Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/31

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

gan focal a rá, chonaic mise fear ag tarraingt orainn ón taobh thall den pháirc. D’amharcas go marbhánta air agus mé ag cogaint ar cheann de na gais ghlasa sin a ndéanann cailíní fáistine leo. Tháinig sé go mall feadh an bhruaigh. Shiúl le láimh amháin ar a chorróg. Bhí maide ar iompar sa láimh eile aige lenar thug sé mionbhuillí don talamh. Bhí sé gléasta go dona i gculaith i leith na glasduibhe agus hata le tóin ard air a dtugaimis jerry hat mar ainm air. Bhí cuma sách sean air lena chroiméal ar dhath na luaithe. Nuair a tháinig sé a fhad linn agus é ag siúl díreach thíos fúinn, dhearc suas orainn go sciobtha agus choinnigh air ar a bhealach. Leanamar é lenár súile agus chonaiceamar gur thosaigh sé ag filleadh ar ais tar éis tuairim is caoga coiscéim. Shiúl chugainn go han-mhall, ag tabhairt mionbhuillí don talamh lena mhaide i gcónaí. Bhí sé ag dul chomh mall is gur shíl mé go raibh ag cuardach rud éigean san fhéar.

Stop sé nuair a bhí thíos fúinn agus bheannaigh dhúinn. D’fhreagraíomar dó agus shuigh sé síos go mall agus go han-cháiréiseach taobh linn ar an fhána. Thosaigh ag caint faoin aimsir, dúirt go mbeadh samhradh an-te ann agus freisin go raibh athrú mór tagtha ar na séasúir ó bhí seisean ina ghasúr – i bhfad ó shin. Dúirt nach raibh amhras ann ach gurb é an tráth is sona i saol duine ná a laethanta scoile agus go dtabharfadh rud ar bith le bheith óg arís. D’fhanamar inár dtost gan suim againn ann fad is a nocht sé na tuairimí seo. Ansin thosaigh ag caint faoin scolaíocht agus faoi leabhair. D’fhiafraigh dhínn ar léamar filíocht Thomas Moore ná saothair Sir