Muintir Bhaile Átha Cliath/Araby

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Muintir Bhaile Átha Cliath  (2020)  by James Joyce, translated by Domhnall Nagreine
Araby
[ 33 ]

ARABY[1]


Ó THARLA GO RAIBH SÍ DALL, ba shráid chiúin í Sráid Richmond Thuaidh, ach amháin an uair a scaoiltí saor na buachaillí ó Scoil na mBráithre Críostaí. Bhí teach díomhaoin ina sheasamh ar an taobh dall di, é dhá stór ar airde agus scoite amach óna chomharsana ar chearnóg talún. Na tithe eile ar an tsráid, in ómós de shaol mhodhúil na dteaghlach istigh iontu, bhreathnaíodar ar a chéile le gnúiseanna dochorraithe a raibh dath donn orthu.

An t-iarthionónta d'ár dtigh féin, ar shagart é, fuair sé bás sa tseomra suite ar chúl an tí. An t-aer, a raibh fuarbholadh uaidh mar nár ligeadh saor é, d'fhan sé ina luí i ngach aon sheomra, agus seomra an bhruscar tí laistiar den chistin, bhí sé breac le seanpháipéaraibh gan mhaith. Ina measc siúd, d'aimsíos roinnt leabhar le clúdacha páipéir a raibh na leathanaigh iontu craptha agus tais: The Abbot, le Walter Scott, The Devout Communicant agus The Memoirs of Vidocq. Is é an ceann deiridh is mó a thaitin liom mar bhí dath buí ar na bileoga. Bhí crann úill i lár an ghairdín fhiáin laistiar den tigh, agus bhí cúpla tom streachlánacha ann. Thángas ar theannaire rothair meirgigh an iar-thionónta faoi bhun cheann de na toim. Sagart an-charthanach ab é; d'fhág sé a chuid airgid go léir ag institiúidí agus do thiomnaigh sé troscán an tí dá dheirfiúr ina uacht.

Le laethanta gearra an gheimhridh, thagadh crónú na hoíche sula mbíodh ár ndinnéar caite againn. [ 34 ]Bhíodh dath dorcha ar na tithe faoin am a chasaimis le chéile ar an tsráid. Bhíodh dath corcairghorm síor-athraitheach ar an phaiste spéir ós ár gcionn agus d'ardaíodh na lampaí sráide a lóchrainn fanna ina threo. Dhódh an t-aer nimhneach sinn agus leanaimis orainn ag súgradh go mbeadh griofadach teasa orainn. Ba tholl torannach ár mbéiceacha sa tsráid chiúin. Thugadh séirse ár súgartha trí na lánaí dorcha draoibeacha sinn, áit a théimis i mbearna bhaol threibheanna ghárbha na dtithe beaga, thar dorais cúil na ngáirdíní dorcha braonacha ina n-éiríodh bolaithe ó na poill luaithe, chuig stáblaí dorcha cumhra ina shlíocadh agus chíoradh cóisteoir an capall nó ina chroitheadh sé ceol ón úim búclach. Faoin am a d'fhillimis ar an tsráid, bhíodh na fochlóis líonta le solas fhuinneoga na gcistineacha. Dá bhfeictí m'uncail ag casadh an choirnéil, théimis i bhfolach faoi scáth an dorchadais go bhfeicfimis dulta istigh slán abhaile é. Nó dá dtagadh deirfiúr Mangan amach ar leac an dorais a ghlaoch ar a dheartháir nuair a bheadh a shuipéar réidh, bhreathnóimis uirthi ónár bhfolach scátha, agus í ag gliúcaíocht suas síos an tsráid. D'fhairimis uirthi a fheiceáil an ndéanfadh sí fuireach ann nó an rachadh isteach, agus, dá bhfanadh sí ann, thréigimis ár scáth agus shiúlaimis suas staighre An Mhongáin go fulangach. Bhíodh sí ag feitheamh linn, déanamh a coirp á nochtadh ag an tsolas ón doras leathoscailte. Shaighdeadh a deartháir fúithi i gcónaí sula ngéilleadh sé agus sheasainn-se taobh leis na ráillí ag amharc uirthi. Luascadh a gúna de réir mar a chorródh sí a corp agus bhocáladh rópa mín a cuid gruaige ó thaobh go taobh.

Luínn ar an urlár sa pharlúis ag aghaidh an tí a bhreathnú ar a doras gach maidin. Bhíodh an dallóg tarraingthe [ 35 ]anuas go horlach den tsais sa dóigh is nach bhfeicfí mé. Bhíogadh mo chroí orm nuair a thagadh sí amach sa doras. Rithinn sa halla, sciobainn mo chuid leabhar agus leanainn í. Ghreamaínn mo shúile sa chruth donn romham, agus, nuair a dhruidimis i ngiorracht don áit ar scar ár mbealaí, ghéaraínn ar mo chois agus scoithinn í. Tharla sé seo maidin i ndiaidh maidine. Níor labhair mé riamh léi, cé is moite de chorrfhocal fánach, ach fós féin b’ionann a hainm agus gairm ar mhéid uile mo chuid fola baoithe.

D’fhanadh a híomhá liom go fiú sna háiteanna ba dhoicheallaí roimh rómánsaíocht. Sa luathoíche ar an tSatharn nuair a théadh m’aint amach a cheannach, b’éigean domsa cuid de na birt a iompar. Shiúlaimis tríd na sráideanna plódaithe, d’ár dtuairteáil ag fir ólta agus ag mná i mbun margála, i measc eascainí na n-oibrithe, liodáin callánacha na ngiolla siopa a bhíodh ina seasamh ar faire in aice bhairillí na leicinn muice, chantaireacht shrónach na bhfonnadóirí sráide, a ghabhaidís fonn come-all-you faoi Ó Donnabháin Rosa, nó bailéad faoi na trioblóidí inár dtír dúchais. Ba aon mhothúchán amháin den tsaol féin liom na torainn seo go léir: shamhlíos go raibh mo chailís á iompar go slán sábháilte trí shlua naimhde agam.[2] Bhrúcht a hainm ar bharr mo theanga ar uairibh i bhfoirm paidreacha diamhra nó moltaí nár thuigeas féin. Ba mhinic a bhíodh an deoir ar an tsúil agam (níor thuigeas cén fáth) agus scaití bhí sé mar a bheadh tuile ag doirteadh amach as mo chroí agus isteach i mo chliabh. Is beag a smaoiníos faoin tsaol a bhí romham. Níorbh fhios dom an labhróinn riamh léi, nó dá labhraínn, cén chaoi a d’inseoinn [ 36 ]léi faoin ghrá aimhréidh a bhí agam di. Ach ba ionann le cruit é mo chorp agus ba ionann le méara ag rith ar na téada iad cora agus focail aisti.

Tús oíche amháin, chuas isteach sa tseomra suí ina bhfuair an sagart bás. Ba oíche fhliuch dhorcha í agus ní raibh fuaim le cloisteáil sa tigh. Trí cheann de na pánaí briste fuinneoige, chualas an bháisteach ag teagmháil leis an talamh: na snáthaidí caola síoraí ag súgradh sna ceapacha báite. Bhí solas ag teacht as lóchrann nó fuinneog éigean i bhfad uaim. Bhíos buíoch de nach léir dom mórán sa dorchadas. Samhlaíodh dhom go raibh mo chéadfaí go léir ag iarraidh dul faoi scáth. Agus faitíos orm go raibh mé á gcailliúint, d’fháisceas bos mo dhá lámh le chéile gur ghabhadar crith, ag rá “A ghrá mo chroí!’ A ghrá mo chroí!” neart babhtaí.

Labhair sí liom sa deireadh thiar thall. An chéad-uair a chuir sí araoid orm, bhuail an oiread mearbhaill mé is nach raibh a fhios agam cén freagra ar cheart dom tabhairt uirthi. D’fhiafraigh sí dhíom an rabhas chun dula chuig Araby. Rinneas dearmad cé dhíobh ar thugas ‘tá’ nó ‘níl’ mar fheagra uirthi. Basár iontach a bheadh ann, a deir sí; b’aoibhinn léi dul ann.

“Agus cén fáth nach dtig leat?” a d’fhiafraíos di.

Fad a labhair sí, chas sí braisléad airgid timpeall a rosta arís agus arís eile. Ní fhéadfadh sí dul ann, ar sí, mar go mbeadh cúrsa spioradálta ar siúil in a clochar an tseachtain sin. Bhí a deartháir agus beirt bhuachaillí eile ag troid faoina gcaipín agus bhí mise liom féin ag an ráille. Bhí greim láimhe aici ar cheann de na spící. An solas ón lampa os comhair ár dorais, lonnaigh ar chuas bán a muiníl agus shoilsigh sé a cuid gruaige a bhí ina luí anuas air. [ 37 ]Thit an solas anuas as sin agus gheal an lámh ar an ráille. Thit sé ar thaobh amháin dá gúna agus lonnaigh ar imeall bán a peireacóit, a bhí le feiceáil ar éigean agus í in a seasamh go socair.

“Is méanar duit é,” a deir sí.

“Má théim ann,” ar mise, “beirfead rud éigean duitse.”

A liacht smaointí baoise a ghabh seilbh ar m’intinn de ló is d’oíche i ndiaidh an thráthnóna sin! Ba mhaith liom na laethanta leadránacha roimh an Araby a dhíothú. I mo sheomra istoíche agus sa rang scoile sa ló, thagadh a samhail idir mé agus na leathanaigh a bhínn ag iarraidh a léamh. Mhothaínn siollaí an fhocal Araby do mo ghlaoch tríd an marbhchiúnas inar mhair m’anam agus do mo chur faoi gheasa ag an oirthear. D’iarras cead dul chuig an bhasár Oíche Dé Sathairn. Bhí ionadh ar m’aint agus bhí súil léi nach gníomhaíocht éigean Máisiúin a bhí i gceist. Is beag ceisteanna a d’fhreagraíos sa rang scoile. Chonaiceas dreach gheanúil mo mháistir ag éirí déine; bhí súil aige nach rabhas ag tosú a dhéanamh leisce. Níor fhéadas cruinniú mo smaointe fánacha le chéile. Is beag foighne a bhí agam le hobair stuama an tsaoil. Anois ó bhí sí sa bhealach ar mo mhian, ba shúgradh gasúir liom í an obair seo, súgradh suarach fadálach gasúir.

Maidin Dé Sathairn, chuireas i gcuimhne do m’uncail gur thoil liom dul chuig an bhasár an oíche sin. Bhí sé ag fuirseadh timpeall an chrochadáin ar thóir an scuab hata, agus thug freagra borb orm:

“Sea, a ghasúir, tá a fhios agam.”

Ó bhí seisean sa halla, ní fheadfainn dul sa [ 38 ]pharlús ag aghaidh an tí a luí ag an fhuinneog. D’imíos liom ón tigh agus stuaic orm gur shiúlas go mall i dtreo na scoile. Ba fhuar feanntach an lá agus bhí an tubaiste á tuar dom cheana féin.

Nuair a tháinig mé abhaile am dinnéir ní raibh m’uncail tagtha abhaile go fóill. Bhí sé luath sa ló i gcónaí. D’fhanas i mo shuí ag an bhord ag stánadh ar an chlog agus, nuair d’éiríos bodhar ag torann na dticeanna as, d’fhágas an seomra. Thug mé an staighre orm féin agus bhaineas an taobh uachtarach den tigh amach. Bhlaiseas saoirse sna seomraí arda fuara dorcha agus chuas ó sheomra go seomra ag gabháil fhoinn. As fuinneog taobh na sráide, chonaic mé mo chomrádaithe ag spraoi ar an tsráid. Tháinig a nglaonna a fhad liom agus iad maolaithe agus dothuigthe. Leag mé mo cheann ar an ghloine fhionnuar agus d’amhairceas anall ar an teach dorcha ina raibh sí ina cónaí. B’fhéidir gur fhan mé i mo sheasamh ansin ar feadh uair an chloig, gan rud ar bith a fheiceáil ach an cruth in éadaí donna a bhí á shamhlú dhom, solas sráide ag lonrú go discréidteach ar a muineál dea-chumtha, ar a láimh ar an ráille agus ar an chiumhais faoi bhun a gúna.

Nuair a thángas anuas staighre arís bhí Mrs Mercer ina suí romham cois teallaigh. Ba sheanbhean chabach í a bhí ina baintreach le geallbhróicéir agus a bhailigh stampaí ar chúis chráifeach éigean. B’éigean dom béadán an bhord tae a chaoinfhulaingt. Mhair an béile os cionn uair an chloig agus fós níor tháinig m’uncail. Sheas Mrs Mercer suas chun imeachta: bhí aiféala uirthi nach bhféadadh fanacht níos faide, ach bhí sé thar a hocht a chlog agus níor mhaith léi bheith amuigh go déanach, agus bhí aer na hoíche go dona dá sláinte. Nuair [ 39 ]a bhí sí imithe, thosaigh mé ag siúl suas síos an seomra, ag déanamh dorn de mo lámha. D’inis m’aint:

“Is olc liom rá go bhfuil sé chomh maith agat do bhasár a chur ar athló lá seo ár dtiarna.”

Ag a naoi a chlog chualas eochair m’uncail sa doras. Chuala mé ag caint leis féin é agus chualas an crochadán ag luascadh tar éis dó ualach a chóta móir a fháil. Thuigeas na comharthaí seo. Nuair a bhí sé leathbhealach tríd a dhinnéar, d’iarr mé an t-airgead le dul chuig an mbasár air. Bhí dearmad déanta aige air.

“Tá na daoine ina gcodladh sa leaba faoin am seo,” a deir sé.

Ní dhearnas miongháire. D’inis m’aint go bíogach leis:

“Nach dtabharfaidh tú an t-airgead dó a ligean dó imeacht? Tá dóthain moille bainte as agat mar atá.”

Dúirt m’uncail go raibh aiféala air go ndearna sé dearmad air. Dúirt gur chreid sa tseanfhocal: “is mairg nach saothraíonn an gáire.” D’fhiafraigh sé dhíom cá raibh mo thriall agus, nuair a d’insíos dó den dara huair, d’fhiafraigh dhíom an raibh aithne agam ar The Arab’s Farewell to his Steed. Nuair a d’imíos ón tseomra, bhí sé ar tí na gcéad-línte den dán a aithris le m’aint.

Bhí greim docht agam ar an bhonn dhá scilling i mo láimh agus mé ag siúl go mear síos Sráid Buckingham i dtreo an stáisiúin. An radharc ar shráideanna a bhí dubh le ceannaitheoirí agus faoi spalpadh lampaí gás, mheabhraigh sé cúis mo thurais dom. Shuíos isteach i gcarráiste den tríú grád de thraein fholamh. Ba uafásach an fuireach [ 40 ]a bhí ann sular shiúl an traein go righin mall amach as an stáisiún. Chuaigh sí chun cinn ar éigean thar seantithe briste bearnacha agus thar an abhainn ghlioscarnach. Ag Stáisiún Rae an Iarthair, bhrúigh slua daoine isteach le doirse an charráiste; stiúir giollaí an stáisiúin siar ar ais iad áfach, ag rá gur charráiste speisialta chuig an bhasár í. Bhíos fós i m’aonar sa charráiste lom agus an traein ag fágáil an stáisiúin. Tar éis cúpla nóiméad, tharraing an traein isteach le hais ardán shealadach adhmaid. Chuas amach ar an bhóthair agus chonaiceas an t-am ar éadan soilsithe cloig – bhí sé deich nóiméad chun a deich. Os mo chomhair amach bhí foirgneamh mór a raibh an t-ainm draíochtúil scríofa air.

Níor fhaca mé bealach isteach sé pingine ar bith agus, le teann faitís go mbeadh an basár dúnta, chuaigh isteach trí gheata casta ag tabhairt scillinge d’fhear a raibh cuma thuirseach air. Bhí halla mór istigh ann a raibh leath a airde bainte dhe ag áiléar. Bhí beagnach gach aon seastán dúnta agus bhí an chuid is mó den halla sa dorchadas. D’aithníos an tost i dteampall tar éis aifrinn ar an tost ann. Shiúlas go cúthail isteach go lár an bhasáir. Bhí corrdhuine druidte isteach ar na seastáin a bhí fós ar oscailt. Os comhair cuirtín a raibh na focail Café Chantant scríofa le lampaí ildaite os a chionn, bhí beirt fhear ag comhaireamh airgid ar deasc. D’éisteas le torann na mbonn agus iad ag titim ar an deasc.

Chuimhnigh mé faoi dheireadh cad chuige a thángas agus chuas soir chuig ceann de na seastáin agus scrúdaíos vásaí poircealláin agus foireann tae le pátrún bláthanna. I ndoras an tseastáin, bhí lady óg ag caint agus ag déanamh gáire i bhfochair bheirt gentlemen óga. Thugas ceann dá [ 41 ]dtuin Shacsanach agus d’éisteas go scaipthe lena gcomhrá.

“O, I never said such a thing!”

“O, but you did!”

“O, but I didn’t!”

“Didn’t she say that?”

“Yes, I heard her.”

“O, there’s a ... fib!”

Thug an bhean óg uasal faoi deara mé agus d’iarr orm ar mhaith liom aon cheo a cheannach. Níor spreagúil a glór agus ba chosúil gur labhair sí liom de ghrá an dualgais. D’amharcas go humhal ar na prócaí ollmhóra a bhí ina seasamh ar an dá thaobh de bhealach isteach dorcha an tseastáin, mar a bheadh gardaí oirthearacha iontu, agus d’inis ós íseal:

“Níor mhaith, go raibh maith agat.”

D’athchóirigh an lady ceann de na searróga agus d’fhill ar an bheirt fhear óg. Thosaíodar ag caint faoin ábhar céanna. Chaith an lady óg súil thar a gualainn orm uair nó dhó.

Rinneas moill ansin os comhair a seastáin cé gur léir dom nach raibh maith dom ann, mar dhea go raibh suim dáiríre agam ina a hearraí. Ansin chasas go mall i leataobh agus thosaíos ag siúl síos lár an bhasáir. Ligeas don dá phingin bualadh i gcoinne an réil i mo phóca. Chualas glór as taobh amháin den áiléar ag fógairt go raibh an solas múchta. Bhí an taobh uachtarach den halla i ndorchadas anois.

Agus mé ag stánadh ar an dorchadas os mo chionn, shamhlíos mé féin le rud a bheadh ite ag an mhóiréis agus ina cheap magaidh ag an mhóiréis chéanna; agus bhí mo shúile ag dó le crá agus le fearg.

Gluais[edit]

  1. aonach ollmhór carthanachta agus taispeántas an oirthir a reachtáladh in Aibreán 1894
  2. Faoi mar a bheadh samhaltán creidimh á iompair ag sagart nó ag curadh croise
  This is a translation and has a separate copyright status from the original text. The license for the translation applies to this edition only.
Original:

This work is in the public domain in the United States because it was published before January 1, 1929.


The author died in 1941, so this work is also in the public domain in countries and areas where the copyright term is the author's life plus 80 years or less. This work may also be in the public domain in countries and areas with longer native copyright terms that apply the rule of the shorter term to foreign works.

Public domainPublic domainfalsefalse

Translation:

This work is licensed under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported license.