Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/13

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Níor mhaith liom go mbeadh páistí agamsa,” a dúirt sé, “rómhór le fear mar sin.”

“Céard atá i gceist agat as sin, a mhister Cotter,” a d’fhiafraigh m’aint.

“Is éard atá i gceist agam,” a dúirt an Sean-Chotter, “is dona an rud é do pháistí. An tuiscint atá agamsa, lig do bhuachaill óg rith agus súgradh le buachaillí dá aois féin, agus gan a bheith... An bhfuil an ceart agam, Jack?”

“Is é an dearcadh céanna agamsa é,” ar m’uncail. Lig dó foghlaim an fód a sheasamh as a stuaim féin. Is é sin a deirim i gcónaí leis an Rosicrucian[1] thall ansin: déan roinnt aclaíochta. Go deimhin féin, nuair a bhí mise i mo mhalrach, thógas folcadh fuair, geimhreadh agus samhradh. Agus is é sin a sheasas dom anois. Tá an t-oideachas maith go leor ann féin...

B’fhéidir go mblaisfidh an t-uasal Cotter bolgam den chaorfheoil sin,” a dúirt sé le m’aint mar aguisín.

“Arú, ná tabhair domsa é,” a dúirt an sean-Chotter.

Thóg m’aint pláta ón chófra feola agus chuir ar an tábla é.

“Ach cén fáth a mheasann tú nach ndéanann sé maith do pháistí, a uasail Cotter?” a d’fhiafraigh sí.

“Is dona an rud é dho pháistibh,” a dúirt an Seanchotter, “mar gheall ar a shaonta is atá a n-aigne. Nuair a fheiceann páistí rud mar sin, an bhfuil ‘fhios agat, bíonn tionchar aige... ”

Líon mé mo bhéal le leite ar fhaitíos go labhraínn amach le teann feirge. An Seanleibide bearránach dearg-shrónach! .................


Bhí sé déanach amach san oíche nuair a thit mé i mo chodladh. Cé go raibh mé ar buille leis an tSeanchoitir mar go raibh sé ag tagairt domsa mar a bheadh páiste ionam, bhíos do mo mhearú féin ag iarraidh adhmaid a dhéanamh as

  1. duine den Rosicrucian Fellowship, nó duine a leanas teagasc Rosicrucianism. Tá an cumann bunaithe ar leabhar theagasc mistíce la Max Hendel – Rosicrucian Cosmo-conception i. Tuiscint Chosmos lucht na Croise Deirge (1908). Bhí an cháil ar W.B. Yeats in Éirinn gur lean sé la traidisiún rúndiamhair ársa éigin. Is éard atá i gceist ag an uncail le Rosicrucian sa ghearrscéal seo, éan corr de dhuine a bhíos de shíor ara mharana