Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/27

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Chuir sin ar ár suaimhneas sinn: agus chuir mise an chéad chéim den chomhcheilg i gcrích nuair a bhailíos sé phingin as an bheirt eile, dá dtaispeáint mo shé phingin féin san am céanna. Nuair a bhíomar ag déanamh na socraithe deireanacha an tráthnóna roimh ré, bhí pas beag díocais orainn. Chroitheamar lámh lena chéile agus sinn ag gáire.

“Go amárach a mhéiteannaí,” a deir Mahoney.

Bhí codladh corrach agam an oíche sin. An mhaidin dár gcionn, ba mise an chéad duine ag an droichead ó tharla gur mise an té a bhí ina chónaí ba ghiorra dhó. Chuireas mo chuid leabhar i bhfolach san fhéar ard a bhí gar don pholl luatha ag bun an gháirdín, áit nár thaitin duine ná deoraí riamh. Leis sin, d’fhuirsíos suas bruach na canála. Ba mhaidin bhog ghrianmhar de chéad sheachtain Mhí an Mheithimh í. Shuíos in airde ar chóipeáil na canála agus mé ag breathnú go sásta ar mo bhróga fíneálta canbháis a sciúraigh mé go cáiréiseach le cré píopa le linn na hoíche. Lean mo shúile na capaill cheansa ó am go chéile fad is a tharraingíodar tram lán le daoine gnó suas an ard. Bhí gach géag de na crainn arda feadh na canála ag gáire le duilleóga beaga glasa geala agus shnigh solas na gréine tríothu ar an uisce. Bhí eibhirchloch an droichid ag tosú ag téamh suas agus thosaíos dá tapáil le mo bhos i dtúin leis an fhonn ceoil i mo cheann. Bhíos breá sásta.

Tar éis chúig nó deich nóiméad i mo shuí ann chonaiceas culaith liath Mahoney ag teacht i mo threo. Tháinig sé suas an aird agus meangadh gáire air, gur dhreap suas le mo thaobh ar an droichead. Fad is a bhíomar ag fanacht, tharraing sé amach an catapult a bhí ag cur bolg amach ar a phóca inmheánach agus léirigh dhom cuid de na feabhsaithe a bhí déanta aige air. D’fhiafraíos de cad chuige