Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

le chéile, cuid dínn go dána, cuid eile ar son grinn agus cuid eile fós nach mór as faitíos: agus sa líon deireanach, na hIndiaigh drogallacha a mbíodh eagla orthu tabhairt le fios go mba daoine staidéartha ná ar easpa scafántachta iad, ba dhuine dhíobh mise. Na heachtraí a bhain le litríocht an Iarthair fhiáin, níorbh chosúil le mo nádúrsa iad ná baol air. Ar a laghad féin áfach, d'osclaídís doirse éalaithe. B'fhearr liomsa roinnt scéalta bleachtaireachta Meiriceánaí ina mbíodh trácht ar cailíní fiáine áille stothallacha ó am go chéile. In ainneoin nár mhíchuibhiúil na scéalta seo agus cé go mba liteartha a n-éirim scaití, scaiptí faoi choim iad sa scoil. Lá amháin nuair a bhí an t-Athair Butler ag éisteacht leis an cheithre leathanach de Stair na Róimhe, frítheadh Leo Dillon, an ciotachán, le cóip de The Halfpenny Marvel.[1]

“An leathanach seo nó an leathanach seo? An leathanach seo? Anois, Dillon, aníos leat! ‘Hardly had the day’... Lean ar aghaidh! Cén lá? ‘Hardly had the day dawned’... An bhfuil staidéar déanta agat air? Céard atá ansin agat i do phóca?”

Tháinig fuadach croí ar gach aon duine agus Leo Dillon ag géilleadh an pháipéir, agus chuir gach duine dreach neamhurchóideach air féin. D’iompaigh an t-Athair de Buitléir na leathanaigh agus grainc ar a mhalaí.

“Céard é an truflais seo?” ar sé. “The Apache Chief! An é seo a léann tú i leaba staidéir a dhéanamh ar do chuid Staire Rómánaí? Ná aimsím tuilleadh den dríodar suarach seo sa choláiste seo. An fear a scríobh é, is dóigh liom gur suarachán éigean é a scríobhas na rudaí seo le haghaidh dí. Cuireann buachaillí mar aon leatsa iontas orm, sibh léannta,

  1. Iris finscéalaíochta scéalta a bhunaigh Alfred Harmsworth (foilsitheoir mór nuachtáin) sa Ríocht Aontaithe i 1893. Is éard a bhí mar aidhm aige, deireadh a chur le díol na ‘penny dreadfuls’ - sraith litríochta a fhoilsítí ar mhaithe le rath díolacháin i measc an lucht oibre seachas ar son ard-litríochta. An ról a bhí ag The Halfpenny Marvel, litríocht ghlan, shláintiúil a chur ina n-áit siúd