ḃí Mac Beaṫaċ, ríġ Ciarraiġe Luaċra ann agus trí ṁíle fear aige. Ḃí Taḋg Mór ua Cealla ann ó Uíḃ Máine agus trí ṁíle fear aige. Ḃí na ríġṫe agus na h-uaisle ann ó gaċ aon ṗáirt de Leaṫ Ṁoġa, na ríġṫe agus na h-uaisle a ḃíoḋ ag cur cogaiḋ ar a ċéile agus ag marḃuġaḋ a ċéile agus ag dísgiuġaḋ a ċéile ar gaċ aon tsaġas cuma go dtí gur ċuir Brian smaċt orṫa, agus gur ċuir sé ḟiaċaiḃ orṫa, d'á lom deirig aiṁḋeóna, a leas a ḋéanaṁ agus leas a ndaoine do ḋéanaṁ agus cur le ċéile i n-aġaiḋ naṁad iasaċta.

Dob' áluinn an raḋarc iad, ag gluaiseaċt soir óṫuaiḋ fé ḋéin na Teaṁraċ. Dob' uasal an raḋarc iad. Ba ċóṁaċtaċ an raḋarc iad.

Ṫánadar i gcóṁngar na Teaṁraċ. Ċuir Brian teaċtairi