Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/23

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

heochracha agus d'osclaíodar an séipéal agus thóg an cléireach agus Father O’Rourke agus sagart eile a bhí ann, thógadar lóchrann isteach chun a chuardaigh… agus cén bhrí ach bhí sé rompu ansin ina shuí ina lándúiseacht leis féin sa dorchadas ina bhosca faoistine agus é ag gáire go ciúin leis féin.”

Stop sí go tobann mar a bheadh ag éisteacht. Chuir mise cluas le héisteacht orm freisin ach ní raibh fuaim dá laghad sa tigh: agus bhí a fhios agam go raibh an seansagart ina luí ina chónra i gcónaí, faoi mar a chonaiceamar é, le cailís díomhaoin ar a ucht.

Labhair Eliza an athuair:

“Ina lándúiseacht agus é mar a bheadh ag gáire leis féin… agus mar sin nuair a chonaic siad sin ansin, is é sin a thug an smaoineamh ina gceann go raibh rud éigean ar cearr leis...”