Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/45

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

dtuin Shacsanach agus d’éisteas go scaipthe lena gcomhrá.

“O, I never said such a thing!”

“O, but you did!”

“O, but I didn’t!”

“Didn’t she say that?”

“Yes, I heard her.”

“O, there’s a ... fib!”

Thug an bhean óg uasal faoi deara mé agus d’iarr orm ar mhaith liom aon cheo a cheannach. Níor spreagúil a glór agus ba chosúil gur labhair sí liom de ghrá an dualgais. D’amharcas go humhal ar na prócaí ollmhóra a bhí ina seasamh ar an dá thaobh de bhealach isteach dorcha an tseastáin, mar a bheadh gardaí oirthearacha iontu, agus d’inis ós íseal:

“Níor mhaith, go raibh maith agat.”

D’athchóirigh an lady ceann de na searróga agus d’fhill ar an bheirt fhear óg. Thosaíodar ag caint faoin ábhar céanna. Chaith an lady óg súil thar a gualainn orm uair nó dhó.

Rinneas moill ansin os comhair a seastáin cé gur léir dom nach raibh maith dom ann, mar dhea go raibh suim dáiríre agam ina a hearraí. Ansin chasas go mall i leataobh agus thosaíos ag siúl síos lár an bhasáir. Ligeas don dá phingin bualadh i gcoinne an réil i mo phóca. Chualas glór as taobh amháin den áiléar ag fógairt go raibh an solas múchta. Bhí an taobh uachtarach den halla i ndorchadas anois.

Agus mé ag stánadh ar an dorchadas os mo chionn, shamhlíos mé féin le rud a bheadh ite ag an mhóiréis agus ina cheap magaidh ag an mhóiréis chéanna; agus bhí mo shúile ag dó le crá agus le fearg.