Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/80

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
76
NIAṀ

ḋ'innsint go raḃdar ag teaċt agus ċun áite do ċeapaḋ agus do ċoimeád dóiḃ 'n-a ḃféadfaidís longṗort a ċur suas dóiḃ féin. Ní baoġal ná go raiḃ sé ann sar a dtáinig puínn eile, agus ná gur ṡocaruiġ se ar áit ḋeas oireaṁnaċ do longṗort Ṫaiḋg Ṁóir uí Cealla. Níor ḃ'ḟada go dtáinig Taḋg Mór féin agus Niaṁ agus an teiġlaċ go léir, agus ṫug daoine fé ndeara go raiḃ an giolla turais ana ċúramaċ i dtaoḃ longṗuirt Ṫaiḋg Ṁóir.

Ḃí longṗort ríġ Conaċt eile i n-aice na h-áite 'n-a raiḃ longṗort Ṫaiḋg Móir uí Ċealla. Ḃí cuid de ríogra Conaċt a ṫug fé ndeara go raiḃ an giolla turais ana ṫiúsgalaċ ag cur gaċ aon níḋ i n' áit féin i longṗort Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla, agus ḃí raint iongnaḋ orṫa.

Níor fágaḋ an giolla turais aḃfad ag déanaṁ an tiúsgail, áṁṫaċ. Do comáineaḋ ċun siúḃail é ar ṫeaċtair- eaċt eile. Is air a glaoiḋtí i gcóṁnuiġe nuair a ḃíoḋ gáḋ le diṫineas agus le cruinneas agus le géarċúis. Ċuir duine éigin des na h-uaisliḃ leaṫsgéal éigin uaiḋ 'ġá ráḋ ná féadfaḋ sé teaċt. B'éigin do Ċaoilte dul ag triall air agus a ṫaisbeáint dó gur ċeart dó teaċt, go mbéaḋ se ag déanaṁ díoḃála ḋó féin mura dtagaḋ sé agus a ṫaisbeánt dos na h-uaisliḃ eile go raiḃ sé cóṁ maiṫ le h-aoinne acu ċun dualgais fir do ċóṁlíonaḋ.

Nuair a ḃí na h-uaisle go léir cruinniġṫe ḃí mór-ṡluaġ áluinn uasal acfuinneaċ ag Brian. Níor ṁiste “gasra nár ḋóiċ” a ṫaḃairt ar an mór-ṡluaġ san, mar a tugtar sa tsean aṁrán. Ó ṫusnuiġdar ar ṫeaċt ḃí Meargaċ Gaḃa agus a raiḃ de ċeártanaiḃ a tsaoġal aige ag obair go dian ag déanaṁ arm agus ag deisiuġaḋ arm. Ṫáinig gaiḃní i n-aonḟeaċt leis an muintir a ṫáinig. Mura mbéaḋ san níor ḃ'ḟéidir do Ṁeargaċ teaċt ar an obair. Na gaiḃní a ṫáinig, áṁṫaċ, is aṁlaiḋ a luíġdar isteaċ sa n-obair a ḃí ar siúḃal, i dteannta na ngaiḃní a ḃí ann rómpa, agus do