Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/32

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Walter Scott agus Lord Lytton. Ligeas orm go raibh gach leabhar ar thagair sé dó léite agam, sa chaoi is go ndeir sé sa deireadh:

“Á, feicim gur léitheoir craosach thú, fearacht mise. Anois,” a deir sé, ag síneadh a mhéire i dtreo Mahoney a bhí ag breathnú orainn le súile móra, “tá seisean difriúil, is iad cluichí a rogha siamsa siúd.’

Dúirt sé go raibh gach saothar le Sir Walter Scott agus gach saothar le Lord Lytton sa bhaile aige agus nár thuirsigh riamh dá léamh. ‘Ar ndóigh, bhí roinnt leabhar de chuid an Tiarna Lytton ann nár thig le buachaillí a léamh.’ D’fhiafraigh Mahoney cén fáth nach bhféadfadh buachaillí iad a léamh – ceist a chráigh mise mar bhí faitíos orm go gceapfadh an fear go raibh mé féin chomh dúr le Mahoney. Ní raibh de fhreagairt ag an fhear ach meangadh gáire áfach. Chonaiceas go raibh mantanna móra ina bheal idir a fhiacla buí. Ansin d’fhiafraigh sé dhínn cé againn a bhí an líon ba mhó sweethearts aige. D’inis Mahoney go ciúin go raibh triúir stumpaí aige. D’fhiafraigh an fear díom cé méad a bhí agamsa. D’freagraíos nach raibh muirnín ar bith agamsa. Níor chreid sé mé agus dúirt go raibh sé cinnte dhe go raibh cailín amháin agam. Ní raibh focal uaim.

“Inis dom,” ar Mahoney go clóchasach, “cé méad atá agatsa?”

Rinne an fear meangadh gáire faoi mar a rinne roimhe sin agus dúirt go raibh neart muirníní aige nuair a bhí sé den aois chéanna linne.

“Tá muirnín beag,” a deir sé, “ag gach aon bhuachaill.”

Ba ait liom a oscailte is a bhí a dhearcadh ar an ábhar seo d’fhear dá aois. I mo chroí istigh cheapas gur chiallmhar a raibh ráite aige faoi bhuachaillí agus faoi mhuirníní. Níor thaitin