Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Thug Nannie sampla dhúinn agus chuamar síos ar ár nglúine ag bun na leapan. Ligeas orm guí a dhéanamh ach bhí sé fánach orm tabhairt mo mheanman fúithi mar bhí monabhar na seanmhná do mo bhuaireamh. Thugas suntas do a amscaí is a bhí a gúna ceangailte taobh thiar di agus thugas suntas do shálaibh a buataisí a bhí ídithe síos ar thaobh amháin. Bhuail an nóisean mé go raibh aoibh an gháire ar an tsagart istigh ina chónra.

Ní raibh áfach. Chonaiceas nach raibh aoibh an gháire air nuair a d’éiríomar aníos a dhruidim le ceann na leapan. Bhí sé ina luí ansin go forleitheadach foisteanach agus é feistithe mar a bheadh ag dul chun na haltóra, le cailís fostaithe go bog ina lámha móra. Aghaidh ghairgeach, liath agus ollmhór a bhí romhaim, le polláirí dubha cuasacha agus ciorclaithe le clúmh bán scáinte. Bhí boladh láidir sa tseomra - na bláthanna.

Choisriceamar sinn féin agus d’fhágamar é. Sa tseomra beag síos staighre, bhí Eliza ina suí romhainn sa chathaoir uillinne a ngnáthaíodh seisean. Bhraitheas mo shlí romham chuig an chathaoir sa chúinne ina shuíodh mise de ghnáth agus shiúl Nannie chuig an chlár sleasa a tharraingt amach crúsca seirise agus roinnt fíonghloinní. Leag sí ar an bhord iad agus thug cuireadh dhúinn gloine beag fíona a thógáil. Ansin, faoi ordú a deirféar, líon sí na gloiní agus shín chugainn iad. D’iarr sí orm roinnt cream crackers a thógáil ach dhiúltaíos iad mar bhí faitíos orm go ndéanfainn an iomarca torainn dá n-ithe. Shílfeá gur chuir m’eiteach pas beag díomá uirthi. Chuaigh sí sall go ciúin chuig an tolg agus shuigh síos