Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/26

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

agus ag léamh a leithéid de stuif. D’fhéadfainn é a thuiscint é dá mba... bhuachaillí na Scoile Náisiúnta sibh. Anois, Dillon, comhairle láidir duit, téigh i mbun oibre nó... ”

An lochtú seo le linn uaireanta stuama na scoile, bhain sé an barr de ghlór an Iarthair Fhiáin orm, agus dreach náireach ata Leo Dillon, dhúisigh sí ceann de mo choinsiasaí.

Nuair a bhí fad curtha idir mé agus tionchar sriantach na scoile áfach, thosaíos ag tnúth arís le mothúcháin fhiáine, leis an éalú nár léir dom fáil agam air ach amháin i gcroinicí an anoird. D'éirigh bréagchogaíocht an tráthnóna chomh leamh tuirsiúil le gnáthamh na scoile ar maidin faoi dheireadh mar gur theastaigh fíor-eachtraí uaim. Ach ní tharlaíonn fíor-eachtraí do daoine a fhanann sa bhaile, chonacthas dom: caithfear dul ar a dtóir ar an choigríoch.

Bhí na laethanta saoire ag drannadh liom nuair a bheartaigh mé briseadh amach ó leadrán shaol na scoile, ar a laghad ar feadh lae. Le Leo Dillon agus buachaill darb ainm Mahony a shocraíos lá éalaithe ón scoil. Choigil gach duine dhínn sé phingin. Chasfaimis lena chéile ag a deich a chlog ar maidin ag droichead na canála. Scríobhfadh deirfiúr mhór an Mhathúna leithscéal dó agus iarfadh Leo Dillon ar a dheartháir rá go raibh sé breoite. Bhí sé socraithe againn go rachaimis suas Wharf Road go dtiocfaimis chomh fada leis na longa. Ansin dhéanfaimis an turas trasna sa bhád farantóireachta agus shiúlfaimis amach chun an Pigeon House[1] a fheiceáil. Bhí faitíos ar Leo Dillon go mbuailfimis le Father Butler nó le duine éigean ón Choláiste, ach chuir Mahoney an cheist, rud ar chiallmhar é, cad chuige a bheadh an tAthair de Buitléir thall ag Tigh Pigeon.

  1. Is é an t-ainm atá ar an fhoirgneamh seo anois, Cumhachtstáisiún an Phoill Bhig (Poolbeg Generating Station as Anglais). Baisteadh Pigeon House air i gcuimhne fir darb ainm John Pidgeon. Bhí seisean ina airíoch ar an áit timpeall na bliana 1860. Usaideadh an foirgneamh mar stóras do longa ceannaíochta ar dtús