Muintir Bhaile Átha Cliath/Teagmháil

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Muintir Bhaile Átha Cliath  (2020)  by James Joyce, translated by Domhnall Nagreine
Teagmháil
[ 20 ]

TEAGMHÁIL


BA É JOE DILLON a nocht domhan an Wild West dúinn. Bhí ábhar leabharlainne bige aige de sheanuimhreacha The Union Jack, Pluck agus The Halfpenny Marvel. Gach tráthnóna tar éis na scoile chasaimis lena chéile ina ghairdín cúil agus shocraímis cathanna Indians. Eisean agus a dheartháir óg ramhar, an falsóir, ghlacaidís seilbh ar lochta an stábla fad is a dhéanaimisne iarracht a ghabhála de ruaig uathu. É sin nó bhíodh cathanna cóirithe againn lena chéile ar an phlásóg. Théadh a mhuintir chuig aifreann a hocht a chlog gach maidin agus bhíodh boladh suaimhneasach Mrs Dillon i réimeas i halla an tí. Ach ba ró-fhíochmhar an chaoi a bhíodh sé ag súgradh, dar linne, a bhí níos óige agus níos scáfaire [ná é]. Bhí cuma Indigh de chineáil éigean air agus é ag ceáfráil timpeall an ghairdín, seanphúic tae ar a cheann, é ag bualadh druma lena dhorn agus a bhéiceadh:

“Ya! yaka, yaka, yaka!”

Baineadh stangadh as gach uile dhuine nuair a frítheadh scéala go raibh gairm aige le bheith ina shagart. Mar sin féin, b’fhíor é.

D’fhás meoin ansmachta inár measc agus, faoina tionchar siúd, dhéantaí neamhaird de difríochtaí cultúir agus láidreachta. Sheasaimis [ 21 ]le chéile, cuid dínn go dána, cuid eile ar son grinn agus cuid eile fós nach mór as faitíos: agus sa líon deireanach, na hIndiaigh drogallacha a mbíodh eagla orthu tabhairt le fios go mba daoine staidéartha ná ar easpa scafántachta iad, ba dhuine dhíobh mise. Na heachtraí a bhain le litríocht an Iarthair fhiáin, níorbh chosúil le mo nádúrsa iad ná baol air. Ar a laghad féin áfach, d'osclaídís doirse éalaithe. B'fhearr liomsa roinnt scéalta bleachtaireachta Meiriceánaí ina mbíodh trácht ar cailíní fiáine áille stothallacha ó am go chéile. In ainneoin nár mhíchuibhiúil na scéalta seo agus cé go mba liteartha a n-éirim scaití, scaiptí faoi choim iad sa scoil. Lá amháin nuair a bhí an t-Athair Butler ag éisteacht leis an cheithre leathanach de Stair na Róimhe, frítheadh Leo Dillon, an ciotachán, le cóip de The Halfpenny Marvel.[1]

“An leathanach seo nó an leathanach seo? An leathanach seo? Anois, Dillon, aníos leat! ‘Hardly had the day’... Lean ar aghaidh! Cén lá? ‘Hardly had the day dawned’... An bhfuil staidéar déanta agat air? Céard atá ansin agat i do phóca?”

Tháinig fuadach croí ar gach aon duine agus Leo Dillon ag géilleadh an pháipéir, agus chuir gach duine dreach neamhurchóideach air féin. D’iompaigh an t-Athair de Buitléir na leathanaigh agus grainc ar a mhalaí.

“Céard é an truflais seo?” ar sé. “The Apache Chief! An é seo a léann tú i leaba staidéir a dhéanamh ar do chuid Staire Rómánaí? Ná aimsím tuilleadh den dríodar suarach seo sa choláiste seo. An fear a scríobh é, is dóigh liom gur suarachán éigean é a scríobhas na rudaí seo le haghaidh dí. Cuireann buachaillí mar aon leatsa iontas orm, sibh léannta, [ 22 ]agus ag léamh a leithéid de stuif. D’fhéadfainn é a thuiscint é dá mba... bhuachaillí na Scoile Náisiúnta sibh. Anois, Dillon, comhairle láidir duit, téigh i mbun oibre nó... ”

An lochtú seo le linn uaireanta stuama na scoile, bhain sé an barr de ghlór an Iarthair Fhiáin orm, agus dreach náireach ata Leo Dillon, dhúisigh sí ceann de mo choinsiasaí.

Nuair a bhí fad curtha idir mé agus tionchar sriantach na scoile áfach, thosaíos ag tnúth arís le mothúcháin fhiáine, leis an éalú nár léir dom fáil agam air ach amháin i gcroinicí an anoird. D'éirigh bréagchogaíocht an tráthnóna chomh leamh tuirsiúil le gnáthamh na scoile ar maidin faoi dheireadh mar gur theastaigh fíor-eachtraí uaim. Ach ní tharlaíonn fíor-eachtraí do daoine a fhanann sa bhaile, chonacthas dom: caithfear dul ar a dtóir ar an choigríoch.

Bhí na laethanta saoire ag drannadh liom nuair a bheartaigh mé briseadh amach ó leadrán shaol na scoile, ar a laghad ar feadh lae. Le Leo Dillon agus buachaill darb ainm Mahony a shocraíos lá éalaithe ón scoil. Choigil gach duine dhínn sé phingin. Chasfaimis lena chéile ag a deich a chlog ar maidin ag droichead na canála. Scríobhfadh deirfiúr mhór an Mhathúna leithscéal dó agus iarfadh Leo Dillon ar a dheartháir rá go raibh sé breoite. Bhí sé socraithe againn go rachaimis suas Wharf Road go dtiocfaimis chomh fada leis na longa. Ansin dhéanfaimis an turas trasna sa bhád farantóireachta agus shiúlfaimis amach chun an Pigeon House[2] a fheiceáil. Bhí faitíos ar Leo Dillon go mbuailfimis le Father Butler nó le duine éigean ón Choláiste, ach chuir Mahoney an cheist, rud ar chiallmhar é, cad chuige a bheadh an tAthair de Buitléir thall ag Tigh Pigeon. [ 23 ]Chuir sin ar ár suaimhneas sinn: agus chuir mise an chéad chéim den chomhcheilg i gcrích nuair a bhailíos sé phingin as an bheirt eile, dá dtaispeáint mo shé phingin féin san am céanna. Nuair a bhíomar ag déanamh na socraithe deireanacha an tráthnóna roimh ré, bhí pas beag díocais orainn. Chroitheamar lámh lena chéile agus sinn ag gáire.

“Go amárach a mhéiteannaí,” a deir Mahoney.

Bhí codladh corrach agam an oíche sin. An mhaidin dár gcionn, ba mise an chéad duine ag an droichead ó tharla gur mise an té a bhí ina chónaí ba ghiorra dhó. Chuireas mo chuid leabhar i bhfolach san fhéar ard a bhí gar don pholl luatha ag bun an gháirdín, áit nár thaitin duine ná deoraí riamh. Leis sin, d’fhuirsíos suas bruach na canála. Ba mhaidin bhog ghrianmhar de chéad sheachtain Mhí an Mheithimh í. Shuíos in airde ar chóipeáil na canála agus mé ag breathnú go sásta ar mo bhróga fíneálta canbháis a sciúraigh mé go cáiréiseach le cré píopa le linn na hoíche. Lean mo shúile na capaill cheansa ó am go chéile fad is a tharraingíodar tram lán le daoine gnó suas an ard. Bhí gach géag de na crainn arda feadh na canála ag gáire le duilleóga beaga glasa geala agus shnigh solas na gréine tríothu ar an uisce. Bhí eibhirchloch an droichid ag tosú ag téamh suas agus thosaíos dá tapáil le mo bhos i dtúin leis an fhonn ceoil i mo cheann. Bhíos breá sásta.

Tar éis chúig nó deich nóiméad i mo shuí ann chonaiceas culaith liath Mahoney ag teacht i mo threo. Tháinig sé suas an aird agus meangadh gáire air, gur dhreap suas le mo thaobh ar an droichead. Fad is a bhíomar ag fanacht, tharraing sé amach an catapult a bhí ag cur bolg amach ar a phóca inmheánach agus léirigh dhom cuid de na feabhsaithe a bhí déanta aige air. D’fhiafraíos de cad chuige [ 24 ]a rug sé leis é agus dúirt sé liom gur ar mhaithe le roinnt spraoi leis na héin a bheith aige a rug leis é. D’usáideadh Mahoney neart béarlagair ina chuid cainte agus ‘Old Bunser’ an t-ainm a chuireadh sé ar an Athair Butler. D'fhanamar mar sin ar feadh leathuaire níos faide ach fós féin ní raibh tásc ná tuairisc ar Leo Dillon. Léim Mahoney anuas den bhalla sa deireadh agus dúirt:

“Gabh i leith. Bhí a fhios agam go gclisfeadh an Feolamán orainn.”

“Agus a shé phingin...?” ar mise.

“Sin an geall a chuir sé,” ar Mahony “agus is é is fearr dúinne é – tá scilling agus sé pingine againn anois in ionad sé pingine.”

Shiúlamar suas Bóthar na Trá Thuaidh a fhad leis na Vitriol Works agus ansin chasamar ar dheis suas Bóthar na Cé. Thosaigh Mahony ag aithris ar dhúchasach Meiriceánach a thúisce is a bhíomar imithe as amharc. Chuir sé an ruaig ar scata cailíní gioblacha, ag beartú a chatapuilt folaimh agus, nuair a thosaigh beirt bhuachaillí gioblacha ag radadh cloch linn as gaisce, mhol dom gabháil ar ruathar fúthu in éineacht leis. Chuireasa ina choinne ar an bhonn go rabhadar róbheag, agus shiúlamar ar aghaidh fad is a bhí an slua cifleogach ag screadach “Swaddlers! Swaddlers!” inár ndiaidh, mar gur shíleadar go mba Protastúnaigh sinn de bhrí go raibh Mahoney, a bhí dúchraicneach, ag caitheamh shuaitheantas airgid chlub cricket ar a chaipín. Nuair a thángamar a fhad leis an Smoothing Iron rinneamar léigear orthu ach ní raibh maith ann, mar ní mór triúr agat ar a laghad. Bhaineamar díoltas amach ar Leo Dillon as rá faoi gur chladhaire cruthanta é agus as tomhas cé méad a bhfaigheadh sé ag a trí a chlog ó Mr Ryan.[3]

Thángamar gar don abhainn ansin. Chaitheamar tréimhse fhada ag siúl timpeall na sráideanna callánacha lena [ 25 ]mballaí arda ar a dtaobhanna, sinn ag breathnú ar láimhseáil na gcrann tógála agus na n-inneall. Ba mhinic a scread tiománaithe cairteacha slóchtacha orainn nuair nár bhogamar. Bhí sé ina mheán lae faoin am a shroicheamar na céibheanna agus ó tharla go raibh na hoibrithe ar fad ag ithe a lóin, cheannaíomar dhá bhorróg móra rísín agus shuíomar síos ar phíopa miotail cois na habhann chun a n-ithe. Bhaineamar sásamh as an radharc ar thrádáil Átha Cliath – na báid canála i bhfad uainn ag beannú dhúinn le putha deataigh ar nós olla, an loingeas donn iascaireachta ar an taobh thall den Rinn, an soitheach mór seoltóireachta a bhí á dhíluchtú ar an chéibh thall uainn. Duirt Mahoney go mba mór an greann é teitheadh linn tharr toinn ar cheann de na soithí móra agus fiú mise, agus mé ag breathnú ar na crainn mhóra seoltóireachta, chonaiceas, nó shamhlaíos, anam ag teacht de réir a chéile sa tíreolaíocht a dáileadh go gann orm ar scoil. Shílfeá go raibh an scoil agus an baile ag druidim uainn agus go raibh a dtionchar orainn ag dul i léig.

Thrasnaíomar an Life i mbád farantóireachta. D'íocamar an táille chun dul ar bord i gcuideachta bheirt shaothraithe agus Giúdaigh big a raibh mála aige. Bhíomar chomh stuama is go bhféadfá rá go rabhamar sollúnta, ach uair amháin dhearcamar sa tsúil ar a chéile agus rinneamar gáire. Nuair a thángamar i dtír, d'fhéachamar ar dhíluchtú grástúil an tsoithigh trí-chrann ar bhreathnaíomar air ón chéibh eile. Dúirt duine éigean den lucht féachana gur shoitheach Ioruach í. Chuas chuig a dheireadh ag iarraidh chiall a dhéanamh den scríbhinn uirthi ach, nuair nár éirigh liom, d'fhilleas agus scrúdaíos na mairnéalaigh féachaint an raibh súile glasa[4] ag duine ar bith dhíobh, [ 26 ]mar bhí nóisean doiléir éigean agam... Ba ghorma agus liatha iad súile na mairnéalach, agus súile dubha go fiú amháin. An t-aon mhairnéalach a d'fhéadfaí rá faoi gur dhuine le súile glasa é, ba fhear ard a bhain gáire as an tslua ar an chéibh as rá, gach uair dar thit ceann de na plancaibh:

All right! All right!

Nuair a d'éiríomar bréan den fheic seo, chuamar ag fálróid go mall isteach sa Rinn. Bhí brothall tagtha ar an lá, agus i bhfuinneogaí na siopaí bhí brioscaí stálaithe ina luí á mbánú ag an ghréin. Cheannaíomar roinnt brioscaí agus seacláidí agus d'itheamar go cáiréiseach iad fad is a bhíomar ag fánaíocht trí shráideanna brocacha ina raibh clanna na n-iascairí ina gcónaí. Níor thángamar ar dhéirí in áit ar bith agus chuamar isteach i siopa mangarae dá dheasca, a cheannach bhuidéal líomanáide an duine. Athbheoite aige sin, chuaigh Mahoney síos lána sa tóir ar chat, ach thug an cat na cosa leis isteach i bpáirc leathan. D’airigh an bheirt dínn tuirseach go leor faoin am a shroicheamar an pháirc agus rinneamar caol díreach ar iomaire ag a bhruach a thug radhairc ar An Dothra thar a dhroim.

Bhí sé ródhéanach agus bhíomar róthuirseach chun ár scéime cuairt a thabhairt ar an Pigeon House a chur i gcrích. Níor mhór dúinn a bheith abhaile roimh a ceathair a chlog ar eagla go bhfaightí amach faoinár n-eachtra. D’amhairc Mahoney go haiféalach ar a chatapult agus bhí orm dul abhaile ar an traein a mholadh dhó sula dtagadh aon bhlas dá mhisneach ar ais. D’imigh an ghrian i measc na scamall agus d’fhág lenár gcuid smaointe maolaithe agus le grabhróga ár lóin sinn.

Ní raibh duine ná deoraí eile sa pháirc ach amháin sinn féin. Tar éis dúinn tamaill fada inár luí ar an bhruach [ 27 ]gan focal a rá, chonaic mise fear ag tarraingt orainn ón taobh thall den pháirc. D’amharcas go marbhánta air agus mé ag cogaint ar cheann de na gais ghlasa sin a ndéanann cailíní fáistine leo. Tháinig sé go mall feadh an bhruaigh. Shiúl le láimh amháin ar a chorróg. Bhí maide ar iompar sa láimh eile aige lenar thug sé mionbhuillí don talamh. Bhí sé gléasta go dona i gculaith i leith na glasduibhe agus hata le tóin ard air a dtugaimis jerry hat mar ainm air. Bhí cuma sách sean air lena chroiméal ar dhath na luaithe. Nuair a tháinig sé a fhad linn agus é ag siúl díreach thíos fúinn, dhearc suas orainn go sciobtha agus choinnigh air ar a bhealach. Leanamar é lenár súile agus chonaiceamar gur thosaigh sé ag filleadh ar ais tar éis tuairim is caoga coiscéim. Shiúl chugainn go han-mhall, ag tabhairt mionbhuillí don talamh lena mhaide i gcónaí. Bhí sé ag dul chomh mall is gur shíl mé go raibh ag cuardach rud éigean san fhéar.

Stop sé nuair a bhí thíos fúinn agus bheannaigh dhúinn. D’fhreagraíomar dó agus shuigh sé síos go mall agus go han-cháiréiseach taobh linn ar an fhána. Thosaigh ag caint faoin aimsir, dúirt go mbeadh samhradh an-te ann agus freisin go raibh athrú mór tagtha ar na séasúir ó bhí seisean ina ghasúr – i bhfad ó shin. Dúirt nach raibh amhras ann ach gurb é an tráth is sona i saol duine ná a laethanta scoile agus go dtabharfadh rud ar bith le bheith óg arís. D’fhanamar inár dtost gan suim againn ann fad is a nocht sé na tuairimí seo. Ansin thosaigh ag caint faoin scolaíocht agus faoi leabhair. D’fhiafraigh dhínn ar léamar filíocht Thomas Moore ná saothair Sir [ 28 ]Walter Scott agus Lord Lytton. Ligeas orm go raibh gach leabhar ar thagair sé dó léite agam, sa chaoi is go ndeir sé sa deireadh:

“Á, feicim gur léitheoir craosach thú, fearacht mise. Anois,” a deir sé, ag síneadh a mhéire i dtreo Mahoney a bhí ag breathnú orainn le súile móra, “tá seisean difriúil, is iad cluichí a rogha siamsa siúd.’

Dúirt sé go raibh gach saothar le Sir Walter Scott agus gach saothar le Lord Lytton sa bhaile aige agus nár thuirsigh riamh dá léamh. ‘Ar ndóigh, bhí roinnt leabhar de chuid an Tiarna Lytton ann nár thig le buachaillí a léamh.’ D’fhiafraigh Mahoney cén fáth nach bhféadfadh buachaillí iad a léamh – ceist a chráigh mise mar bhí faitíos orm go gceapfadh an fear go raibh mé féin chomh dúr le Mahoney. Ní raibh de fhreagairt ag an fhear ach meangadh gáire áfach. Chonaiceas go raibh mantanna móra ina bheal idir a fhiacla buí. Ansin d’fhiafraigh sé dhínn cé againn a bhí an líon ba mhó sweethearts aige. D’inis Mahoney go ciúin go raibh triúir stumpaí aige. D’fhiafraigh an fear díom cé méad a bhí agamsa. D’freagraíos nach raibh muirnín ar bith agamsa. Níor chreid sé mé agus dúirt go raibh sé cinnte dhe go raibh cailín amháin agam. Ní raibh focal uaim.

“Inis dom,” ar Mahoney go clóchasach, “cé méad atá agatsa?”

Rinne an fear meangadh gáire faoi mar a rinne roimhe sin agus dúirt go raibh neart muirníní aige nuair a bhí sé den aois chéanna linne.

“Tá muirnín beag,” a deir sé, “ag gach aon bhuachaill.”

Ba ait liom a oscailte is a bhí a dhearcadh ar an ábhar seo d’fhear dá aois. I mo chroí istigh cheapas gur chiallmhar a raibh ráite aige faoi bhuachaillí agus faoi mhuirníní. Níor thaitin [ 29 ]na focail liom ina bhéal áfach agus níor thuigeas cén fáth ar bhuail taom creatha é uair nó dhó faoi mar a bheadh eagla air faoi rud éigean nó faoi mar a d’éireodh sé fuar ar feadh scaithimh. De réir mar a lean sé air, thugas faoi deara go raibh tuin snasta ar a chuid cainte. Thosaigh sé ag caint faoi chailíní – a mhíne is a bhí a gcuid gruaige deise agus a mhíne is a bhí a lámha deasa. Dúirt go raibh gach uile chailín níos dána ná a cosúlacht, dá mbeadh a fhios ag duine. Ní raibh rud ar bith faoin spéir ba mhó a thaitin leis, a dúirt sé, ná breathnú ar chailín deas óg, ar a lámha deasa bána agus ar a cuid gruaige áille. Bhí an chuma air go raibh sé ag athrá rud a bhí foghlamtha de ghlan mheabhair aige, nó go raibh sé faoi dhraíocht ag focail áirithe a bhí á rá aige agus go raibh a chuid smaointe ag guairdeall go mall timpeall i lúb, mar a théadh pláinéad timpeall gréine. Amanna labhair sé mar a bheadh sé go díreach ag lua rud éigean a bhí ar eolas ag cách, amanna eile labhair sé de ghlór íseal agus go diamhair mar a bheadh sé ag nochtadh rúin dúinn nár mhaith leis dá gcloiseadh daoine eile é. Dúirt sé na habairtí céanna arís agus arís eile, dá malartú agus dá mburláil ina ghlór leamh. Níor fhág mo chuid súl bun na sleasa fad is a bhí mé ag éisteacht leis.

Tar éis tamaill fada stad a mhonalóg. Sheas sé aníos go mall, a rá go gcaithfeadh sé sinn a fhágáil ar feadh tuairim is nóiméad, cúpla nóiméad, agus, gan athrú a dhéanamh ar threo mo dhearcaidh, chonaiceas ag siúl go mall uainn chuig an taobh den pháirc ba ghiorra dhúinn. D’fhanamar inár dtost nuair a bhí sé imithe. Tar éis seal ciúnais de chúpla nóiméad, chualas Mahoney ag déanamh iontais: [ 30 ]“Dar mo bhriathair! Breathnaigh ar a bhfuil á dhéanamh aige.”

“Leoga... is sean-josser[5] corr é!”

“Ar fhaitíos go bhfiafraí sé orainn cad is ainm dúinn,” a deirimse, “Murphy a bheas ortsa agus Smith a bheas ormsa.”

Ní dúramar aon cheo eile lena chéile. Bhíos ag dóbartaíl ar imeacht nó fanacht fós nuair a d’fhill sé agus shuí in aice linn arís. Is ar éigean a shuigh síos nuair a léim Murphy, a chonaic an cat a d’éalaigh uaidh, léim aníos agus chuaigh sa tóir uirthi trasna na páirce. D’amhairc an fear agus mise ar an tseilg. D’éirigh leis an chat éalú agus thosaigh Mahoney ag caitheamh cloch leis an bhalla ar dhreap an cat é. D’éirigh sé as sin agus thosaigh sé ag fánaíocht thart ag an taobh thall den pháirc gan chúis faoi leith aige.

I ndiaidh seal ama, labhair an fear liom. Dúirt sé gur bhuachaill an-bhithiúnta é mo chara agus d’fhiafraigh dhíom ar lascadh go minic é sa scoil. Bhíos ar hob a rá leis go diomúch nár bhuachaillí de Scoil Náisiúnta le lascadh sinn, mar a chuir seisean air, ach d’fhanas i mo thost. Thosaigh sé ag caint faoi smachtú buachaillí. Mar a bheadh a mheoin faoi dhraíocht arís ag a chuid cainte féin, taibhsíodh dhom go raibh sí ag guairdeall timpeall go mall ar a lár nua, arís agus arís eile. Dúirt sé go mba cheart buachaillí a lascadh, agus a lascadh go maith nuair is den chineál sin iad. Ní dhéanfaidh beart dá laghad eile maitheas do bhuachaill nuair is buachaill bithiúnta ainrialta é ach amháin lascadh breá trom. Ní raibh aon mhaith i mboiseog sa láimh ná smitín i mbun na cluaise: is éard a theastaigh uaidh ná goradh maith de lascadh. [ 31 ]Bhí iontas orm faoin tuairim agus thugas spléachadh suas ar a dhreach de m‘ainneoin féin. Is éard a bhí romham, dhá shúil glasa ag gliúcaíocht orm faoi éadan bíogach. D’iompaíos mo shúile uaidh arís.

Lean an fear ar aghaidh lena spéic. Ba chosúil go raibh dearmad déanta aige ar an liobrálachas a bhí aige go nuige sin. Dúirt sé dá bhfeiceadh sé buachaill ag caint le cailíní riamh nó a mbeadh cailín aige mar mhuirnín, go lascfadh sé arís agus arís eile é agus go dtabharfadh sin ceacht dó gan labhairt le cailíní. Agus dá mbeadh cailín mar mhuirnín ag buachaill agus dá ndeireadh sé bréaga faoin scéal, go dtabharfadh sé a leithéid de lascadh dhó is nach bhfuair buachaill riamh sa domhan seo. Dúirt sé nach raibh rud ar bith arbh fhearr leis ná sin. Mhínigh dhom an chaoi a lascfadh sé buachaill dá leithéid mar a bheadh ag nochtadh rúin diamhair. Ba bhreá leis é sin, a dúirt sé, thar aon ní eile ón talamh aníos. D’éirigh a ghuth ionann is muirnéiseach agus é do mo threorú go liosta tríd an mhistéir seo, faoi mar a bheadh a ghuth ag impí orm go dtuigfinn a chás. D’fhanas ag feitheamh le sos sa mhonalóg. Ansin sheasas aníos go tobann. Rinneas moill ar feadh mheandair ar fhatíos go sceithfinn a shuaite is a bhíos, ag ligean orm féin go rabhas ag ceangal mo bhróige agus ansin d’fhágas slán aige, ag rá go mb’éigean dom imeacht. Chuas suas an fhána go deas réidh ach bhí mo chroí ag preabadh go mear le scéin go mbéaradh sé ar na rúitíní orm. Nuair a shroicheas barr na fána, chasas timpeall agus, gan amharc air, ghlaos ós ard trasna na páirce: [ 32 ]“Murphy!”

Bhí tuin na crógachta bréagaí i mo ghuth agus bhí náire orm faoi mo sheift bheag bhocht. B’éigean dom scairt amach an athuair sular fhaca An Mathúinín mé agus ghlaoigh sé in ard a chinn ar ais orm. I mbarr mo chluaise a bhí mo chroí beag fad is a bhí seisean ag teacht de rith trasna na páirce chugam. Rith sé mar a bheadh sé ag teacht i gcabhair orm. Agus aiféala orm; mar i mo chroí istigh ba bheag orm é riamh go sin.

Gluais[edit]

  1. Iris finscéalaíochta scéalta a bhunaigh Alfred Harmsworth (foilsitheoir mór nuachtáin) sa Ríocht Aontaithe i 1893. Is éard a bhí mar aidhm aige, deireadh a chur le díol na ‘penny dreadfuls’ - sraith litríochta a fhoilsítí ar mhaithe le rath díolacháin i measc an lucht oibre seachas ar son ard-litríochta. An ról a bhí ag The Halfpenny Marvel, litríocht ghlan, shláintiúil a chur ina n-áit siúd
  2. Is é an t-ainm atá ar an fhoirgneamh seo anois, Cumhachtstáisiún an Phoill Bhig (Poolbeg Generating Station as Anglais). Baisteadh Pigeon House air i gcuimhne fir darb ainm John Pidgeon. Bhí seisean ina airíoch ar an áit timpeall na bliana 1860. Usaideadh an foirgneamh mar stóras do longa ceannaíochta ar dtús
  3. Buillí den pandybat. Ba strapa treisithe é an pandybat.
  4. is cosúil gur tagairt seo don mhiotas Gréagach. Is minic sin le James Joyce. Tá súile glasa nó gorma ag go leor de na héaróis agus de na banhéarois sa mhiotas Gréagach. Is eipic na mairnéalach é An Odaisé sa mhéad is gcaitheann Odaiséas agus a fhoireann deich mbliana ag filleadh abhaile thar toinn ó chogadh na Traí. Ní léir don aistritheoir seo go raibh súile glasa ag Odaiséas féin, ach b’fhéidir gur cuireadh síos ar shúile glasa aige i leagan éigin den eipic dar léigh Joyce.
  5. téarma béarlagair d’fhear – go háirithe d’fear baoiseach. B’fhéidir nach comhtharlúint gan bhrí é go bhfuil fuaim an fhocal josser cosúil le tosser
  This is a translation and has a separate copyright status from the original text. The license for the translation applies to this edition only.
Original:

This work is in the public domain in the United States because it was published before January 1, 1929.


The author died in 1941, so this work is also in the public domain in countries and areas where the copyright term is the author's life plus 80 years or less. This work may also be in the public domain in countries and areas with longer native copyright terms that apply the rule of the shorter term to foreign works.

Public domainPublic domainfalsefalse

Translation:

This work is licensed under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported license.