Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/41

From Wikisource
This page has been proofread.

Thit an solas anuas as sin agus gheal an lámh ar an ráille. Thit sé ar thaobh amháin dá gúna agus lonnaigh ar imeall bán a peireacóit, a bhí le feiceáil ar éigean agus í in a seasamh go socair.

“Is méanar duit é,” a deir sí.

“Má théim ann,” ar mise, “beirfead rud éigean duitse.”

A liacht smaointí baoise a ghabh seilbh ar m’intinn de ló is d’oíche i ndiaidh an thráthnóna sin! Ba mhaith liom na laethanta leadránacha roimh an Araby a dhíothú. I mo sheomra istoíche agus sa rang scoile sa ló, thagadh a samhail idir mé agus na leathanaigh a bhínn ag iarraidh a léamh. Mhothaínn siollaí an fhocal Araby do mo ghlaoch tríd an marbhchiúnas inar mhair m’anam agus do mo chur faoi gheasa ag an oirthear. D’iarras cead dul chuig an bhasár Oíche Dé Sathairn. Bhí ionadh ar m’aint agus bhí súil léi nach gníomhaíocht éigean Máisiúin a bhí i gceist. Is beag ceisteanna a d’fhreagraíos sa rang scoile. Chonaiceas dreach gheanúil mo mháistir ag éirí déine; bhí súil aige nach rabhas ag tosú a dhéanamh leisce. Níor fhéadas cruinniú mo smaointe fánacha le chéile. Is beag foighne a bhí agam le hobair stuama an tsaoil. Anois ó bhí sí sa bhealach ar mo mhian, ba shúgradh gasúir liom í an obair seo, súgradh suarach fadálach gasúir.

Maidin Dé Sathairn, chuireas i gcuimhne do m’uncail gur thoil liom dul chuig an bhasár an oíche sin. Bhí sé ag fuirseadh timpeall an chrochadáin ar thóir an scuab hata, agus thug freagra borb orm:

“Sea, a ghasúir, tá a fhios agam.”

Ó bhí seisean sa halla, ní fheadfainn dul sa