Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

a abairtí neamhchríochnaithe. I ndorchadas mo sheomra, thaibhsigh aghaidh liath mhairbhiteach an phairilisigh. Tharraingíos na pluideanna thar mo cheann agus rinneas iarracht smaoineamh ar an Nollaig. Lean an aghaidh liath mé áfach. Labhair sí trína fiacla, agus thuig mé gur theastaigh uaithi faoistin a dhéanamh i rud éigean. D’airigh mé m’anam ag cúlú isteach i réigiún taitneamhach agus mailíseach; agus bhí sí siúd ag fanacht orm ansin freisin. Thosaigh sí ag déanamh faoistine liom i gcogarnach chainte agus ba iontas liom cúis an mheangadh gáire a rinne sí gan stad liom agus cad ina thaobh taise na liopaí. Ansin áfach, tháinig sé chun cuimhne dhom go bhfuair sé bás de phairilis agus shamhlaíos go raibh mé féin ag déanamh gáire fann freisin, mar a bheinn ag tabhairt aspalóide don tsíomóntaí ina pheaca.[1]

Maidin lá arna mhárach tar éis chuid na maidine, chuaigh mé soir chuig an teach ar Shráid Great Britain[2] chun amhairc air. Ba theach neamhphostúil é, cláraithe faoin ainm doiléir Drapery. Is iad na hearraí ba mhó sa tsiopa, éadaí nó buataisíní páistí agus scáthanna báistí. De ghnáth, bhíodh fógra crochta suas san fhuinneog le Umbrellas Re-covered scríofa air. Ní raibh aon fhógra ann anois, mar bhí na comhlaí tarraingthe anuas ar na fuinneogaibh. Bhí crobhaing créipe ceangailte de bhoschrann an dorais le ribín. Bhí beirt bhan bocht ag léamh an chárta a bhí greamaithe den chréip le biorán. Dhruid mé leis agus léigh:

July 1st, 1895

The Revd James Flynn (formerly of

S. Catherine’s Church, Meath Street),

aged sixty-five years.

R.I.P.

  1. Is é easpag an t-aon duine is féidir leis aspalóid a thabhairt do shagart i bpeaca na síomóntachta.
  2. Sráid Pharnell an t-ainm atá ar an tsráid anois, in ómós don pholaiteoir náisiúnach Éireannach, Charles Stewart Parnell. Tá trácht ar siúd i scéal eile den chnuasacht scéalta seo (Lá an Éidhneáin i Seomra an Chiste)