a bhí ann sular shiúl an traein go righin mall amach as an stáisiún. Chuaigh sí chun cinn ar éigean thar seantithe briste bearnacha agus thar an abhainn ghlioscarnach. Ag Stáisiún Rae an Iarthair, bhrúigh slua daoine isteach le doirse an charráiste; stiúir giollaí an stáisiúin siar ar ais iad áfach, ag rá gur charráiste speisialta chuig an bhasár í. Bhíos fós i m’aonar sa charráiste lom agus an traein ag fágáil an stáisiúin. Tar éis cúpla nóiméad, tharraing an traein isteach le hais ardán shealadach adhmaid. Chuas amach ar an bhóthair agus chonaiceas an t-am ar éadan soilsithe cloig – bhí sé deich nóiméad chun a deich. Os mo chomhair amach bhí foirgneamh mór a raibh an t-ainm draíochtúil scríofa air.
Níor fhaca mé bealach isteach sé pingine ar bith agus, le teann faitís go mbeadh an basár dúnta, chuaigh isteach trí gheata casta ag tabhairt scillinge d’fhear a raibh cuma thuirseach air. Bhí halla mór istigh ann a raibh leath a airde bainte dhe ag áiléar. Bhí beagnach gach aon seastán dúnta agus bhí an chuid is mó den halla sa dorchadas. D’aithníos an tost i dteampall tar éis aifrinn ar an tost ann. Shiúlas go cúthail isteach go lár an bhasáir. Bhí corrdhuine druidte isteach ar na seastáin a bhí fós ar oscailt. Os comhair cuirtín a raibh na focail Café Chantant scríofa le lampaí ildaite os a chionn, bhí beirt fhear ag comhaireamh airgid ar deasc. D’éisteas le torann na mbonn agus iad ag titim ar an deasc.
Chuimhnigh mé faoi dheireadh cad chuige a thángas agus chuas soir chuig ceann de na seastáin agus scrúdaíos vásaí poircealláin agus foireann tae le pátrún bláthanna. I ndoras an tseastáin, bhí lady óg ag caint agus ag déanamh gáire i bhfochair bheirt gentlemen óga. Thugas ceann dá