Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/39

From Wikisource
This page has been proofread.

anuas go horlach den tsais sa dóigh is nach bhfeicfí mé. Bhíogadh mo chroí orm nuair a thagadh sí amach sa doras. Rithinn sa halla, sciobainn mo chuid leabhar agus leanainn í. Ghreamaínn mo shúile sa chruth donn romham, agus, nuair a dhruidimis i ngiorracht don áit ar scar ár mbealaí, ghéaraínn ar mo chois agus scoithinn í. Tharla sé seo maidin i ndiaidh maidine. Níor labhair mé riamh léi, cé is moite de chorrfhocal fánach, ach fós féin b’ionann a hainm agus gairm ar mhéid uile mo chuid fola baoithe.

D’fhanadh a híomhá liom go fiú sna háiteanna ba dhoicheallaí roimh rómánsaíocht. Sa luathoíche ar an tSatharn nuair a théadh m’aint amach a cheannach, b’éigean domsa cuid de na birt a iompar. Shiúlaimis tríd na sráideanna plódaithe, d’ár dtuairteáil ag fir ólta agus ag mná i mbun margála, i measc eascainí na n-oibrithe, liodáin callánacha na ngiolla siopa a bhíodh ina seasamh ar faire in aice bhairillí na leicinn muice, chantaireacht shrónach na bhfonnadóirí sráide, a ghabhaidís fonn come-all-you faoi Ó Donnabháin Rosa, nó bailéad faoi na trioblóidí inár dtír dúchais. Ba aon mhothúchán amháin den tsaol féin liom na torainn seo go léir: shamhlíos go raibh mo chailís á iompar go slán sábháilte trí shlua naimhde agam.[1] Bhrúcht a hainm ar bharr mo theanga ar uairibh i bhfoirm paidreacha diamhra nó moltaí nár thuigeas féin. Ba mhinic a bhíodh an deoir ar an tsúil agam (níor thuigeas cén fáth) agus scaití bhí sé mar a bheadh tuile ag doirteadh amach as mo chroí agus isteach i mo chliabh. Is beag a smaoiníos faoin tsaol a bhí romham. Níorbh fhios dom an labhróinn riamh léi, nó dá labhraínn, cén chaoi a d’inseoinn

  1. Faoi mar a bheadh samhaltán creidimh á iompair ag sagart nó ag curadh croise