Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Bhain sé neart gal as a phíopa, gan dabht ag cur eagair ar a thuairim ina intinn féin. An seanbhreallaire bambairneach! Nuair a raibh aithne againn ar dtús air bhí sé suimiúil go leor, lena chaint faoi chama stile agus faoin bhraon broghach; ach ba ghearr gur éirígh mé dóite dá scéalta síoraí faoin tigh stile.

“Tá mo léamh féin agamsa ar an scéal,” a deir sé. Sílim gur ceann é seo de na... cásanna siúd faoi leith... Ach is deacair a rá...’

Thosaigh sé ag baint plaiceanna as a phíopa arís gan a léamh féin a nochtadh dhúinn. Chonaic m’uncail ag stánadh mé agus dúirt sé liom:

“Sea, is amhlaidh go mbeidh brón ort cloisteáil go bhfuil do sheanchara imithe.”

“Cé?” a deirim.

Father Flynn.”

“An bhfuil sé marbh?”

“Tá Mr Cotter anseo díreach tar éis é a rá linn. Bhí sé ag dul thar an teach.”

Bhí a fhios agam go rabhadar go léir ag coimhéad orm, agus mar sin lean mé orm ag ithe mar dhea nach raibh suim agam sa scéal. Mhínigh m’uncail an cás don tsean-Cotter.

“Bhí seisean agus an gasúr an-mhór lena chéile. Mhúin an fear críonna go leor dó, bíodh a fhios agat, agus deirtear go raibh an-chion aige air.”

“Go ndéana Dia trócaire ar a anam” ar m’aint go deabhóideach.

D’fhéach an sean-Chotter ormsa ar feadh tamaill. Mhothaíos a súile beaga dubha ag breathnú orm ach níor thugas de shásamh dhó go n-amharcfainn suas ó mo phláta. D’fhill sé ar a phíopa agus sa deireadh chaith smugairle go drochbhéasach sa tine.