Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/43

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

a bhí sí imithe, thosaigh mé ag siúl suas síos an seomra, ag déanamh dorn de mo lámha. D’inis m’aint:

“Is olc liom rá go bhfuil sé chomh maith agat do bhasár a chur ar athló lá seo ár dtiarna.”

Ag a naoi a chlog chualas eochair m’uncail sa doras. Chuala mé ag caint leis féin é agus chualas an crochadán ag luascadh tar éis dó ualach a chóta móir a fháil. Thuigeas na comharthaí seo. Nuair a bhí sé leathbhealach tríd a dhinnéar, d’iarr mé an t-airgead le dul chuig an mbasár air. Bhí dearmad déanta aige air.

“Tá na daoine ina gcodladh sa leaba faoin am seo,” a deir sé.

Ní dhearnas miongháire. D’inis m’aint go bíogach leis:

“Nach dtabharfaidh tú an t-airgead dó a ligean dó imeacht? Tá dóthain moille bainte as agat mar atá.”

Dúirt m’uncail go raibh aiféala air go ndearna sé dearmad air. Dúirt gur chreid sa tseanfhocal: “is mairg nach saothraíonn an gáire.” D’fhiafraigh sé dhíom cá raibh mo thriall agus, nuair a d’insíos dó den dara huair, d’fhiafraigh dhíom an raibh aithne agam ar The Arab’s Farewell to his Steed. Nuair a d’imíos ón tseomra, bhí sé ar tí na gcéad-línte den dán a aithris le m’aint.

Bhí greim docht agam ar an bhonn dhá scilling i mo láimh agus mé ag siúl go mear síos Sráid Buckingham i dtreo an stáisiúin. An radharc ar shráideanna a bhí dubh le ceannaitheoirí agus faoi spalpadh lampaí gás, mheabhraigh sé cúis mo thurais dom. Shuíos isteach i gcarráiste den tríú grád de thraein fholamh. Ba uafásach an fuireach