Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/37

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

ARABY[1]


Ó THARLA GO RAIBH SÍ DALL, ba shráid chiúin í Sráid Richmond Thuaidh, ach amháin an uair a scaoiltí saor na buachaillí ó Scoil na mBráithre Críostaí. Bhí teach díomhaoin ina sheasamh ar an taobh dall di, é dhá stór ar airde agus scoite amach óna chomharsana ar chearnóg talún. Na tithe eile ar an tsráid, in ómós de shaol mhodhúil na dteaghlach istigh iontu, bhreathnaíodar ar a chéile le gnúiseanna dochorraithe a raibh dath donn orthu.

An t-iarthionónta d'ár dtigh féin, ar shagart é, fuair sé bás sa tseomra suite ar chúl an tí. An t-aer, a raibh fuarbholadh uaidh mar nár ligeadh saor é, d'fhan sé ina luí i ngach aon sheomra, agus seomra an bhruscar tí laistiar den chistin, bhí sé breac le seanpháipéaraibh gan mhaith. Ina measc siúd, d'aimsíos roinnt leabhar le clúdacha páipéir a raibh na leathanaigh iontu craptha agus tais: The Abbot, le Walter Scott, The Devout Communicant agus The Memoirs of Vidocq. Is é an ceann deiridh is mó a thaitin liom mar bhí dath buí ar na bileoga. Bhí crann úill i lár an ghairdín fhiáin laistiar den tigh, agus bhí cúpla tom streachlánacha ann. Thángas ar theannaire rothair meirgigh an iar-thionónta faoi bhun cheann de na toim. Sagart an-charthanach ab é; d'fhág sé a chuid airgid go léir ag institiúidí agus do thiomnaigh sé troscán an tí dá dheirfiúr ina uacht.

Le laethanta gearra an gheimhridh, thagadh crónú na hoíche sula mbíodh ár ndinnéar caite againn.

  1. aonach ollmhór carthanachta agus taispeántas an oirthir a reachtáladh in Aibreán 1894