Muintir Bhaile Átha Cliath/Na Deirfiúracha

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Muintir Bhaile Átha Cliath  (2020)  by James Joyce, translated by Domhnall Nagreine
Na Deirfiúracha
[ 7 ]

NA DEIRFIÚRACHA


Bhí sé thar taomadh an babhta seo: ba é seo an tríú stróc apaipléise a bhuail é. Oíche tar éis oíche, chuaigh mé thar an teach (ba le linn na laethanta saoire ón scoil é seo) agus scrúdaigh mé an fhuinneog chearnógach a raibh solas ag teacht as: agus oíche tar éis oíche, chonaic mé go raibh sí ar lasadh sa chaoi chéanna, go fann agus go cothrom. Dá mbeadh sé marbh, a smaoinigh mé, bheadh an seomra níos dorcha agus d’fheicfinn scáil na gcoinnle taobh thiar de na dallóga, óir bhí a fhios agam go gcaithfear dhá choinneal a chur ag ceann an choirp. Ba mhinic a dúirt sé liom: ‘is gairid an seal atá fágtha agam sa tsaol seo’, agus shíl mé gurbh fhánach a fhocal. Anois bhí a fhios agam gurbh fhíor é. Dúirt mé an focal paralysis go ciúin liom féin gach uile oíche agus mé ag stánadh suas ar an fhuinneog. Ba ait an focal ar mo chluasa riamh, fearacht an fhocal gnomon san Euclid agus an fhocal simony sa Teagasc Críostaí. Anois áfach, thaibhsigh an focal dom mar a bheadh neach mailíseach agus peacúil ann. Chuir sé scéin ionam, ach san am céanna shantaigh mé a bheith níos gaire dhó agus féachaint ar a shaothar marfach.

Bhí sean-Mhac Oitir ina shuí cois tine ag caitheamh gaile nuair a tháinig mé anuas an staighre ag am suipéir. Fad is a bhí m’aintín ag dáileadh amach an leite, deir sé, mar a bheadh ag filleadh ar ais ar ráitis éigean a rinne cheana féin:

“Ní hea, ní déarfainn go raibh sé… ach bhí rud éigean corr… bhí rud éigean ait faoi. Is é mo thuairimse...”

[ 8 ]Bhain sé neart gal as a phíopa, gan dabht ag cur eagair ar a thuairim ina intinn féin. An seanbhreallaire bambairneach! Nuair a raibh aithne againn ar dtús air bhí sé suimiúil go leor, lena chaint faoi chama stile agus faoin bhraon broghach; ach ba ghearr gur éirígh mé dóite dá scéalta síoraí faoin tigh stile.

“Tá mo léamh féin agamsa ar an scéal,” a deir sé. Sílim gur ceann é seo de na... cásanna siúd faoi leith... Ach is deacair a rá...’

Thosaigh sé ag baint plaiceanna as a phíopa arís gan a léamh féin a nochtadh dhúinn. Chonaic m’uncail ag stánadh mé agus dúirt sé liom:

“Sea, is amhlaidh go mbeidh brón ort cloisteáil go bhfuil do sheanchara imithe.”

“Cé?” a deirim.

Father Flynn.”

“An bhfuil sé marbh?”

“Tá Mr Cotter anseo díreach tar éis é a rá linn. Bhí sé ag dul thar an teach.”

Bhí a fhios agam go rabhadar go léir ag coimhéad orm, agus mar sin lean mé orm ag ithe mar dhea nach raibh suim agam sa scéal. Mhínigh m’uncail an cás don tsean-Cotter.

“Bhí seisean agus an gasúr an-mhór lena chéile. Mhúin an fear críonna go leor dó, bíodh a fhios agat, agus deirtear go raibh an-chion aige air.”

“Go ndéana Dia trócaire ar a anam” ar m’aint go deabhóideach.

D’fhéach an sean-Chotter ormsa ar feadh tamaill. Mhothaíos a súile beaga dubha ag breathnú orm ach níor thugas de shásamh dhó go n-amharcfainn suas ó mo phláta. D’fhill sé ar a phíopa agus sa deireadh chaith smugairle go drochbhéasach sa tine. [ 9 ]“Níor mhaith liom go mbeadh páistí agamsa,” a dúirt sé, “rómhór le fear mar sin.”

“Céard atá i gceist agat as sin, a mhister Cotter,” a d’fhiafraigh m’aint.

“Is éard atá i gceist agam,” a dúirt an Sean-Chotter, “is dona an rud é do pháistí. An tuiscint atá agamsa, lig do bhuachaill óg rith agus súgradh le buachaillí dá aois féin, agus gan a bheith... An bhfuil an ceart agam, Jack?”

“Is é an dearcadh céanna agamsa é,” ar m’uncail. Lig dó foghlaim an fód a sheasamh as a stuaim féin. Is é sin a deirim i gcónaí leis an Rosicrucian[1] thall ansin: déan roinnt aclaíochta. Go deimhin féin, nuair a bhí mise i mo mhalrach, thógas folcadh fuair, geimhreadh agus samhradh. Agus is é sin a sheasas dom anois. Tá an t-oideachas maith go leor ann féin...

B’fhéidir go mblaisfidh an t-uasal Cotter bolgam den chaorfheoil sin,” a dúirt sé le m’aint mar aguisín.

“Arú, ná tabhair domsa é,” a dúirt an sean-Chotter.

Thóg m’aint pláta ón chófra feola agus chuir ar an tábla é.

“Ach cén fáth a mheasann tú nach ndéanann sé maith do pháistí, a uasail Cotter?” a d’fhiafraigh sí.

“Is dona an rud é dho pháistibh,” a dúirt an Seanchotter, “mar gheall ar a shaonta is atá a n-aigne. Nuair a fheiceann páistí rud mar sin, an bhfuil ‘fhios agat, bíonn tionchar aige... ”

Líon mé mo bhéal le leite ar fhaitíos go labhraínn amach le teann feirge. An Seanleibide bearránach dearg-shrónach! .................


Bhí sé déanach amach san oíche nuair a thit mé i mo chodladh. Cé go raibh mé ar buille leis an tSeanchoitir mar go raibh sé ag tagairt domsa mar a bheadh páiste ionam, bhíos do mo mhearú féin ag iarraidh adhmaid a dhéanamh as [ 10 ]a abairtí neamhchríochnaithe. I ndorchadas mo sheomra, thaibhsigh aghaidh liath mhairbhiteach an phairilisigh. Tharraingíos na pluideanna thar mo cheann agus rinneas iarracht smaoineamh ar an Nollaig. Lean an aghaidh liath mé áfach. Labhair sí trína fiacla, agus thuig mé gur theastaigh uaithi faoistin a dhéanamh i rud éigean. D’airigh mé m’anam ag cúlú isteach i réigiún taitneamhach agus mailíseach; agus bhí sí siúd ag fanacht orm ansin freisin. Thosaigh sí ag déanamh faoistine liom i gcogarnach chainte agus ba iontas liom cúis an mheangadh gáire a rinne sí gan stad liom agus cad ina thaobh taise na liopaí. Ansin áfach, tháinig sé chun cuimhne dhom go bhfuair sé bás de phairilis agus shamhlaíos go raibh mé féin ag déanamh gáire fann freisin, mar a bheinn ag tabhairt aspalóide don tsíomóntaí ina pheaca.[2]

Maidin lá arna mhárach tar éis chuid na maidine, chuaigh mé soir chuig an teach ar Shráid Great Britain[3] chun amhairc air. Ba theach neamhphostúil é, cláraithe faoin ainm doiléir Drapery. Is iad na hearraí ba mhó sa tsiopa, éadaí nó buataisíní páistí agus scáthanna báistí. De ghnáth, bhíodh fógra crochta suas san fhuinneog le Umbrellas Re-covered scríofa air. Ní raibh aon fhógra ann anois, mar bhí na comhlaí tarraingthe anuas ar na fuinneogaibh. Bhí crobhaing créipe ceangailte de bhoschrann an dorais le ribín. Bhí beirt bhan bocht ag léamh an chárta a bhí greamaithe den chréip le biorán. Dhruid mé leis agus léigh:

July 1st, 1895

The Revd James Flynn (formerly of

S. Catherine’s Church, Meath Street),

aged sixty-five years.

R.I.P.

[ 11 ]Ní raibh amhras ar bith orm ach go raibh sé marbh tar éis dom an cárta a léamh. Chuir sé sin stop le mo ghiodam, rud a bhain geit bheag asam. Murach go raibh sé básaithe, rachainn isteach sa tseomra beag dorcha ar chúl an tsiopa, áit a mbeadh sé ina shuí cois tine romham agus é nach mór plúchta ag a chóta mór. B’fhéidir go mbeadh paicéad High Toast faighte agam ó m’aint le tabhairt dó. Mhúsclódh an bronntanas seo é dá thámh mharbhánta codlata. Ba mise a d’fholmhaíodh an paicéad isteach in a bhocsa dubh snaoise, mar bhí an oiread creatháin ina láimh aigesean is go ndoirtfeadh sé a leath dhe ar an urlár dá ndéanadh seisean é. Go fiú nuair a chuireadh sé a lámh mhór chreathach lena shróin, shileadh néalta beaga deataigh trína mhéaracha anuas ar a chóta. B'fhéidir gurbh iad na ceathanna síoraí snaoise seo ba chúis leis an chuma ghlas theilgthe ar a sheanfheisteas sagairt, mar ba bheag an éifeacht a raibh ag a chiarsúr dearg lena shíleadh sé na gráinní a scuabadh uaidh, agus an ciarsúr céanna dubhaithe ag an tsnaois i gcónaí.

Bhí fonn orm dul isteach agus amharc air ach ní raibh sé de mhisneach agam cnagadh ar an doras. D’imíos liom ar an taobh grianmhar den tsráid agus mé ag léamh na bhfógraí dráma i bhfuinneoga na siopaí feadh an bhealaigh. Ba ait liom nach raibh mise ná an lá féin faoi bhrón agus chuir sé cantal orm tabhairt faoi deara go rabhas go fiú amháin ag blaiseadh na saoirse, mar a mbeinn fuascailte ó rud éigean mar thoradh ar a bhás. Bhí iontas orm faoi seo, óir faoi mar a dúirt m’uncail liom an oíche roimhe, is mór an méad a mhúin sé dhom. Bhí seal caite aige ag staidéar [ 12 ]san ollscoil Éireannach sa Róimh agus mhúin foghraíocht cheart na Laidine dhom. D’eachtraigh dhom ar chatacómaí agus ar Napoleon Bonapart, agus mhínigh ciall na ndeasghnátha éagsúla Aifrinn agus ciall na bhfeisteas éagsúil a chaitheas an sagart. Uaireanta, bhaineadh sé sult as ceisteanna deacra a chur orm: d'fhiafraíodh dhíom céard ba chóir do dhuine a dhéanamh i gcás áirithe nó cé dhíobh an raibh peaca faoi leith ina pheaca marfach nó ina pheaca solathach, nó arbh é nach raibh ann ach locht beag daonna. Léirigh a chuid ceisteanna a chasta agus a dhiamhaire is a bhí roinnt bhun-nósanna na hEaglaise ar chreid mise riamh roimhe sin gurbh iad na gníomhartha ba éasca. Chonacthas dom go rabh dualgais i leith na hEocairiste agus i leith rúndacht na faoistine chomh tromchúiseach is gurbh iontas é go bhfuair duine ar bith óna mhisneach tabhairt fúthu; agus ní raibh ionadh ar bith orm nuair a dúirt sé liom go raibh leabhair scríofa ag bunaitheoirí na hEaglaise a bhí chomh tiubh le hEolaire Oifig an Phosta agus a raibh an cló iontu chomh beag le fógraí dlí sa pháipéar nuachta, ina gcuirtear na ceisteanna seo ina suí. Amanna, d’iarrfadh sé orm roinnt de freagraí na hAifreann a rá, mar bhíodar curtha de ghlanmheabhair agam dó. Sméideadh sé a cheann agus aoibh smaointeach an gháire air fad is a bhí na freagraí á ríomh agam, agus shacadh gráinní móra snaoise suas gach poll srónach faoi seach ó am go ham. Nuair a dhéanadh sé meangadh gáire, bheadh a chuid fiacla buí á nochtadh agus a theanga ina luí ar [ 13 ]a liopa íochtair aige. Ba nós é seo a chuir míshuaimhneas orm ar dtús sula raibh aithne mhaith agam air.

Tháinig focail sean-Chotter chun cuimhne dhom agus mé ag siúl faoin ghréin agus rinneas iarracht cuimhneamh ar ar tharla ina dhiaidh sin sa bhrionglóid. Ba chuimhin liom gur thug mé faoi deara cuirtíní fada veilbhite agus lampa ar luascadh a bhí de stíl seanaimseartha. Bhí sé mar a bheinn ar an choigríoch i bhfad ó bhaile in áit ina bhfuil béasa agus bealaí aduaine ag daoine – an Pheirs a shíl mé… ach ní thiocfadh deireadh na brionglóide chun chuimhne.

An oíche sin, thug m’aint léi chuig teach an bháis mé. Bhí an ghrian dulta faoi, ach fuinneoga na dtithe agus a n-aghaidh siar, bhíodar ag caitheamh scáil órga de mhúr mór scamall. Chuir Nannie fáilte romhainn sa halla agus, ó ba mhíchuibhiúil é glaoch amach uirthi, chroch m’aint lámh léi mar chomhartha ómóis do gach a raibh istigh ann. Shín an tseanbhean a méar in airde mar a bheadh sí ag cur ceiste agus, nuair a sméid m’aint a ceann, chuaigh sí ag dreapadh suas an staighre caol go tiarálach. Agus a ceann cromtha síos mar a bhí, is ar éigean a chuaigh sé thar leibhéal ráille an staighre. Stop sí ar an chéad-léibheann cheann staighre agus sméid go spreagúil orainn leanúint ar aghaidh chuig doras oscailte sheomra an bháis. Chuaigh m’aint agus nuair a chonaic an tseanbhean go raibh drogall orm dul isteach, thosaigh ag sméideadh isteach orm arís agus arís eile lena láimh.

Chuas isteach ar bharraicíní na gcos. Bhí solas órga breacdhorcha ag leathadh trí chiumhais lása na ndallóga agus ba chosúil le lasracha caola báiteacha iad na coinnle ann. Bhí sé istigh i gcónra. [ 14 ]Thug Nannie sampla dhúinn agus chuamar síos ar ár nglúine ag bun na leapan. Ligeas orm guí a dhéanamh ach bhí sé fánach orm tabhairt mo mheanman fúithi mar bhí monabhar na seanmhná do mo bhuaireamh. Thugas suntas do a amscaí is a bhí a gúna ceangailte taobh thiar di agus thugas suntas do shálaibh a buataisí a bhí ídithe síos ar thaobh amháin. Bhuail an nóisean mé go raibh aoibh an gháire ar an tsagart istigh ina chónra.

Ní raibh áfach. Chonaiceas nach raibh aoibh an gháire air nuair a d’éiríomar aníos a dhruidim le ceann na leapan. Bhí sé ina luí ansin go forleitheadach foisteanach agus é feistithe mar a bheadh ag dul chun na haltóra, le cailís fostaithe go bog ina lámha móra. Aghaidh ghairgeach, liath agus ollmhór a bhí romhaim, le polláirí dubha cuasacha agus ciorclaithe le clúmh bán scáinte. Bhí boladh láidir sa tseomra - na bláthanna.

Choisriceamar sinn féin agus d’fhágamar é. Sa tseomra beag síos staighre, bhí Eliza ina suí romhainn sa chathaoir uillinne a ngnáthaíodh seisean. Bhraitheas mo shlí romham chuig an chathaoir sa chúinne ina shuíodh mise de ghnáth agus shiúl Nannie chuig an chlár sleasa a tharraingt amach crúsca seirise agus roinnt fíonghloinní. Leag sí ar an bhord iad agus thug cuireadh dhúinn gloine beag fíona a thógáil. Ansin, faoi ordú a deirféar, líon sí na gloiní agus shín chugainn iad. D’iarr sí orm roinnt cream crackers a thógáil ach dhiúltaíos iad mar bhí faitíos orm go ndéanfainn an iomarca torainn dá n-ithe. Shílfeá gur chuir m’eiteach pas beag díomá uirthi. Chuaigh sí sall go ciúin chuig an tolg agus shuigh síos [ 15 ]laistiar dá deirfiúr. Níor labhair aon duine: bhíomar go léir ag stánadh romhainn ar an teallach lom.

D’fhan m’aint ina tost gur lig Eliza osna aisti agus ansin dúirt:

“Á, sea, tá sé dulta go domhan níos fearr.”

Lig Eliza osna eile aisti agus chlaon a ceann mar chomhartha aontaithe. Mhéaraigh m’aint cos a fíonghloine agus bhain súimín beag as.

“Ar… go suaimhneach?” a d’fhiafraigh sí.

“Ó, go suaimhneach go leor a bhean chóir,” ar Eliza. “Ní aireofá an nóiméad a d’imigh an dé deiridh as. Bhí bás álainn aige, moladh le Dia.”

“Agus gach uile rud…?”

Bhí an tAthair O’Rourke isteach leis Dé Máirt agus chuir an ola air agus fuair faoi réir é agus gach aon rud.’

“Bhí a fhios aige mar sin?”

“Chuir sé a thoil lena chinniúint.”

“Tá cuma sách chaoinfhulangach air,” ar m’aint.

“Is é sin a dúirt an bhean a d’fhostaíomar chun a níocháin. Dúirt sí go raibh cuma chomh síochánta chaoinfhulangach air is go sílfeá nach raibh ann ach go raibh sé ina chodladh. Ní shamhlódh aon duine a áille is a bheadh a chorp.”

“Leoga, ní shamhlódh,” ar m’aint.

Bhain sí súimín eile as a gloine agus dúirt:

“Bhuel, a Mhiss Flynn, ar a laghad ar bith, caithfear gur mór an sólás duit é a fhios a bheith agat go ndearna tú gach rud a d’fhéadfá déanamh dhó. Dar mo choinsias, bhí an bheirt díobh an-lách leis.”

Shlíoc Eliza a gúna thar a glúine. [ 16 ]“Á, James bocht’, a dúirt sí. Ag Dia atá a fhios go ndearnamar ár ndícheall agus a bhoichte is atáimid - níor mhaith linn go mbeadh díth ar bith air a fhad is bhí sé ar an tsaol seo abhus.”

Bhí Nannie tar éis a cinn a ligean ar philiúr an tolg agus gach dealramh uirthi go raibh sí ag titim ina codladh.

“Nannie, an créatúr,” ar Eliza agus í ag amhairc uirthi, “tá sí traochta. An tiaráil ar fad a bhí orainn beirt, ag fostú mná chun a níocháin agus ansin bhí sé le fáil faoi réir agus ansin bhí scéal na cónra ann agus b’éigean dúinn an tAifreann a shocrú sa tséipéal. Murach Father O’Rourke níl a fhios agam céard a dhéanfaimis. Is eisean a rug na bláthanna go léir seo chuig an teach, chomh maith leis an dá choinnleoir seo ón tséipéal. Is eisean a scríobh an fógra sa Freeman’s General[4] agus a réitigh na cáipéisí reilige mar aon le hárachas James boicht.”

“Nárbh mhaith uaidh é sin?,” ar m’aint.

Dhún Eliza a súile agus chroith a ceann go mall.

“Níl cara ar bith ionchurtha le seanchairde,” ar sí, “i ndeireadh na dála is iad na seanchairde amháin a dtig leat do mhuinín a chur iontu.”

“Is fíor duit,” ar m’aint. “Agus anois agus é ar shlí na fírinne, táim cinnte nach ndéanfaidh sé dearmad ar do chineáltais leis.”

“Á, James bocht,” a deir Eliza. “Ba bheag an dua a chuir sé orainn. Ní chloisfeá sa tigh é ach oiread le anois féin. Ar a shon sin is uile, tá a fhios agam go bhfuil sé imithe uainn chuig…” [ 17 ]“Is ag an uair a bheas gach aon rud thart a aireóidh tú uait é,” a deir m’aint.

“Tá a fhios sin agam,” ar Eliza. “Ní bheidh mé ag breith a shúram mairteola chuige go deo arís. Agus tusa, a bhean uasal, ní bheidh tú ag cur a snaoise chuige níos mó. Á, James bocht!”

Stop sí, mar a bheadh ag smaoineamh siar ar an tsaol a bhí imithe agus ansin dúirt sí go críonna:

Mar sin féin, thugas faoi deara go raibh rud éigean aisteach ag teacht air sa deireadh. Am ar bith dá dtagainn isteach chuige lena anraith, bheadh sé caite siar sa chathaoir, a phortús tithe ar an urlár agus a bhéal ar oscailt.’

Leag sí méar ar a srón agus chruinnigh a malaí: ansin labhair an athuair:

“ach fós deireadh sé i gcónaí go dtabharfadh sé geábh i gcóiste lá breá éigean sula mbeadh an samhradh thart, ar chúis ar bith eile ach chun fheiceáil an tseantí inar rugadh sinn go léir thíos sa Bhaile Ghaelach, agus deireadh sé go dtabharfadh sé Nannie agus mise in éineacht leis. Dá n-éiríodh Dia linn teacht ar cheann de na cóistí nua-aimsearthaibh nach ndéanann torainn faoinar inis Father O’Rourke dúinn, a deireadh sé. Iad siúd a bhfuil rothaí rheumatic fúthú, ach ceann díbh sin a fháil go saor don ló thall i dtigh Johnny Rush a ghabháil anonn ann le chéile, an triúr dínn tráthnóna Domhnaigh éigean. Ní raibh faoi ná thairis ach a dhéanamh… James bocht!”

“Go ndéana Dia trócaire ar a ainm,” ar m’aint.

Tharraing Eliza a ciarsúr uirthi agus chuimil a súile leis. Ansin chuir sí ar ais ina [ 18 ]póca agus stán ar an tinteán folamh gan focal aisti ar feadh achair fada.

“Bhí sé riamh róchonsiasach, a dúirt sí. Sháraigh dualgais na sagartachta air. Ansin, d’fhéadfá rá gur tháinig an saol salach air.”

“Tuigim,” ar m’aint. “Ba fhear é a raibh díomá air. Ba léir sin.”

Neadaigh ciúnas sa tseomra agus, faoi choim an chiúnais seo, chuas i leith an tábla a bhlaiseadh mo sheirise agus ansin d’fhilleas go ciúin ar mo shuíochán sa chúinne. Bhí an chosúlacht ar Eliza go raibh sí go domhan sa mhachnamh. D’fhanamar go hurramach leis an uainn a bhrisfeadh sí an tost: agus i ndiaidh ciúnais fada, deir sí:

“An chailís sin a bhris sé… ba é sin an tús. Ar ndóigh, deirid nach ndearnadh aon dochar. Is é sin, nach raibh aon cheo istigh inti. Ach mar sin féin… Deirid gur ar an bhuachaill a bhí an locht. Ach bhí James bocht chomh neirbhíseach, go ndéana Dia trócaire air!”

“Agus arb é sin é?” a deir m’aint. “Chualas rud éigean…”

Sméid Eliza a ceann.

“Chuaigh sé sin faoin intinn aige,” a deir sí. “I ndiaidh na heachtra sin, thosaigh sé ag fálróid thart ina chadhan aonraic, gan labhairt leis an duine beo. Is amhlaidh go raibh sé ag teastáil oíche amháin le dul ar cuairt tí ach níor fhéadadar teacht air. Chuadar ar a lorg i ngach uile áit ach fós ní raibh tásc ná tuairisc air. Ansin mhol an cléireach dóibh an séipéal a chuardach. Fuaireadar na [ 19 ]heochracha agus d'osclaíodar an séipéal agus thóg an cléireach agus Father O’Rourke agus sagart eile a bhí ann, thógadar lóchrann isteach chun a chuardaigh… agus cén bhrí ach bhí sé rompu ansin ina shuí ina lándúiseacht leis féin sa dorchadas ina bhosca faoistine agus é ag gáire go ciúin leis féin.”

Stop sí go tobann mar a bheadh ag éisteacht. Chuir mise cluas le héisteacht orm freisin ach ní raibh fuaim dá laghad sa tigh: agus bhí a fhios agam go raibh an seansagart ina luí ina chónra i gcónaí, faoi mar a chonaiceamar é, le cailís díomhaoin ar a ucht.

Labhair Eliza an athuair:

“Ina lándúiseacht agus é mar a bheadh ag gáire leis féin… agus mar sin nuair a chonaic siad sin ansin, is é sin a thug an smaoineamh ina gceann go raibh rud éigean ar cearr leis...”

Gluais[edit]

  1. duine den Rosicrucian Fellowship, nó duine a leanas teagasc Rosicrucianism. Tá an cumann bunaithe ar leabhar theagasc mistíce la Max Hendel – Rosicrucian Cosmo-conception i. Tuiscint Chosmos lucht na Croise Deirge (1908). Bhí an cháil ar W.B. Yeats in Éirinn gur lean sé la traidisiún rúndiamhair ársa éigin. Is éard atá i gceist ag an uncail le Rosicrucian sa ghearrscéal seo, éan corr de dhuine a bhíos de shíor ara mharana
  2. Is é easpag an t-aon duine is féidir leis aspalóid a thabhairt do shagart i bpeaca na síomóntachta.
  3. Sráid Pharnell an t-ainm atá ar an tsráid anois, in ómós don pholaiteoir náisiúnach Éireannach, Charles Stewart Parnell. Tá trácht ar siúd i scéal eile den chnuasacht scéalta seo (Lá an Éidhneáin i Seomra an Chiste)
  4. Freeman’s Journal a bhí i gceist ag Eliza. Níos faide anonn sa scéal, deir sí ‘pneumatic’ in áit ‘rheumatic’. Maidir leis an Freeman’s General, déantar roinnt mhaith tagartha don nuachtán áirithe seo agus don chlann ar leis é sa chnuasach gearrscéalta seo, go háirithe i Lá an Eidhneáin i Seomra an Choiste, i Grásta agus i Na Mairbh. Tá fonótaí mínithe níos faide curtha othu siúd. Ní mhaireann an nuachtán seo níos mó (cheannaigh an Irish Independant é)
  This is a translation and has a separate copyright status from the original text. The license for the translation applies to this edition only.
Original:

This work is in the public domain in the United States because it was published before January 1, 1929.


The author died in 1941, so this work is also in the public domain in countries and areas where the copyright term is the author's life plus 80 years or less. This work may also be in the public domain in countries and areas with longer native copyright terms that apply the rule of the shorter term to foreign works.

Public domainPublic domainfalsefalse

Translation:

This work is licensed under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported license.